Nuacht an Iarthair:Droch-aimsir ag cur as don chuardach

Nuacht an Iarthair:Droch-aimsir ag cur as don chuardach

An cuardach ar an bhFód Dubh

Táthar den bharúil go háitiúil ar an bhFód Dubh i nGaeltacht Mhaigh Eo, nach mbeifear in ann filleadh ar an bhfarraige ansin go dtí amach i lár na seachtaine seo chugainn.

Sin de bharr na droch-aimsire a dúradh.

Tá lucht cuardaigh ag iarraidh theacht ar rian ar bith d'ingearán tarrthála 116 an Gharda Cósta a chuaigh i bhfarraige maidin Dé Máirt seo caite. 

Ní raibh sé in araíocht dul ag tumadh ansin inné ach an oiread, mar gheall ar chúrsaí aimsire, agus b'amhlaidh a bhí inniu.

Tá triúr de chriú an R116 fós ar iarraidh. 

Fritheadh roinnt smionagair, a ceaptar a tháinig ón ingearán céanna, ar Charraig an Toir i gCuan an Fhóid Dhuibh aréir.

Deir príomh chigire an Aonad Imscrúdaithe Aer Thionóiscí, Jurgen Whyte, nach bhfuil aon chosúlacht gur bhuail an t-ingearán an Teach Solais atá lonnaithe ar an gCarraig.  

Leac cuimhneacháin ar an Lochán Beag

Tá cuireadh tugtha ag Cumann Forbartha Chois Fharraige d'Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, bláthfhleasc a leagan ag an leac cuimhneacháin ar an Lochán Beag in Indreabhán don naonúr fear a maraíodh nuair a phléasc mianach 100 bliain ó shin.

Tá sé i gceist go leagfaí an bhláthfhleasc i gcaitheamh an deireadh seachtaine cuimhneacháin a bheas ann ón 15ú-18ú Meithimh.

Tá cruinniú socruithe san oíche Dé Céadaoin seo chugainn ag an gcoiste atá ag plé leis an gcuimhneachán, le grúpa a chur le chéile le hairgead a bhailiú don chomóradh agus don ullmhúchán atáthar a dhéanamh gar don áit ar tharla an tubaiste.

Thart ar €20,000 euro uilig a bheas ag teastáil.

Comóradh Naomh Feichín

Tá tús á chur tráthnóna le himeachtaí chomóradh leathchéad bliain Choláiste Naomh Feichín, Chorr na Móna.

Tabharfaidh Tomás Mac Pháidín, ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Ghaillimh- Ros Comáin, chomh maith le Seán Ó Tuairisg, cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile, agus an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív, píosaí cainte ag an ócáid.

Is é Seán Ó Dufaigh, Iar-Oifigeach Ghairmoideachais Chontae na Gaillimh a sheolfaidh an leabhar atá curtha i dtoll do chomóradh an leath chéad bliain idir 1996-2016.

Tá bailiúchán scríobhnóireachta agus pictiúr anuas trína blianta le feiceáil sa leabhar 208 leathanach. 
 

Fostaithe leagtha amach in Indreabhán

Tá sé tugtha le fios do Nuacht an Iarthair ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil seisear fostaithe leagtha amach as a gcuid oibre ó Ionad Cúram Leanaí an Chrainn Taca ar an gCnoc in Indreabhán.

Is de bharr polasaí nua rialtais atá tagtha i bhfeidhm, a chiallaíonn go gcaithfidh cáillíocht Fetac leibhéal a 5 i gcúram leanaí a bheith ag daoine le n-oibriú in ionaid cúram leanaí, a bhfuil a gcuid jabanna caillte ag an dream seo. 

Thug bainistíocht an ionaid le fios don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mbeadh oibrithe ag teacht in áit na ndaoine a leagadh amach ón Luan ar aghaidh, a bhfuil cáillíocht Fetac leibhéal a 5 acu.

Plean pleanála teanga faoi bhráid an Údaráis

Tá sé fógartha ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga go bhfuil an leagan deireanach dá phlean teanga curtha faoi bhráid Údarás na Gaeltachta ó thráthnóna inné.

Thosaigh Fóram Chois Fharraige ag réiteach an phlean ag tús mhí na Samhna 2014.

Tugadh 2 bhliain dóibh leis an bplean a chur i dtoll a chéile.

Cuireadh an chéad dréacht den phlean os comhair an phobail i mí na Samhna seo caite agus tar éis leasuithe a tháinig ó aiseolas an phobail a thógáil san áireamh, cuireadh an plean ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta i lár mhí na Nollag. 

Bhí cruinnithe idir oifigigh ó Údarás na Gaeltachta agus Coiste Stiúrtha an Fhóraim agus mhol Údarás na Gaeltachta roinnt mionathruithe a dhéanamh, athruithe a bhain leis an leagan amach agus le téarmaíocht den chuid ba mhó. 

Anois agus na mionathruithe sin déanta, tá an  tÚdarás tar éis a chur in iúl go bhfuil an plean anois ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Tuaithe, Oileáin agus Gaeltachta  agus é le faomhadh ag an Aire, de réir mar atá leagtha síos sa reachtaíocht.

An cuardach amach ó Mhaigh Eo

Ceaptar  go mbeidh sé Dé Domhnaigh anois sula mbeidh tumadóirí in ann a dhul i mbun oibre amach ón bhFód Dubh i Maigh Eo, ag féachaint le theacht ar rian ar bith d'ingearán tarrthála 116 an Gharda Cósta a chuaigh i bhfarraige maidin Dé Máirt seo caite. 

Ní raibh sé in araíocht dul ag tumadh ansin inné ach an oiread, mar gheall ar chúrsaí aimsire.

Tá triúr de chriú an R116 fós ar iarraidh. 

Fritheadh roinnt smionagair, a ceaptar a tháinig ón ingearán céanna, ar Charraig an Toir i gCuan an Fhóid Dhuibh aréir.

Deir príomhchigire an Aonad Imscrúdaithe Aer Thionóiscí, Jurgen Whyte, nach bhfuil aon chosúlacht gur bhuail an t-ingearán an Teach Solais atá lonnaithe ar an gCarraig.  
 

Beo

Ceol an Tráthnóna

Ceol an Tráthnóna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Diarmuid Ó Donnabháin

Diarmuid Ó Donnabháin

 
Breandán Ó Cróinín

Breandán Ó Cróinín

 
Nell Ní Chróinín

Nell Ní Chróinín

 
Tadhg Ó Riordáin

Tadhg Ó Riordáin

 
An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

 
Síle Uí Ghallachóir.

Síle Uí Ghallachóir.

 
Edel Ní Chuireáin.

Edel Ní Chuireáin.

 
Deirdre Nic Suibhne.

Deirdre Nic Suibhne.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Madge Uí Ghradaigh.

Madge Uí Ghradaigh.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Treasa Ní Ghallachóir.

Treasa Ní Ghallachóir.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

 
Díospóireacht ar an 8ú leasú

Díospóireacht ar an 8ú leasú

 
Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

 
Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

 
Cailíní an Chamino

Cailíní an Chamino

 
An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

 
Noel Ó Dubhgáin.

Noel Ó Dubhgáin.

 
Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

 
Karen Campbell.

Karen Campbell.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscealta Déardaoin 17-05-2018.

Barrscealta Déardaoin 17-05-2018.

 
Padraig Ó Conghaile, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta.

Padraig Ó Conghaile, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, iriseoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, iriseoir, Béal Feirste.

 
Mac Dara Ó Cuaig, Gort Inse Guaire.

Mac Dara Ó Cuaig, Gort Inse Guaire.

 
Máire Ní Fheinneadha, Feachtas in aghaidh Aisghairm an Ochtú Leasú.

Máire Ní Fheinneadha, Feachtas in aghaidh Aisghairm an Ochtú Leasú.

 
Eithne Nic Lochlainn, Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo., Cill Ulta, Cloich Cheann Fhaola.

Eithne Nic Lochlainn, Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo., Cill Ulta, Cloich Cheann Fhaola.

 
Emma Mhic Mhathúna.

Emma Mhic Mhathúna.

 
Mícheál Ó Leidhin,  Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

 
Dán ómós le Breandán Mac Gearailt do Pháidí Ó Sé

Dán ómós le Breandán Mac Gearailt do Pháidí Ó Sé

 
Gerry Motherway

Gerry Motherway

 
Breandán Ó Ciobháin

Breandán Ó Ciobháin

 
Sláine Ní Chathalláin

Sláine Ní Chathalláin

 
Rónán Ó Domhnaill

Rónán Ó Domhnaill

 
An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 16 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 16 Bealtaine '18

 
Eoghan Corry.

Eoghan Corry.

 
Méabh Mhic Shamhrain.

Méabh Mhic Shamhrain.

 
Seán Ó Gallachóir.

Seán Ó Gallachóir.

 
Suzanne Nic Géidigh.

Suzanne Nic Géidigh.

 
Marjorie Uí Charúil.

Marjorie Uí Charúil.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  16-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 16-05-2018.

 
Pip na Máirte le John Teaimí Ó Laoithe

Pip na Máirte le John Teaimí Ó Laoithe

 
Dónal Ó hAiniféin:Cathaoirleach COGG.Polasaí Oideachais Gaeltachta

Dónal Ó hAiniféin:Cathaoirleach COGG.Polasaí Oideachais Gaeltachta

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Rónán Beo

Rónán Beo

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís