Nuacht an Iarthair: Cruinniú práinneach

Nuacht an Iarthair: Cruinniú práinneach

Cruinniú práinneach

Tá cruinniú práinneach tarraingthe ag Cumann Thithe Altranais Príobháideacha na hÉireann i mBaile Cláir amárach ag a bpléifear socruithe nua do dhaoine a dteastaíonn tuilleadh aire uathu tar éis dóibh a bheith san ospidéal. Ní thugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte deis do dhaoine anois dul chuig a rogha teach altranais i gContae na Gaillimhe sa gcás agus go dteastaíonn aire agus cúnamh uathu ar feadh píosa nuair a thagann siad amach as an ospidéal.  Má théann duine chuig teach altranais taobh amuigh de na ceanna atá roghnaithe ag an bhFeidhmeannacht caithfidh an té sin íoc as. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa tóir faoi láthair ar thairiscintí ó thithe altranais a bheadh sásta leapacha a chur ar fáil, ach caithfidh na tithe altranais sin a bheith i bhfoisceacht 30 cileaméadar de chathair na Gaillimhe de réir na dtéarmaí atá leagtha síos ag an bhFeidhmeannacht.  Dúirt Cumann na dTithe Altranais nach bhfuil an socrú sin i gclár ná i bhfoirm agus gur cheart go bhféadfadh daoine dul chuig a rogha teach altranais.  Tá cuireadh tugtha do Theachtaí Dála agus d'ionadaithe poiblí eile chuig an gcruinniú in Óstán Bhaile Cláir ag a 4.00 a chlog tráthnóna amárach.

Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh


Ní raibh an oiread daoine ag fanacht ar thralaithe in Ospidéal na hOllscoile, i nGaillimh riamh agus a bhí an mhí seo caite de réir na bhfigiúirí atá foilsithe ag Cumann na nAltraí agus na mBancabhrach. 638 duine a bhí ag fanacht le leaba a fháil san ospidéal i mí an Mhárta - sin ionann is 100 duine níos mó ná mar a bhí ann i Márta na bliana seo caite. 12 duine atá ar thralaithe san ospidéal inniu.

Múinteoirí 

Dúirt Rúnaí Chraobh Chonnacht de Cheardchumann an INTO, Michéal S. Mac Donncha gurbh fhearr leis féin go mbeadh daoine nó eagraíocht taobh amuigh de na scoileanna, cosúil leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, ag cur oiliúna ar fáil do na scoileanna uilig ó taobh an Pholasaí Oideachais Gaeltachta. Ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt sé gur cheart níos mó oiliúna a chur ar thuismitheoirí agus ar bhoird bhainistíochta mar gurb iadsan a chaithfidh cinneadh a dhéanamh faoin bpolasaí i ndeireadh an lae. Dúirt sé go bhfuil go leor ceisteanna praiticiúla nach bhfuil réitithe fós, cosúil le ceisteanna faoin tumoideachas agus an n-oibreoidh an polasaí i scoileanna ina bhfuil beirt mhuinteoirí, áit a bhfuil trí nó ceithre rang ag 'chaon mhúinteoir.

Tubaiste héileacaptair

Dúirt lucht an Aonaid Fiosraithe Timpistí Aeir gur lean siad an cleachtas idirnáisiúnta agus reachtaíocht náisiúnta nuair a d'fhoilsigh siad an réamh-thuarascáil faoin tubaiste aeir a tharla amach ó chósta an Fhóid Dhuibh i gContae Mhaigh Eo. Rinne siad an ráiteas mar fhreagra ar an gcáineadh láidir a rinne Cumann Píolótaí Aerlínte na hÉireann inné faoin mbealach ar foilsíodh an t-eolas a bhí ar an taifead deiridh a bhí ar héileacaptar 116 an gharda cósta. Dúirt an lucht fiosruithe gur chreid siad go raibh an-tábhacht le foilsiú an eolais mar go dtabharfadh sé tuiscint níos fearr do ghaolta na marbh, do lucht eitleoireachta agus do phíolótaí ar fud an domhain faoi chuile bhlas a tharla sular tharla an timpiste. Dúirt siad freisin go leanfadh siad orthu lena bhfiosrúchán faoin tubaiste nó go mbeidh sé críochnaithe acu. Dúradh go mbíonn fiosrúcháin den tsórt seo príobháideach agus rúnda agus nach mbeadh aon bhlas á rá faoi ach an méid a bheadh le foilsiú.

Portaigh

Ar an 27 lá den mhí seo a thosófar an staidéar eolaíochta atá le déanamh ar phortaigh as an Spidéal siar chomh fada le crosbhóthar Scríbe féachaint cé na portaigh a bheidh le baint amach as ceantair speisialta caomhnaithe SPA. Thug Maidhc Ó Curraoin ó Choiste Caomhnaithe Cladaigh agus Criathraigh Chonamara le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta gur ar na portaigh i gCamus a chuirfidh an t-eolaí Jackie Hunt tús lena cuid taighde ar feadh dó nó trí de laethanta roimh dheireadh na míosa. Beidh sí ag iarraidh casadh le húinéirí na bportach na laethanta sin agus a gcuid straidhpeanna a shiúl. Beidh a fhios tar éis an staidéir an mbeifear in ann portaigh a bhaint amach as an gceantar speisialta caomhnaithe nó an gcaithfear iad a fhágáil ann.

Príomhchathair chultúrtha

Reáchtálfar cruinniú poiblí i dTeach na Cúirte in Uachtar Ard ag a 7.00 a chlog tráthnóna inniu faoi stádas na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa sa mbliain 2020. Tá lucht an choiste ag iarraidh go mbeadh muintir na Gaillimhe i gcroílár an fheachtais. Tabharfar eolas ag an gcruinniú faoin gcaoi a ndéanfar iarracht borradh a chur faoi Ghaillimh sna blianta seo amach romhainn. Tabharfar léargas freisin faoi chéard a chiallóidh an stádas do phobal ar nós pobal Uachtar Ard agus faoin gcaoi a bhféadfaidh daoine a bheith páirteach sa bhfeachtas. 

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

 
Johnny Ó Colla.

Johnny Ó Colla.

 
Máire Ní Chomhaill.

Máire Ní Chomhaill.

 
Gavin  Ó Ceallaigh agus Josephine.

Gavin Ó Ceallaigh agus Josephine.

 
Hughie Mac Suibhne.

Hughie Mac Suibhne.

 
Marjorie Uí Charúil.

Marjorie Uí Charúil.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

 
Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

 
Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

 
Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

 
Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Eilís Bairéad.

Eilís Bairéad.

 
Máire Nic Gairbheith.

Máire Nic Gairbheith.

 
Rozanne Ní Ghallachóir.

Rozanne Ní Ghallachóir.

 
Treasa Ní Ghallachóir

Treasa Ní Ghallachóir

 
Pól Ó Frighil.

Pól Ó Frighil.

 
Rosa Glackin.

Rosa Glackin.

 
Ailbhe Ó Monachain.

Ailbhe Ó Monachain.

 
Jimí Hughie Mac Suibhne.

Jimí Hughie Mac Suibhne.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

 
Barrscealta 24-05-2018

Barrscealta 24-05-2018

 
Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

 
Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Hannah Ní Bhaoill.

Hannah Ní Bhaoill.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Barbara Uí Chathail

Barbara Uí Chathail

 
Dónal Mac Daibhéad. 2.

Dónal Mac Daibhéad. 2.

 
Dónal Mac Daibhéad  1.

Dónal Mac Daibhéad 1.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  23-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 23-05-2018.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Rónán Beo

Rónán Beo

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís