Nuacht an Tuaiscirt: Seirbhísí Meabhairshláinte

Nuacht an Tuaiscirt: Seirbhísí Meabhairshláinte

Seirbhísí Meabhairshláinte

Tá leithcheal a dhéanamh ar dhaoine óga i nDún na nGall a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu mar go bhfuil athbhreithniú go fóill a dhéanamh ar Theach Cleary i Leitir Ceanainn, a deir an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn.  Druideadh an t-aonad do pháistí leochaileach i mí na Bealtaine anuraidh mar gur theip ar an aonad coinníollacha caighdeánach HIQA a chomhlíonadh.  Tá ceist tógtha ag an Seanadóir Mac Lochlainn faoin laghad oibrithe TUSLA atá ag feidhmiú i nDún na nGall agus tá imní léirithe ag a chomhghleacaithe i Sinn Féin faoin líon ard daoine óga atá ar liostaí feithimh na seirbhísí meabharshláinte sa chontae.  Níl sé sásúil go bhfuil bliain ar shiúl thart agus go bhfuil Theach Cleary go fóill druidte agus athbhreithniú go fóill ar bun, a dúirt an Seanadóir Mac Lochlainn.

Ceant

Cuirfear sé cinn de mhaoin i nDún na nGall ar ceant i nGaillimh tráthnóna inniu.  Beidh dhá theach ar an Luinnigh i nGaoth Dobhair, atá in eastát tithíochta ina bhfuil seacht dteach, a chur ar ceant, teach ceithre sheomra leapa ar threoir luach de €95,000 agus teach trí sheomra leapa ar threoir luach de €75,000.  Cuirfear teach trí sheomra leapa i Rath Mealtáin, a bhfuil go leor oibre le déanamh air, ar ceant ar threoir luach de €20,000.  Beidh teach leath scoite le trí sheomra leapa i mBaile na nGallóglach a dhíol ar ceant, agus tá €55,000 luaite leis.  Tá suíomh 48 acra le cur ar ceant i Rosgier i Leifear agus tá €150,000 luaite leis.  Cuirfear seacht dteach cónaithe nach bhfuil ach leath thógtha ar Bhóthar Leitir Ceanainn i gConbhuigh ar ceant inniu fosta, agus tá €375,000 luaite leis an díolachán sin.  Is iad ceantálaithe O'Donnellan & Joyce atá i mbun an cheant, a bheas ar siúl inniu in Óstán Harbour Hotel i nGaillimh.

Suirbhé geolaíoch

Tá an suirbhé geolaíoch atá ar bun ag an chomhlacht Tellus ag díriú ar iarthar Dhún na nGall anois agus beith eitleán an chomhlachta le feiceáil go rialta sa spéir sna seachtainí amach romhainn.  Bíonn an t-eitleáin seo ag eitilt ag leibhéal iontach íseal, 60 meadar ar airde agus ag díriú ar eolas a bhailiú faoi ghnóthaí timpeallachta, bainistiú créafóige agus acmhainní nádúrtha.  Meastar go nglacfaidh sé roinnt mionnaí iarthar na contae a scrúdú mar pháirt den suirbhé.  Rinneadh suirbhé ar Oirthear Dhún na nGall in 2011 agus tá súil ag an chomhlacht go mbeidh 50% den tír clúdaithe acu roimh dheireadh na bliana....

Dylan Crawford

Beidh Aifreann speisialta i gcuimhne ar Dylan Crawford as Cúil na gCuirridín, a fuair bás i Manchain ar an tseachtain is a chuaigh thart, a cheiliúradh i dTeach Pobail Phádraig, Cúil na gCuirridín ar a 7.30 tráthnóna inniu.  Fuaireas corp Dylan Crawford, 20 bliain d'aois, i gcarrchlós, i Manchain, luath ar maidin, ar an dara lá déag d'Aibreán.  Tá díomá ar thuismitheoirí Dylan, Austin agus Andrina, faoin easpa eolais, a deir siad, atá ar fáil ó phóilíní i Manchain faoi bhás a mic, agus deir siad go bhfuil siad ag iarraidh socraithe a dhéanamh corp a mic a thabhairt ar ais na bhaile.  Níor léirigh torthaí an scrúdaithe iar bháis an cúis báis, agus dá bharr sin tá fiosrúcháin ag leanstan ar aghaidh le cúis a bháis a aimsiú.  Ghabh póilíní atá ag fiosrú bás Dylan Crawford beirt fhear, agus tá siad ag lorg an tríú fear a measann siad a raibh baint aige lena bhás.

Éigse Uladh

Dhéanfaidh an phearsa aitheanta as Rann na Feirste Aodh Óg O Duibheannaigh Éigse Uladh a oscailt go hoifigiúil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair tráthnóna inniu.  Bhéarfaidh Noel Ó Gallchóir caint agus cur i láthair ar théama na hÉigse, Máire Neidí Nic Giolla Easpaig a saol agus a saothar, múinteoir, aisteoir, léiritheoir drámaí agus pearsa pobail.  Beidh taispeántais pictiúir ar shaol Mháire san Acadamh anocht.  Beidh imeachtaí ar siúl san Chrannóg agus in Amharclann Ghaoth Dobhair amárach mar pháirt den Éigse.  Tá an Éigse a reáchtáil ag Coiste Éigse Uladh i gcomhair le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair  

Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Hannah Ní Bhaoill.

Hannah Ní Bhaoill.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Barbara Uí Chathail

Barbara Uí Chathail

 
Dónal Mac Daibhéad. 2.

Dónal Mac Daibhéad. 2.

 
Dónal Mac Daibhéad  1.

Dónal Mac Daibhéad 1.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  23-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 23-05-2018.

 
Alicja Mankowska-Léachtóir Gaeilge sa Pholainn

Alicja Mankowska-Léachtóir Gaeilge sa Pholainn

 
Dessie Mone   agus  Mark Harte.

Dessie Mone agus Mark Harte.

 
Hughie Rua Ó Gallachóir.

Hughie Rua Ó Gallachóir.

 
Dinny Mc Cullough.

Dinny Mc Cullough.

 
Séamus Ó hOireachtaigh.

Séamus Ó hOireachtaigh.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscealta Dé Luain 21-05-2018.

Barrscealta Dé Luain 21-05-2018.

 
Dr. Ríona Ní Fhríghil, urlabhraí, Cearta Oideachais.

Dr. Ríona Ní Fhríghil, urlabhraí, Cearta Oideachais.

 
Tuairisc ó Chóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

Tuairisc ó Chóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

 
Aoife Ní Shúilleabháin, Gaeil ar Son Rogha & Niamh Uí Bhriain, Feachtas in aghaidh an hAisghairme.

Aoife Ní Shúilleabháin, Gaeil ar Son Rogha & Niamh Uí Bhriain, Feachtas in aghaidh an hAisghairme.

 
Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde, Cathaoirleach Chumann Tionscail agus Tráchtála Ghaoth Dobhair

Hughie Mac Giolla Bhríde, Cathaoirleach Chumann Tionscail agus Tráchtála Ghaoth Dobhair

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair

Nuacht an Iarthair

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Diarmuid Ó Donnabháin

Diarmuid Ó Donnabháin

 
Breandán Ó Cróinín

Breandán Ó Cróinín

 
Nell Ní Chróinín

Nell Ní Chróinín

 
Tadhg Ó Riordáin

Tadhg Ó Riordáin

 
An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

 
Síle Uí Ghallachóir.

Síle Uí Ghallachóir.

 
Edel Ní Chuireáin.

Edel Ní Chuireáin.

 
Deirdre Nic Suibhne.

Deirdre Nic Suibhne.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Madge Uí Ghradaigh.

Madge Uí Ghradaigh.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Treasa Ní Ghallachóir.

Treasa Ní Ghallachóir.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

 
Díospóireacht ar an 8ú leasú

Díospóireacht ar an 8ú leasú

 
Breanndán Ó Beaglaoich, Heidi Talbot, Paul Meehan

Breanndán Ó Beaglaoich, Heidi Talbot, Paul Meehan

 
Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

 
Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

 
Cailíní an Chamino

Cailíní an Chamino

 
An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

 
Noel Ó Dubhgáin.

Noel Ó Dubhgáin.

 
Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

 
Karen Campbell.

Karen Campbell.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís