Nuacht an Tuaiscirt:Líomhaintí faoi dhúnmharú Danielle McLaughlin

Nuacht an Tuaiscirt:Líomhaintí faoi dhúnmharú Danielle McLaughlin

Danielle McLaughlin

Tá líomhaintí déanta ag an fhear atá cúisithe as Danielle McLaughlin as Bun Cranncha a dhúnmharú san Ind i mí an Mhárta, gur triúr dá chairde a mharaigh í os a choinne, agus go ndearna seisean iarracht í a shábháil.  Scríobh an fear atá cúisithe, Vikat Bhagat, litir chuig a dheirfiúr, áit a dtabharann sé a leagan féin don méid a tharla an lá a dúnmharaíodh Danielle McLaughlin. Níl teaghlach Danielle Mc Laughlin ag glacadh leis an méid atá a rá ag an fhear sa litir. Deir dlíodóir Danielle, Des Doherty, nach bhfuil tuairiscí mar seo ag cuidiú leis an chás agus go bhfuil easpa fianaise ag baint leis na líomhaintí atá déanta ag Bhagat.

Stádas speisialta do na Sé Chontae 

Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, go bhfuil sé soiléir i ndiaidh cruinnithe leis na coimisinéirí ioncaim inné an tábhacht stádas speisialta a bhaint amach do na 6 Chontae nuair a fhágfas an Bhreatain Aontas na hEorpa. Rinne na Coimisinéirí Ioncaim cur i láthair do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí faoin tionchar a bhéas ag imeacht na Breataine ó Aontas na hEorpa ar thaisteal trasteorainn ag cruinniú de Chomhchoiste Airgeadais an Oireachtais inné. Tugadh le fios go mbeidh Aonaid Seiceála do leoraithe a bheas ag iompar lastais ar dhá thaobh na teorann nó cóngarach go leor don teorainn, b'fhéidir 10 nó 15 ciliméadar ar shiúl ón teorainn.  Dúradh go mbeadh monatóireacht a dhéanamh ar na leoraithe ag na h-aonaid. Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go ndéanfaidh an cinneadh seo dochar mór don chontae ach nach bhfuil eolas a thabhairt ag an Rialtas ar chaidé go díreach atá beartaithe go fóill.

Ospidéal Leitir Ceanainn 

Tá brú arís inniu ar Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn mar gheall ar phlódú. 29 atá ar thralaithe san aonad inniu agus iad ag fanacht ar leapacha, sin laghdú de dheichniúr ar an méid a bhí ar thralaithe san otharlann inné. Táthar ag cur i gcuimhne arís don phobal go mbeidh moill fhada ar dhuine ar bith a dhéanann freastal ar an aonad inniu agus moltar don phobal freastal ar a ndochtúirí teaghlaigh.

Sábháilteacht ar bhóithre

Tá Oifigeach Sábháilteachta na mBóithre i nDún na nGall, Brian Ó Domhnaill, ag iarraidh a chur i gcuimhne arís do thiománaithe go bhfuil sé in éadan an dlí a bheith ag úsáid a nguthán phóca le linn daofa a bheith ag tiomáint. Thug sé le fios go mbeirtear ar 76 duine, ar an mheán, achan lá agus iad ag úsáid á ngutháin phóca le linn daofa a bheith ag tiomáint, ach dúirt sé, go bhfuil i bhfad níos mó daoine, nach mbeirtear orthu, atá i mbun an droch nós seo. Caithfear a chur ina luí ar an phobal chomh contúirteach agus atá sé a bheith ag úsáid guthán póca agus tú ag tiomáint agus go bhfuil an nós seo chomh holc céanna le bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil, a dúirt Brian Ó Domhnaill. 

Ceantar Bardais na nGleanntach

Tá sé tugtha le fios ag Cathaoirleach Cheantar Bardais na nGleanntach, an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easbaig, go bhfuil teagmháil déanta aige le Teachtaí Dála na contae ag lorg a gcomhoibriú le linn dó a bheith sa chathaoir. Tá iarratas déanta ag an Chomhairleoir Mac Giolla Easbaig go gcasfaidh Teachtaí Dála na contae leis le plé a dhéanamh ar an dóigh is fearr le feabhas a chur ar éifeachtúlacht an choiste.  Dúirt sé go bhfuil sé fíor thábhachtach go mbeadh comhoibriú idir na Comhairleoirí Contae agus na Teachtaí Dála ar mhaithe leis an chontae agus ceantar bardais na nGleanntach a bhfuil sé féin mar Chathaoirleach air.

Taisme bóthar

Fuair fear a gortaíodh i dtaisme bóthar a tharla ar bhealach an N15 idir Baile Dhún na nGall agus Béal Átha Seanaigh De Luain bás in Otharlann Shligigh. Tharla an taisme ag Baile an tSrátha ar bhealach an N15 i dtrátha an mheán lae nuair a bhuail carr agus leoraí in éadan a chéile. Tugadh an bheirt a bhí ag taisteal sa charr go otharlann Shligigh, áit a bhfuair tiománaí an chairr, fear sna seachtóidí as Meiriceá a bhí ar cuairt sa chontae, bás de bharr na ngortuithe a bhain dó.

Cruinniú Pléanála Teanga

Beidh cruinniú ag Grúpa Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir anocht ar an Éadan Anfach, le coiste a bhunú agus baill úra a mhealladh le bheith páirteach sa ghrúpa.  Dúirt Seán Ó Gallchóir, Cathaoirleach an Ghrúpa as Gleann Fhinne, go bhfuil an grúpa ag iarraidh ar choistí pobail, clubanna óige agus scoltacha freastal ar chruinniú na hoíche anocht, le cinntiú go mbeidh ionchur acu sa phróiseas, agus dúirt sé go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh ionadaí ó achan bhaile sa cheantar ina mbaill den ghrúpa.  Táthar ag iarraidh coiste láidir a bhunú agus tuairimí an phobail a fháil ar an phlean. Beidh an cruinniú ar siúl i Halla an Éadain Anfaigh ar 8 a chlog anocht.

Comharchumainn na nOileán

Deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill go bhfuil brú ollmhór ar chomharchumainn, go háirithe ar chomharchumainn na nOileán agus go bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an mhaoiniú a cheadaítear daofa. Rinne sé a chuid cainte ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán sa tSeanad tráthnóna inné.  Dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill nach bhfuil an maoiniú a cheadaítear do chomharchumainn Ghalltachta agus Ghaeltacha ar chomhchéim agus go gcreideann sé gur cheart go mbeadh na comharchumainn Ghaeltachta ag fáil níos mó airgid mar go bhfuil dualgaisí breise orthu. Tá €250,000 sa bhreis ar fáil do na comharchumainn ó Údarás na Gaeltachta sa bhuiséad reatha, ach dúirt sé gur bheag an méid seo nuair a dhéantar é a roinnt idir na comharchumainn ar fad. Tá na comharchumainn, go háirithe ar na hoileáin, ag déanamh obair iomlán an stáit agus caithfear tacaíocht níos fearr a chur ar fáil daofa, a dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill.

Ionad Cuairteoirí Theach Solais Fhánada

Dhéanfaidh an tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt Patrick O' Donovan an chéad fhód a thiompú ar Ionad Cuairteoirí Theach Solais Fhánada inniu. Tá carr chlós á thógáil ag an ionad chomh maith le leithris agus bialann. Cosnóidh an obair atá á maoiniú ag Fáilte Éireann agus ag Coimisinéir Tithe Solais na hÉireann €450,000. Dúirt bainisteoir Theach Solais Fhánada, Éimear Ní Mhathúna, go dtabharfar eolas don Aire ar an obair atá ar siúl acu, agus ar fhéidearthachtaí an cheantair.  Casfaidh an tAire chomh maith inniu le Comhairle Contae Dhún na nGall, áit a bpléifear Straitéis Turasóireachta na Contae.

MS Astor sna Cealla Beaga

Táthar ag dréim le suas le míle duine sna Cealla Beaga maidin amárach nuair a bhéarfaidh long turasóireachta as an Ghearmáin cuairt ar an bhaile.  Seo an chéad uair don MS Astor a theacht i dtír sna Cealla Beaga agus táthar ag dréim leis sa cheantar i dtrátha 8.30 ar maidin.  Beidh an long ag fanacht sna Cealla Beaga go tráthnóna agus beidh deis ag na paisinéirí am a chaitheamh ar an bhaile.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An tuairisc spóirt.

An tuairisc spóirt.

 
Ray Yates, Oifigeach Ealaíona le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Ray Yates, Oifigeach Ealaíona le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

 
Pádraic Déiseach.

Pádraic Déiseach.

 
An tAire Stáit Seán Kyne.

An tAire Stáit Seán Kyne.

 
Eoin Ó Catháin.

Eoin Ó Catháin.

 
Siobhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta.

Siobhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta.

 
Na Príomhscéalta Nuachta.

Na Príomhscéalta Nuachta.

 
Seán Mistéal.

Seán Mistéal.

 
Pat Ó Dubháin agus Séamus Ó Laoithe.

Pat Ó Dubháin agus Séamus Ó Laoithe.

 
Oíche Chultúir 2017.

Oíche Chultúir 2017.

 
An Dr. Tomás L. Ó Murchú.

An Dr. Tomás L. Ó Murchú.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 22 Meán Fómhair 2017.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 22 Meán Fómhair 2017.

 
Damien Ó Dónaill, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Damien Ó Dónaill, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Eithne Ní Ghallchóir.

Eithne Ní Ghallchóir.

 
Máire Ní Chasaide , Dónal Ó Cnáimhsí, An tAire Stáit Joe Mc Hugh, Aodán Mac Cormaic, agus Anna Ní Ghallchóir.

Máire Ní Chasaide , Dónal Ó Cnáimhsí, An tAire Stáit Joe Mc Hugh, Aodán Mac Cormaic, agus Anna Ní Ghallchóir.

 
Denis Mac Géidigh ó Leabharlann Ghaoth Dobhair.

Denis Mac Géidigh ó Leabharlann Ghaoth Dobhair.

 
Eimear Nic Mhathúna ó Theach Solais Fhanada agus Helena Nic Laifeartaigh.

Eimear Nic Mhathúna ó Theach Solais Fhanada agus Helena Nic Laifeartaigh.

 
Gearóid Mac Donnchadha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gearóid Mac Donnchadha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Barrscéalta,: Dé hAoine:  Clár iomlán, 22 Meán fómhair 17.

Barrscéalta,: Dé hAoine: Clár iomlán, 22 Meán fómhair 17.

 
Aodh Ó Coileáin, Diarmuid de Faoite agus Trevor Ó Clochartaigh.

Aodh Ó Coileáin, Diarmuid de Faoite agus Trevor Ó Clochartaigh.

 
Séamus Breathnach, Féile Siúlóide Chárna.

Séamus Breathnach, Féile Siúlóide Chárna.

 
Máire Ní Neachtain, Coiste Stiúrtha Fhóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga.

Máire Ní Neachtain, Coiste Stiúrtha Fhóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga.

 
Máirtín Ó Conghnámha, Cathaoirleach Chomhairle Slatiascairí Chonnacht.

Máirtín Ó Conghnámha, Cathaoirleach Chomhairle Slatiascairí Chonnacht.

 
Agnes McGrath, Ros Dumhach i Maigh Eo.

Agnes McGrath, Ros Dumhach i Maigh Eo.

 
An tAire Stáit Joe Mc Hugh, Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta.

An tAire Stáit Joe Mc Hugh, Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Dochartaigh, Berlin .

Pádraig Ó Dochartaigh, Berlin .

 
Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Pleananna Teanga Gaeltachta– na chéad trí cinn seolta.

Pleananna Teanga Gaeltachta– na chéad trí cinn seolta.

 
Seán Mac Dhabhoc, Príomhoide - Coláiste na Coiribe.

Seán Mac Dhabhoc, Príomhoide - Coláiste na Coiribe.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchtaire agus iriseoir.

Áine Ní Chiaráin, tráchtaire agus iriseoir.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta ,RTÉ Raidió Na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta ,RTÉ Raidió Na Gaeltachta.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Seán Ó Murchú, as Eanach Cuain.

Seán Ó Murchú, as Eanach Cuain.

 
Ciarán Ó Ceallaigh, ó Éigse Dhara Beag Ó Fátharta, in Inis Meáin.

Ciarán Ó Ceallaigh, ó Éigse Dhara Beag Ó Fátharta, in Inis Meáin.

 
Tuairisc Spórt.

Tuairisc Spórt.

 
Eoghan Corry ó Travel Extra.

Eoghan Corry ó Travel Extra.

 
Clíodhna O’Neill.

Clíodhna O’Neill.

 
Tomás Mac Pháidín.

Tomás Mac Pháidín.

 
Mícheál Ó Leidhin agus Patsy Mac Giolla Eoin.

Mícheál Ó Leidhin agus Patsy Mac Giolla Eoin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Maidhcí Ó Súilleabháin, Léiritheoir feidhmeach le Nemeton i Rinn Ua gCuanach.

Maidhcí Ó Súilleabháin, Léiritheoir feidhmeach le Nemeton i Rinn Ua gCuanach.

 
Cormac Ó Beaglaoich.

Cormac Ó Beaglaoich.

 
Don Ó Laoire, Fear gnó agus fiontraí.

Don Ó Laoire, Fear gnó agus fiontraí.

 
Susan Ní Churnáin.

Susan Ní Churnáin.

 
Nuala Moore.

Nuala Moore.

 
An Saol Ó Dheas: Déardaoin 21 Meán Fómhair 2017.

An Saol Ó Dheas: Déardaoin 21 Meán Fómhair 2017.

 
Eilís Barrett.

Eilís Barrett.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Siamsaíocht na hAoine

Siamsaíocht na hAoine

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Údar Cainte

Údar Cainte

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís