Nuacht a hAon Dé Céadaoin 8 Samhain 2017
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
National, international and regional news.
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta : Máire de Bhailís. Nuacht an Deiscirt : Jeaicí Mac Gearailt. Nuacht an Tuaiscirt : Aodh Máirtín Ó Fearraigh. Nuacht an Iarthair: Cáit de Bhailís.
Ar maidin in Inis Ceithleann, i gCo. Fhear Manach nochtaíodh leac i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sa mbuma a leag an IRA 30 bliain agus an lá inniu. Maraíodh 12 duine, Protustánaigh a bhí ag glacadh páirte i gcuimhneachán ar Arm na Breatainne sa gCogadh Mór.
Toghadh Marty Walsh mar mhéara ar chathair Bhostúin aréir. Bhí bua cuimsitheach go maith aige ar deireadh: 65%.
Dúirt Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump in oráid a thug sé i bparlaimint na Cóire Theas, go gcaithfidh tíortha uilig an domhain seasamh le chéile agus cur in aghaidh chlár núicleách na Cóire Thuaidh.
Bliain agus an lá inniu a toghadh Donald Trump ina Uachtarán ar na Stát Aontaithe, Uachtarántacht nach bhfuil gan chonspóid!
Tá glactha ag an Dáil le reachtaíocht a chuirfidh deireadh leis na táillí uisce. Rachfaidh an bille anois ó comhair an tSeanaid. Inniu sa Seanad leanfar don phlé ar an mBille Alcóil.
Antaine Ó Conghaile.
+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.