Nuacht an Tuaiscirt: Danielle Mc Laughlin

Nuacht an Tuaiscirt: Danielle Mc Laughlin

Danielle Mc Laughlin

Tá an dlíodóir atá i gceannas ar an fheachtas 'Truth for Danielle' ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí i láthair ag an Fhéile i nGoa san Ind ar an mhí is a chuaigh thart, an fhéile céanna a raibh Danielle Mc Laughlin i láthair aige, aon taifid nó pictiúirí atá acu a chur ar fáil daofa.  Tá an feachtas idirnáisiúnta ag iarraidh a chinntiú go gcuirfear an dlí ar an té a rinne Danielle Mc Laughlin as Bun Crannacha a éigniú agus a dhúnmharú le linn na féile seo san Ind, ar an tríú lá déag de mhí Mhárta na bliana seo.  Dúirt an Saor Iriseoir Séamus Mac Cionnaith inniu go raibh eagla ar an Teaghlach nach ndéanfaí fiosrúcháin ceart ar an chás agus d'fhostaigh siad dlíodóir úr a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, sé sin Des Doherty as Doire, le fiosrúcháin iomlán ceart a dhéanamh ar chás Danielle.

Otharlanna

Deir Seán Ó Gallchóir as Gleann Fhinne, ata gníomhach sa Ghrúpa Sábháil ár nOtharlanna, nach bhfuil san mhéid a d'fhógair an tAire Stáit Diaspora Joe Mc Hugh ar an tseachtain is a chuaigh thart, maidir le hOtharlanna pobail Rath Mealtáin, Leifear agus Srath an Urláir ach plean go fóill, agus go gcaithfear maoiniú a cheadú.  Fógraíodh an tseachtain is a chuaigh thart go bhfuil infheistíocht de €4m le déanamh in Otharlanna Rath Mealtáin agus Srath an Urláir.  Deir Seán Ó Gallachóir go bhfuil eagla ar dhaoine go fóill i gceantar Shrath an Urláir go ndruidfear an Otharlann agus go mbogfar na hothair go dtí'n Otharlann úr atá beartaithe a thógáil i Leitir Ceanainn.  Dúirt ball den Ghrúpa Sábháil Otharlann Naomh Iosaf, tAthair John Joe Duffy, inné, nach bhfuil san fhógra uasghrádaithe a d'fhógair an Rialtas agus an Fheidhmeannacht Sláinte Déardaoin is chuaigh thart ach cleasaíocht, le dallamullóg a chur ar an phobal faoi thodhchaí na hOtharlainne.  Ach measann Sean Ó Gallchóir go gcaithfear fanacht go dtí go bhfógrófar airgead.

Oileáin

Dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallchóir go bhfuil se tábhachtach plean a chur i gcrích dona hOileáin agus liosta tosaíochta a leagan amach.  Dúirt sí gur léir nach bhfuil sciar cothrom airgid a chaitheamh ar na hOileáin agus deir sí go bhfuil sé tábhachtach brú a chur ar an Phríomh Fheidhmeannach, Séamus Neely agus ar Stiúrthóir Airgeadais na Comhairle, Gary Martin, allúntas cothrom airgid a chur ar fáil.  Measann sí go bhfuil leithcheal a dhéanamh ar bhunadh na nOileán agus dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach an cheist seo a thógáil le hard bhainistíocht na Comhairle Contae.


 

Tástálacha drugaí

Rachaidh Gardaí Dhún na nGall i mbun tástálacha drugaí ar thiománaithe ón lá inniu ar aghaidh, i ndiaidh daofa traenáil a fháil ar an dóigh cheart leis na hinnill tástála a úsáid. Tá gléasanna faighte ag Cór tráchta na nGardaí le tástáil seile a dhéanamh ar thiománaithe a bhfuil amhras fúthu a bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí.  Beifear in ann tástáil a dhéanamh do cheithre chineál éagsúil druga, ina measc cocaine, cannabas agus heroin. Tá fáilte mhór curtha ag grúpaí sábháilteachta bóthar Dhún na nGall roimh an scéala.

Straitéis Náisiúnta Pleanála

Má chloífear leis an Straitéis Náisiúnta Pleanála mar atá sé  leagtha amach faoi láthair,  deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill go mbeidh Dún na nGall mar cheantar turasóireachta agus ní bheidh fostaíocht bhuan sa chontae.  Dúirt sé gur turasóirí agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre a bhéas ina gcónaí sa chontae.  Tá Straitéis úr a ullmhú faoi láthair agus tá molta ag an Seanadóir Ó Domhnaill go mbeadh na deiseanna céanna sa chontae agus atá in áit ar bith eile sa tír, ó thaobh fostaíochta, infrastructúr agus seirbhísí de.  Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cothromaíocht i bhforbairt réigiúnach.  Tá aighneacht déanta ag an Seanadóir O Domhnaill chomh maith le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Cóiríocht éigeandála

Tá Dún na nGall ar cheann d'ocht gceantar úra a bhfuil sé beartaithe scéim maidir le cúram páistí a chur ar bun ann do theaghlaigh atá i gcóiríocht éigeandála.  Tá an scéim ar bun faoi láthair i mBaile Átha Cliath áit a bhfuil go leor daoine gan dídean agus iad ag stopadh i dtithe nó i gcóiríocht éigeandála.  Faoin scéim, cuirtear cúram saor in aisce suas le cúig uair is fiche sa tseachtain ar fáil do pháistí faoi chúig bliana d'aois chomh maith le béile amháin sa lá.  Dúirt an tAire Leanaí, Katherine Zappone, go bhfuil costas iontach ard ag baint le cúram páistí agus go gcuireann seo cosc ar thuismitheoirí fostaíocht a lorg nó pilleadh ar an oideachas.  Dúirt sí, mar sin, go gcuideoidh an scéim seo le tuismitheoirí atá ag streachailt.
 

Beo

Na Fonnadóirí

Na Fonnadóirí

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Reacaireacht an Tráthnóna

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

 
Johnny Ó Colla.

Johnny Ó Colla.

 
Máire Ní Chomhaill.

Máire Ní Chomhaill.

 
Gavin  Ó Ceallaigh agus Josephine.

Gavin Ó Ceallaigh agus Josephine.

 
Hughie Mac Suibhne.

Hughie Mac Suibhne.

 
Marjorie Uí Charúil.

Marjorie Uí Charúil.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

 
Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

 
Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

 
Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

 
Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Eilís Bairéad.

Eilís Bairéad.

 
Máire Nic Gairbheith.

Máire Nic Gairbheith.

 
Rozanne Ní Ghallachóir.

Rozanne Ní Ghallachóir.

 
Treasa Ní Ghallachóir

Treasa Ní Ghallachóir

 
Pól Ó Frighil.

Pól Ó Frighil.

 
Rosa Glackin.

Rosa Glackin.

 
Ailbhe Ó Monachain.

Ailbhe Ó Monachain.

 
Jimí Hughie Mac Suibhne.

Jimí Hughie Mac Suibhne.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

 
Barrscealta 24-05-2018

Barrscealta 24-05-2018

 
Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

 
Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Hannah Ní Bhaoill.

Hannah Ní Bhaoill.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Barbara Uí Chathail

Barbara Uí Chathail

 
Dónal Mac Daibhéad. 2.

Dónal Mac Daibhéad. 2.

 
Dónal Mac Daibhéad  1.

Dónal Mac Daibhéad 1.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  23-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 23-05-2018.

 
Load More...
Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Rónán Beo

Rónán Beo

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís