Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

13:00 - 13:30 Luan - Aoine/ Mon-Fri 13:00 - 13:20 Sath - Domh / Sat-Sun

Nuacht a hAon Dé Céadaoin 7 Márta 2018

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

National, international and regional news.

Nuacht a hAon

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta: Marion Ní Shuilleabháin. Príomhscéalta an Iarthair: Cáit de Bhailís. Príomhscéalta an Deiscirt: Áine Uí Laoithe. Príomhscéalta an Tuaiscirt: Michelle Nic Grianna.

Seán Ó Conaill, Léachtóir le Dlí in Ollscoil Chorcaigh.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach nach bhfuil cearta bunreachtúla bunúsach ag an bpáiste sa mbroinn, taobh amuigh: de na cearta chun na beatha, atá san Ochtú Leasú ar an mBunreacht.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Tá an rialtas ag meas an bhreithiúnais Cúirte Uachtaraí agus tá sé i gceist ag an rialtas an fhoclaíocht ar aisghairm an 8ú Leasú Bunreachta a chuirfear faoi bhráid an phobail sa reifreann, a fhoilsiú amárach.

Eoin Ó Catháin, Tráchtaire sa mBruiséil.

Tá dréacht threoracha eadrascána faoin gcaidreamh a bheidh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta éisithe ag Uachtarán Chomhairle na hEorpa; Donald Tusk.

Donnchadha Ó Laoghaire, Urlabhraí Dlí is Cirt Shinn Féin.

Dúirt aonad staitisticí an Gharda Síochána leis an gComhchoiste Oireachtais ar Chúrsaí Dlí agus Cirt inniu, go raibh roinnt ban i gcontúirt go ndéanfaí foiréigean baile orthu, mar nach ndearna Gardaí taifeadadh cruinn ná rangú ceart ar choireanna a raibh siad ag déileáil leo.

An Taoiseach Leo Varadkar agus An Seanadóir Aodhán Ó Riordáin.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, i mBliain seo na Gaeilge 2018 déanadh plé ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht sa Dáil agus sa Seanad. Labhair an Taoiseach sa Dáil faoí bhánú na Gaeltachta agus chaith an Seanadóir Aodhán Ó Riordáin aimhreas ar chóras múinte na Gaeilge.

Scéalta Spóirt.

Liam Mac a' Mhaoir.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís