Nuacht an Tuaiscirt: Joe Mc Hugh

Nuacht an Tuaiscirt: Joe Mc Hugh

Joe Mc Hugh

I ráiteas atá go díreach eisithe ag an Aire Stáit don Diaspora Joe Mc Hugh, bhréagnaigh sé na líomhaintí atá curtha ina leith inniu ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, sé sin nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid dualgas mar Aire Stáit don Diaspora. Sa ráiteas a d'eisigh sé go díreach i ndiaidh dó castáil le coiste roghnaithe ar ghnóthaí eachtracha inniu, dúirt sé gur phlé sé ábhair éagsúla a thóg an coiste leis maidir le pobal na tíre seo atá ina gcónaí thar lear.  Thug sé le fios fosta go mbeidh sé ag castáil le Seanadóirí ar an tseachtain seo chugainn le gnóthaí iomláine an Diaspora a phlé leo.

Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt urlabhraí Shinn Féin don Diaspora, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil an tAire a bhfuil cúramaí Diaspora air, sé sin an tAire Stáit Joe Mc Hugh, ag ligean a chuid maidí le sruth agus nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid dualgais mar Aire Stáit. Dúirt sé go bhfuil easpa gníomhaíochta ag cur bac ar Shaoránaigh na tíre atá thar lear a theacht na bhaile, agus nach bhfuil go leor plé a dhéanamh ag leibhéal rialtais ar na deacrachtaí atá ag daoine ón tír seo atá ina gcónaí thar lear. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, ó ceapadh an tAire Stáit Mc Hugh go raibh sé i Londain dhá uair, sa Chéinia, Uganda agus San Francisco agus  nach raibh sé i láthair sa tSeanad nó sa Dáil do dhíospóireacht iomlán ar chúrsaí  Diaspora, in ainneoin gur hiarradh air a bheith i láthair roinnt uaireanta.

An Rás

Beidh An Rás, rás rothaíochta atá urraithe ag An Post ag teacht go Contae Dhún na nGall i mí na Bealtaine, áit a mbeidh staideanna éagsúla ar siúl ar fud na contae.  Ar feadh 5 lá i mí Bealtaine beidh an Rás ag gabháil ó Bhun Dobhráin, go hInis Eoghain, fríd Ros Goill, na Rosa agus Baile Dhún na nGall. Beidh Óstán an Waterfront ar an Chlochán Liath mar lárionad ag an lucht eagraithe dhá lá le linn na hócáide agus tuigtear go bhfuil 420 leaba curtha in áirithe ag lucht eagraithe an Rás i gceantar na Rosann do na hiomaitheoirí agus do na foirne rothaíochta. Seo ceann de na hócáidí spóirt is mó le theacht chun na contae, a dúirt Myles Mac Suibhne ó Pháirtnéireacht Spóirt Dhún na nGall, agus beidh deiseanna go leor ag an phobal na rothaithe a fheiceáil
 

Imní faoin teorainn

Tá imní ar an Teachta Dala Piaras Ó Dochartaigh mar gur dheimhnigh an tAire Airgeadais go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ag cuartú láithreacha ar an teorainn faoi láthair, ina bhféadfaí seicphointí custaim a lonnú ann. Léiríonn seo, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh  go measann an Rialtas  go mbeidh teorainn chruaidh ann nuair a imeos an Bhreatain as Aontas na hEorpa agus go gcuirfí sin as go mór do chondaetha na teorann, Dun na nGall ina measc. Chuirfeadh seicphointí custaim isteach go mor ar chúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh agus níl pobal na teorann ag iarraidh seiceanna custaim a bheith tugtha ar ais mar a bhí le linn na dTrioblóidí.

Otharlann pobail Dhún na nGall

Ba chóir uasghrádú iomlán a bheith tugtha do otharlann pobail Dhún na nGall a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh, le seirbhísí a fheabhsú sna hotharlanna i Rath Mealtáin, Leifear agus Sráth an Urláir. Chinntigh an tAire McHugh gur chas sé leis an Aire Sláinte Simon Harris agus gur iarr sé air maoiniú a chur ar fail ó chiste náisiúnta caipitil do na hotharlanna seo. Ba chóir uasghrádú a dhéanamh ar na haonaid seo agus otharlann úr pobail ina mbeadh 120 leaba a thógáil i  Leitir Ceanainn a dúirt an tAire McHugh.

Bigil anocht


Beidh Bigil tráthnóna inniu ag grúpa úr ata bunaithe i nDún na nGall le haird a tharraingt ar an ghéarchéim atá in Otharlann Leitir Ceanainn  agus na deacrachtaí móra atá leis an chóras sláinte go ginearálta.
Deir an grúpa, 'Still Waiting' go bhfuil othair sa chontae agus ar fud na tíre ag fuilstin mar gheall ar easpa seirbhísí, liostaí feithimh agus plódú in Otharlanna na tíre.  Deir siad fosta nach bhfuil cothrom na féinne a fháil ag altraí agus ag lucht leighis ó thaobh comhionannas páighe, earcaíocht agus coinníollacha oibre de.
Caithfear teachtaireacht láidir a thabhairt don rialtas ag an bigil tráthnóna inniu   nach bhfuil na seirbhísí in Otharlann Leitir Ceanainn nó sna hotharlanna ar fud na tíre sásúil san am i láthair, a deir an grúpa.
Beidh an Bigil  ag toiseacht 7.30pm

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthiar.

Nuacht an Iarthiar.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

 
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

 
An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

 
Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

 
Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

 
Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

 
Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

 
Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Carmel Nic Airt, Island to Island.

Carmel Nic Airt, Island to Island.

 
Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

 
Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Plean Teanga Liospóil

Plean Teanga Liospóil

 
Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

 
Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

 
Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

 
An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

 
Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

 
Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

 
Pacáiste - Gaillimh 2020.

Pacáiste - Gaillimh 2020.

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Rónán Beo

Rónán Beo

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

PléScéal

PléScéal

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís