Nuacht an Iarthair: Scoileanna Beaga

Nuacht an Iarthair: Scoileanna Beaga

Scoileanna Beaga

Dúirt an Comhairleoir Contae, Seán Ó Tuairisg go gcaithfidh an Roinn Oideachais freastal ceart a dhéanamh ar scoileanna beaga Gaeltachta má táthar ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo. Dúirt sé go bhfuiltear in ainms múinteoir breise a cheapadh i scoileanna Gaeltachta i mí Mheán Fómhair seo chugainn faoin bpolasaí nua don oideachas Gaeltachta, ach nach bhfuil an cúrsa oiliúna do na múinteoirí sin fiú amháin tosaithe fós, agus nach mbeadh anois go dtí an bhliain 2019. Dúirt sé go mbíonn an-tionchar ag scoil ar an nGaeilge in aon cheantar agus go bhfuil brú mór ar scoileanna Gaeltachta mar gheall ar na rialacha atá ag an Roinn Oideachais, faoina mbraitheann an  méid múinteoirí a cheadaítear do scoil ar an méid daltaí atá inti. Rinne an Comhairleoir Ó Tuairisc a chuid cainte ar an gClar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta inniu, clár a craoladh as Coláiste Naomh Feichín i gCorr na Móna atá ag comóradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana.


Ros an Mhíl

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil calafort Ros an Mhíl fágtha in áit na leithphingine arís ag an rialtas, cé go bhfuil cead pleanála faighte do chalafort domhain-mhara ansin le blianta fada. Dúirt sé go raibh €28 milliún euro sa gciste a cheadaigh an tAire Michael Creed do chalafoirt na tíre, ach nach mbeidh ach €800,000 euro dhó sin le caitheamh i Ros an Mhíl. Tá 6.5 milliún agus €6.2 milliún ceadaithe do na calafoirt i mBaile Chaisleáin Bhéarra agus sna Cealla Beaga. Mura ndéanfar iarracht acmhainní cearta a chur ar fáil don chalafort, titfidh líon na n-iascairí agus na dtrálaeirí a bheas ag úsáid na háite a deir Ó Cuiv - agus tá sé ag achainí ar an Aire Creed an t-airgead a cheadú le go mbeifear in ann tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil ann.

TK Whitaker

Tá sé fógraithe ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh, mar chuid de sheachtain na Gaeilge go bhfuil siad le duaiseanna a bhronnadh den chéad uair ariamh i mbliana i gcuimhne ar IarSheansailéar na hollscoile an Dochtúir TK Whitaker a bhásaigh i mí Eanáir i mbliana. Bronnfar €2,000 don chéad áit agus €1,000  don dara háit ar bheirt mhac léinn atá ag déanamh céimeanna máistreachta sa nGaeilge. Siad comhordaitheoirí na gcéimeanna a chuirfeas ainmneacha na macléinn seo chun cinn, bunaithe ar chomh maith agus atá siad ag déanamh a gcuid oibre. Socraíodh go mbronnfaí na duaiseanna mar gheall ar an meas a bhí ag TK Whitaker ar an teanga Ghaeilge agus ar ghach a ndearna sé i gcaitheamh a shaoil leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Tarrtháil

Táthar ag cuartú arís ar maidin inniú amach ó Chósta an Fhóid Dhuibh i Maigheo, féachaint le tuairisc fháil ar thriúr fear atá ar iarraidh, ó thuairt héileacaptar leis an ngarda cósta ansin thart ar a 1.00 ar maidin inné.
Sin iad an píolóta, Mark Duffy, Paul Ormsby agus Ciarán Smith. Tráthnóna inné, bhásaigh an Caiptín Dara Fitzpatrick, 45 bliain d'aois,  an t-aon duine den chriú a fritheadh go dtí seo. Níl fhios fós an mbeidh tumadóirí ábalta a dhul ag cuartú inniu, braitheann sé sin uilig ar an aimsir, ach tuairiscitear go bhfuil an fharraige an-fhíáin, thimpeall ar an teach solais i gCuan an Fhóid Dhuibh, an áit is mó a bhfuil siad ag díriúil air. Tá bád taighde Institiúid na Mara, an Celtic Voyager páirteach sa gcuartú inniu, tá trealamh speisialta uirthi seo, trealamh a úsáidtear go hiondúil le mapaí a dhéanamh de ghrinneall na farraige.

Seirbhísí Fisiteiripe  

Is mór an náire an t-achar a chaitheann daoine i gcuid de cheantar Chonamara Theas ag fanacht le seirbhísi fisiteiripe a deir an seanadóir, Trevor Ó Clochartaigh.  Tá cuid de na daoine i gceantar na Ceathrú Rua, Ros Muc Chamais agus i gceantar na nOileán ag fanacht le seirbhís ó Mheitheamh na bliana 2015, de bharr, a deir sé, nach bhfuil ach fisiteiripeoir amháin i gceantar Chonamara Theas. Caitheann a fisiteiripeoir atá i gceantar an Spidéil, dul ag obair i gceantair eile i gcásanna práinne agus cuireann an té sin seirbhís ar fáil in Árainn freisin. Tá sé i gceist ag an Seanadóir Ó Clochartaigh an ghéarghéim a tharraingt anuas ag an gceannasaí ar chúram sláinte poiblí Tony Canavan. Dúirt Trevor Ó Clochartaigh nach bhfuiltear ag déileáil i ndáiríre ach le cásanna práinneacha agus nach bhfuil aon áird á fháil ag an dream eile atá fágtha ar an liosta.


Láthair Thástála

Tá an trealamh a bhí ag Foras na Mara ar an láthair thástála atá acu amach ó chósta an Spidéil tugtha chun bealaigh acu ó thrathnóna inné. Tá siad ag déanamh  tástáil ar chumhacht na farraige ar an láthair sin ó Mhárta na bliana 2006 agus beidh deireadh leis an gceadúnas  reatha atá acu dhó seo, Dé Domhnaigh seo chugainn. Rinne lucht an Fhorais iarratas i mí an Aibreáin anuraidh ar léas nua a thabharfadh cead dhóibh níos mó deiseanna fuinnimh inathnuaite mara a thástáil, ach ní bhfuair siad aon fhreagra ar an iarratas sin fós. Thug siad le fios nach ndéanfar aon tástáil eile sa gceantar sin nó go mbeidh an léas seo faighte.

Beo

Scoth na Máirte

Scoth na Máirte

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

 
Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

 
Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

 
Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

 
An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

 
Rothaíocht.

Rothaíocht.

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Pacáiste ó Phearsa Thir Chonaill na Bliana 2017.

Pacáiste ó Phearsa Thir Chonaill na Bliana 2017.

 
An Teachta Dála Piarás Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piarás Ó Dochartaigh.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Barrscealta Dé Máirt 24-04-2018.

Barrscealta Dé Máirt 24-04-2018.

 
Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

 
Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt

Nuacht an Tuaiscirt

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

 
Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

 
Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

 
Aindrias Ó MuineacháinTD

Aindrias Ó MuineacháinTD

 
An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

 
Barrscealta Dé Luain  23-04-2018.

Barrscealta Dé Luain 23-04-2018.

 
Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

 
Caoimhín Ó Flannúra, Comhaontú Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

Caoimhín Ó Flannúra, Comhaontú Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

 
Éamon Ó Cuív. T.D. Gaillimh Thiar.

Éamon Ó Cuív. T.D. Gaillimh Thiar.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach, Fine Gael.

Seán Kelly, Feisire Eorpach, Fine Gael.

 
Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Fiontair agus Pleanála, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Fiontair agus Pleanála, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Frank Reidy, Ceannfort Airm.

Frank Reidy, Ceannfort Airm.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cúnla ag caint ar a bheith neamhdenártha

Cúnla ag caint ar a bheith neamhdenártha

 
Béaltriail

Béaltriail

 
Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

 
Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Iris Aniar

Iris Aniar

Rónán Beo

Rónán Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís