Nuacht an Iarthair: Iceland

Nuacht an Iarthair: Iceland

Iceland 

Fostóidh an comhlacht mór beatha as an mBreatain, Iceland  chuig dhuine fhichead i nGaillimh níos deireanaí i mbliana nuair a osclóidh siad ollmhargadh dá gcuid i nDabhach Uisce ar cholbha thoir na cathrach.  Beatha  reoite a dhéanann an comhlacht agus tá siad lena ngnó a lonnú sa bhfoirgneamh a mbíodh Lidl ann tráth in aice leis an áit a ndéantar tástáil an NCT i nGaillimh. Tá cheithre scór ollmhargadh ag Iceland sa mBreatain amháin, chomh maith le ceanna sa Spáinn, i nGeirsí agus i bPoblacht na Seice.
Tá siad le trí stór uilig a oscailt in Éirinn i mbliana agus stór na Gaillimhe ar cheann acu sin.

Cruinniú N59

Seachtain ó inniu a chasfas  toscaireacht ó Choiste Gnímh an bhóthair, an N59, leis an Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross. I dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath a bheas an cruinniú. 'Sé an Seanadóir Pádraig Ó Céide a shocraigh an cruinniu agus sé an chéad uair é a bpléifear an chonspóid a bhaineann leis an mbóthar seo leis an Aire atá freagrach as bóithre na tíre. Tá Coiste Gnímh an N59 ag iarraidh go socrófaí na deacrachtaí pleanála atá ag coinneáil siar forbairt an bhóthair as Uachtar Ard go dtí an Clochán.
Tá cead pleanála tugtha ar an stráice idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite, ach níl aon chomhairle contae agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ábalta socrú a dhéanamh faoin gcaoi a ndéanfar an obair. Tá cead forbartha diúltaithe ag an mBord Pleanála ar an stráice idir an Teach Dóite agus an Clochán.

Clifton Collins 

Tugadh Clifton Collins, 46 bliain d'aois a bhfuil seoladh aige i bhFarnocht i gCorr na Mona, os comhair Chúirt Dúiche Chill Mhantáin inniu agus é cúisithe faoi luach €450,000 de phlandaí cannabais a fritheadh i dteach i bhFarnocht an tseachtain seo caite. Cuireadh siar faoi choinneáil é le tabhairt os comhair na cúirte arís i gcúirt Dúiche Chill Mhantáin ar an 28ú lá den mhí seo.Tá  5 chúis uilig curtha i leith an fhir, faoin Altanna a 3 agus a 15 den Acht um Mhí-úsáid Drugaí. Baineann péire de na cúiseanna leis na plandaí cannabais a fritheadh i gCorr na Móna agus baineann trí cinn eile le drugaí a fuarthas i seilbh an fhir i gCill Mhantáin agus le drugaí a fuarthas i dteach a bhí aige i mBaile Átha Cliath.
 

Frank Fahy

Dúirt an Comhairleoir Cathrach Frank Fahy go gcreideann seisean go gcuirfear tuilleadh brú ar daoine a bheas ag iarraidh cead pleanála, a dhul isteach sna cathracha agus sna bailte nuair a bheas an stráitéis náisiúnta pleanála 2040 curtha le chéile. Rinne sé a chuid cainte tar éis na díospóireachta a bhí ag cruinniú míosúil Chomhairle Cathrach an Gaillimhe tráthnóna inné. D'fhágfadh seo ceantair tuaithe in anchaoi mar go mbeadh an pobal iontu ag dul in aois agus gur fíorbheagán daoine óga a bheadh ag cur futhu iontu.
Tá iarthar na tire criogtha ag rialacha caomhnaithe agus tá deis ag cathracha eile dul chun cinn i bhfad níos scioptha ná mar atá ag Gaillimh,  a deir an comhairleoir Fahy.

Leabharlanna

Glacadh le moladh ag cruinniú Chomhairle Cathrach na Gaillimhe aréir go dtríáilfí córas nua oibre in leabharlanna na cathrach mar atá in úsáid i leabharlanna eile sa tír. Leis an gcóras seo d'fhéadfadh na leabharlanna a bheith oscailte níos faide, ach ní bheadh daoine ag obair iontu, agus bhainfí úsáid as córas leictreonach le daoine a scaoileadh isteach agus amach as na leabharlanna agus le leabhair a thabhairt ar iasacht. Dúirt an ceannasaí leabharlainne in Uíbh Fhailí Mary Stewart go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag baint leasa as an dá leabharlann sa gcontae sin acu féin ó cuireadh an córas seo i bhfeidhm. Dea-scéal é, a deir Príomhfheidhmeannach na comhairle cathrach Brendan McGrath go mbeadh in ann na leabharlanna a bheith oscailte níos faide ná mar a bhíodh, agus tá siad muiníneach, a deir sé, go gcloífídh an pobal leis na rialacha.


Tithíocht 

Is deacair a bheith ag súil go gcuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe títhe sóisialta ar fáil don 5,000 teaghlach atá ar liosta títhíochta sa gcathair nuair atá siad i gcleithiúnas an bhuiséid chéanna a bhí acu i 2008, a deir an comhairleoir cathrach Cathal Ó Conchúir. Tá suíomh ag an gComhairle Cathrach ar Bhóthar an Chlaí Bháin, a bhféadfaí beagnach cheithre scóir teach a thógáil air láithreach bonn dá mbeadh an t-airgead ag an gcomhairle, a deir sé. Níor tógadh aon teach comhairle cathrach i nGaillimh ó 2008, a deir Ó Conchubhair, agus tá a dhá oiread títhe fágtha folamh nó fágtha béal in airde sa gcathair, a deir sé, agus atá i gcontaetha eile a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar chúrsaí títhiocht iontu.

Beo

Murach Gur Tharla

Murach Gur Tharla

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthiar.

Nuacht an Iarthiar.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 22ú Meitheamh 2018

 
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran

 
An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

An t-Aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

 
Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

Betty Mc Laughlin, Institiúid na Múinteoirí Comhairleacha.

 
Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

Tom Ó Muirí, Pobal na Teorann in Éadan an Bhreatimeachta.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

Áine Moynihan agus Simon Ó Faoláin.

 
Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

Aidan Fitzmaurice, Herald.ie.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 21 Meitheamh 2018.

 
Caitríona Hastings

Caitríona Hastings

 
Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

Conall Ó Mórain, saineolaí airgeadais.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Carmel Nic Airt, Island to Island.

Carmel Nic Airt, Island to Island.

 
Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

Dáithí Mac Roibeard, Craobh an Earagail, Cumann Bunmhúinteoirí Éireann.

 
Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

Séamus Ó Drisceoil, bainisteoir, bád farantóireachta Oileán Chléire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtáin.

Príomhscéalta na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Plean Teanga Liospóil

Plean Teanga Liospóil

 
Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

Karen Trench;Fleadh Cheoil Chiarrai.

 
Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

Siúlóid cuimhneacháin Tom Crean;Marian Ní Chinnéide

 
Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

Oscailt Oifigiúil Halla i nDún Chíomháin

 
An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2018

 
Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

Léirmheas ar Asking for it le Gerry Motherway

 
Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

Dr. Brian Ó Curnáin - Saineolaí Teangan.

 
Pacáiste - Gaillimh 2020.

Pacáiste - Gaillimh 2020.

 
Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

Pádraig Ó Dochartaigh - Beirlin, An Ghearmáin.

 
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Joe McHugh, T.D. - Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

PléScéal

PléScéal

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Rónán Beo

Rónán Beo

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís