Nuacht a hAon Dé Céadaoin 1 Samhain 2017
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
National, international and regional news.
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta: Máire de Bhailís Príomhscéalta an Iarthair: Caitlín Ní Chualáin Príomhscéalta an Deiscirt: Daithí de Mórdha Príomhscéalta an Tuaiscirt: Damien Ó Dónaill
Maraíodh ochtar agus gortaíodh 11 duine eile ach ar bhuail leoraí beag rothaithe agus coisithe chomh maith le bus scoile d'aon turas i Manhattan, tá milleán dá chur ar an ngrúpa ar a dtugtar an Stát Ioslamach.
Tá bainistíocht shinsearach sa nGarda Siochána cáinte go láidir faoin gcaoi ar ciontaíodh daoine go héagórach faoi choireanna tráchta agus faoi na tástálacha bréige anála.
Tá státrúnaí an Tuaiscirt, James Brokenshire le ráiteas a dhéanamh inniu faoin dul chun cinn atá déanta sna comhráite idir an DUP agus Sinn Féin faoi athbhunú an rialtais díláraithe.
Níl aon tseirbhís traenach ar fáil inniu de bharr stailce aon lae.
+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithriú / Presenter: Bríd Ní Chualáin
Léiriú / Produced by: Séamus Mac Donnchadha