Nuacht an Iarthair: An tAire Sláinte i nGaillimh Dé Luain

Nuacht an Iarthair: An tAire Sláinte i nGaillimh Dé Luain

Beidh an tAire Sláinte, Simon Harris i nGaillimh Dé Luain agus tabharfaidh sé cuairt ar Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh go bhfeicfidh sé chomh dona agus atá cúrsaí sa rannóg timpistí agus éigeandála.

Ceaptar go bhfógróidh sé go bhfuil aonad nua le tógáil san ospidéal.

Bhí sé ceapaithe teacht go Gaillimh cheana ar an 22ú lá de mhí na Nollag ach cuireadh an chuairt sin ar ceal.

Casfaidh an tAire Harris freisin Dé Luain le grúpa gnímh as ceantar an Mháma agus an Líonáin i gConamara atá ag iarraidh go gcuirfí feabhas ar sheirbhísí otharchairr sa gceantar.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne le Nuacht an Iarthair go dócha go ndéanfar plé leis an Aire Harris freisin faoi mholtaí le ospidéal nua a thógáil i bPáirc Mheirlinne.

Duaiseanna Glór na nGael
Siad Cumann Forbartha Chois Fharraige a ghnothaigh príomhdhuais Ghlór na nGael, €4,000 sa rannóg do na coistí Gaeltachta.

Siad Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua a ghrú an dara duais, €3,000.

Fógraíodh na buaiteoirí ar an gclár, Iris Aniar inniu.

Siad Cumann Forbartha Chois Fharraige freisin a ghnothaigh duais Chló Iarchonnacht, dearbhán €1,000 

Siad Craobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge a ghrú duais na heagraíochta, €1,000.
Ghnóthaigh Grúpa Ros Muc 1916 duais Chomhairle Co. na Gaillimhe €1,500.

Siad Cumann na bPiarsach i Ros Muc a ghnothaigh príomhdhuais Chlubanna Chumann Luthchleas Gael 1,000 euro agus siad a bhain amach duais €500 i rannóg Chúige Chonnacht do na clubanna.

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige san iomaíocht do Phríomhdhuais Ghlór na nGael, €20,000 a bheas á fhógairt ar an Satharn, an 22ú lá d'Aibreán ag ocáid bhronnta na nduaiseanna in Óstán an Carton House i Maigh Nuad.

Stádas DEIS do scoileanna oileáin le plé

Pléifear cúrsaí oideachais ar na hoileáin ag cruinniú idir-rannach rialtais ar an 27ú lá den mhí seo, a deir an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne.

Níl aon mhíniú tugtha ag an Roinn Oideachais cén fáth nach bhfuil stádas DEIS tugtha do Choláiste Ghobnait in Inis Oírr ná do Choláiste Eoin in Inis Meáin.

Pléifear moladh ag an gcruinniú seo, gur cheart leath mhilliún Euro a chur ar fáil do ghraithí oideachais dara leibhéal ar na hoileáin.

Dúirt an tAire Stáit Kyne gur ceann de na deacrachtaí móra atá le múinteoirí dara leibhéal a chur ar fáil os cionn an chuóta atá ag scoileanna Gaeltachta, nach bhfuil múinteoirí ar fáil.

Chomh maith leis seo caithfear cúrsa nua a chur ar bun agus caithfidh coláistí tríú leibhéal tairiscint a dhéanamh leis an gcúrsa sin a reáchtáil agus a fhorbairt, a dúirt sé.

Doire Fhearta  

Dúirt innealtóir áitiúil Chomhairle Contae na Gaillimhe ar an gCeathrú Rua, John Coyle, nach bhfuil an t-airgead ag an gComhairle le bóthar Dhoire Fhearta a leathnú ná le na castaí géara a bhaint as.

Bheadh sé féin thar a bheith sásta go ndéanfaí é seo, dá gcuirfi an t-airgead ar fáil dóibh, a deir sé.

Dúirt sé go mbeadh cuid mhaith de €400,000 ag teastáil leis na castaí a bhaint as an mbóthar agus nach féidir aon leas a bhaint as scéimeanna fostaíochta pobail ná "CIS" leis an obair a dhéanamh, mar gheall ar shocrú atá déanta idir Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe.

Ní leathnófar bóthar Dhoire Fhearta mura gcuirtear airgead breise ar fáil, a deir John Coyle.

Tá cruinniú eagraithe ag Pádraig Mac Donncha as Doire Fhearta Mór sa gCistin ar an gCeathrú Rua ag a 8.00 a chlog, anocht leis an drochbhail atá ar an mbóthar a phlé, agus le feachtas a thosú le caoi cheart a chur air.
 

Deilfeanna

Cuireadh ceithre cinn de dheilfeanna isteach ar an gcladach i gceantar an Locháin Bhig agus an Tigh Mhóir i gCois Fharraige ó thús na míosa seo, agus iad caillte.

Dúirt Pádraic de Bhaldraithe ó Chumann Faire Deilfeanna agus Míolta Móra na hÉireann nár mhór scrúdú a dhéanamh orthu seo lena fháil amach céard atá á marú agus cén fáth a bhfuil siad á gcailleadh.

Ceaptar gur báid mhóra a thógann na deilfeanna ina gcuid líonta agus go gcaitheann siad i bhfarraige arís iad.

Bhí marcanna ar na deilfeanna a cuireadh isteach ar an gcladach i gceantar Chois Fharraige, agus dúirt Pádraig de Bhaldraithe go gcaithfidh Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agsu Fiadhúlra na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh agus na hainmhithe mara seo a chosaint.

Beo

Scoth na Céadaoine

Scoth na Céadaoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Deirdre Ni Luasa;an saol in Inis Earcáin

Deirdre Ni Luasa;an saol in Inis Earcáin

 
Máire Ui Laoire,Aodán Mac Gearailt,Máirín Uí Lionáird;Cáin siúicre

Máire Ui Laoire,Aodán Mac Gearailt,Máirín Uí Lionáird;Cáin siúicre

 
Maggie Breen agus Deirdre de Bhailís;Gréasán do mhná.

Maggie Breen agus Deirdre de Bhailís;Gréasán do mhná.

 
Gearóid Mac an tSaoir;Cluiche sacair Learpholl agus Roma.

Gearóid Mac an tSaoir;Cluiche sacair Learpholl agus Roma.

 
An Saol o Dheas 25ú Aibreán 2018

An Saol o Dheas 25ú Aibreán 2018

 
Peileadóirí faoi 16 Dhún na nGall.

Peileadóirí faoi 16 Dhún na nGall.

 
Seosamh Ó Gallachóir &  Carol Ní Chormaic.

Seosamh Ó Gallachóir & Carol Ní Chormaic.

 
An tAthair Brian Ó Fearraigh .

An tAthair Brian Ó Fearraigh .

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé Ceadaoin 25-04-2018.

Barrscéalta Dé Ceadaoin 25-04-2018.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

Pip na Máirte le Bríd Criomhthain

 
Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

Pádraig Mac Fhearghusa;Tionól na Mumhan i gCíll Áirne.

 
Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

Garda Colm Ó Cuiv;Ag obair sa Daingean agus sa Chaisleán.

 
Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

Muiríde Uí Chruadhlaoich;Féile Star Wars.

 
An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 24ú Aibreán 2018

 
Rothaíocht.

Rothaíocht.

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Pacáiste ó Phearsa Thir Chonaill na Bliana 2017.

Pacáiste ó Phearsa Thir Chonaill na Bliana 2017.

 
An Teachta Dála Piarás Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piarás Ó Dochartaigh.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Barrscealta Dé Máirt 24-04-2018.

Barrscealta Dé Máirt 24-04-2018.

 
Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Béal Feirste.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

Siobhán Seoighe, comhalta Údarás na Gaeltachta.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

Alan Milton, Oifigeach Cumarsáide Cumann Lúthchleas Gael.

 
Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

Deirdre Ní Luasaigh, Inis Arcáin.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt

Nuacht an Tuaiscirt

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

Deaglán Quill;Díleachtlann sa Tansáin.

 
Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

Siobhán Uí Mhathúna;Rothaíocht ar Rian Glas na nDéise

 
Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

Róisín Sheehy;Gradam Stuart Parker.

 
Aindrias Ó MuineacháinTD

Aindrias Ó MuineacháinTD

 
An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

An Saol o Dheas 23ú Aibreán 2018

 
Load More...
Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Rónán Beo

Rónán Beo

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís