Nuacht an Iarthair: Bóthar Dhoirefhearta

Nuacht an Iarthair: Bóthar Dhoirefhearta

Bóthar Dhoirefhearta

Tá sé i gceist ag Pádraig Mac Donncha as Doirefhearta Mór ar an gCeathrú Rua cruinniú a tharraingt faoin mbail atá fágtha ar bhóthar Dhoirefhearta agus dúirt sé go bhfuil súil aige go bhféadfar coiste a roghnú le feachtas a thosú féachaint an gcuirfí caoi ar an mbóthar. Dúirt sé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur mór an náire an chaoi a bhfuil an bóthar fágtha agus go gcaithfidh muintir Dhoirefhearta, na Ceathrún Rua agus na nOileán éirí amach in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe le go gcuirfear caoi cheart ar an mbóthar. Dúirt sé gur fearr é an brat tearra atá le cur ar an mbóthar ná gan tada, ach gur géar a theastaíonn é a leathnú.

Cruinniú


Tá socrú déanta ag an gComhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg go labhróidh toscaireacht ó cheantar Dhoirefhearta faoin drochbhail atá ar bhóthar an cheantair le Comhairleoirí Contae Chonamara ag an gcéad chruinniú eile a bheas acu.Thug sé le fios go raibh daoine ón gceantar i dteamgháil leis faoin gcás agus gur tharraing sé anuas é ag an gcruinniú a bhí ag comhairleoirí Chonamara Dé hAoine seo caite. Thug an Comhairleoir Ó Tuairisg le fios go bhfuil teagmháil déanta aige le Cathaoirleach Chomhairleoirí Contae Chonamara, Noel Thomas agus leis an rúnaí ag iarraidh go mbeadh cás an bhóthair ar an gclár don chéad chruinniú eile a bheidh acu.  

Comhlachtaí Chonamara

Déanfar cur síos ar an obair a dhéanann os cionn 20 comhlacht as Conamara ag comhdhálacha a bheidh i mBergamo na hIodáile as seo go dtí deireadh na seachtaine. Orthu sin beidh Cnoc Suain sa Spidéal, an comhlacht Uain Sléibhe Chonamara, Páirc Náisiúnta Chonamara, Ionad Pobail an Mháma, Cumann Madraí Caorach Dhúiche Sheoigheach, Cumann Chapaillíní Chonamara agus cumainn slatiascaireachta. Dúirt Colm Seoighe ó Chlár Chonamara a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar na dreamanna seo ag na comhdhálacha san Iodáil, go mbeidh sé ag tarraingt airde ar an nGaeilge, ar an gcultúr agus ar an tábhacht a bhaineann le scileanna agus le nósanna traidisiúnta a choinneáil beo.
 

Bord Oideachais agus Oiliúna

Dúirt an Comhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg, atá ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, nach bhfuil an deis chéanna á thabhairt do ghasúir na Gaeltachta agus atá á thabhairt do ghasúir atá ag teacht isteach sa tír seo as tíortha cosúil leis an tSiria. Dúirt sé go bhfuil leatrom á dhéanamh ar ghasúir na Gaeltachta a bhfuil Gaeilge acu chomh fada agus a bhaineann leis an tacaíocht atá an Roinn Oideachais sásta a chur ar fáil dóibh. In agallamh d'Adhmhaidin, dúirt an Comhairleoir Ó Tuairisg go gcuirtear múinteoirí agus acmhainní ar fáil do ghasúir a thagann go dtí an tír seo ó thar lear agus go bhfuil sé sin tuilte acu, ach dúirt sé go gcuireann sé cantal agus olc air nach bhfuil an deis chéanna á thabhairt ag an Roinn Oideachais do ghasúir na Gaeltachta.

Polasaí oideachais Gaeltachta


Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais do Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin nach mbeidh aon mhúinteoir breise á cheapadh faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta don scoilbhliain seo chugainn. Níl aon dáta tugtha ag an Roinn ach an oiread faoin uair a bhfuil sé i gceist an chuid seo den pholasaí a chomhlíonadh. Chuir sé cantal ar bhaill an Bhoird inné go bhfuil an moladh ba thábhachtaí a bhí sa bpolasaí a d'fhógair an Roinn ag deireadh na bliana seo caite curtha ar an mhéar fhada ag an Roinn cheana féin. Dúirt stiúrthóir scoileanna an Bhoird, Tomás Mac Pháidín, le Nuacht an Iarthair go bhfuil sé iarrtha air anois cruinniú a eagrú ar bhonn práinne leis an Roinn Oideachais leis an gceist seo a phlé.

Ionad Pobail

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur géar a theastaíonn athchóiriú ar an Ionad Pobail nó Tearmann na Foirnéise i gCamas agus gur maith ann é an deontas €169,000 atá faighte ó Roinn na Gaeltachta lena aghaidh. Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh le bheith ina áisitheoir le go dtiocfar ar chomhréiteach idir stiúrthóirí Chomhlacht Forbartha na Foirnéise, mná tí a choinníonn Gaeilgeoirí agus Coiste Pobail Chamais. Thug sé le fios do Nuacht an Iarthair go mbeadh seisear ionadaithe le n-ainmniú anois ag Comhlacht Forbartha na Foirnéise Teoranta agus gur mná tí a choinníonn Gaeilgeoirí a roghnódh triúr agus go mbeadh triúr ionadaithe le toghadh thar ceann phobal Chamais. Beidh an toghchán don triúr atá le roghnú thar cheann an phobail ar bun i dTearmann na Foirnéise ar an 3ú lá de Mhárta. 

Beo

Na Fonnadóirí

Na Fonnadóirí

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Reacaireacht an Tráthnóna

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

Caoimhín Ó Casaide & Feargal Mac Uiginn.

 
Johnny Ó Colla.

Johnny Ó Colla.

 
Máire Ní Chomhaill.

Máire Ní Chomhaill.

 
Gavin  Ó Ceallaigh agus Josephine.

Gavin Ó Ceallaigh agus Josephine.

 
Hughie Mac Suibhne.

Hughie Mac Suibhne.

 
Marjorie Uí Charúil.

Marjorie Uí Charúil.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

Barrscéalta Dé hAoine 25-05-2018.

 
Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Andy Caomhánach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

 
Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

Breandán Mac Cormaic, Teacht Aniar.

 
Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

Máire Ní Neachtain, Foram Pleanála Chois Fharraige.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

 
Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, Comharchumann Chonamara Láir.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Eilís Bairéad.

Eilís Bairéad.

 
Máire Nic Gairbheith.

Máire Nic Gairbheith.

 
Rozanne Ní Ghallachóir.

Rozanne Ní Ghallachóir.

 
Treasa Ní Ghallachóir

Treasa Ní Ghallachóir

 
Pól Ó Frighil.

Pól Ó Frighil.

 
Rosa Glackin.

Rosa Glackin.

 
Ailbhe Ó Monachain.

Ailbhe Ó Monachain.

 
Jimí Hughie Mac Suibhne.

Jimí Hughie Mac Suibhne.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

Aodh Máirtín Ó Fearraigh .

 
Barrscealta 24-05-2018

Barrscealta 24-05-2018

 
Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

Somhairle Mac Uidhir. macléinn.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

Dara Bailey, Rúnaí Comharchumann Sliogéisc Chonamara.

 
Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

Dr. Seán Byrne, eacnamaí.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

Dr. Anne Gillan, Áine Bhreathnach, Seán Ó Domhnaill.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Hannah Ní Bhaoill.

Hannah Ní Bhaoill.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Barbara Uí Chathail

Barbara Uí Chathail

 
Dónal Mac Daibhéad. 2.

Dónal Mac Daibhéad. 2.

 
Dónal Mac Daibhéad  1.

Dónal Mac Daibhéad 1.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  23-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 23-05-2018.

 
Load More...
Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Rónán Beo

Rónán Beo

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís