Nuacht a hAon Dé Máirt 18 Márta 2014
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
National, international and regional news.
Máire de Bhailís.
Michelle Nic Grianna.
Finnín Ó Tuama.
Tabharfaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin oráid ag seisiún speisialta den pharlaimint sa gKremlin inniu i bhfianaise an reifrinn a bhí sa gCrimé Dé Domhnaigh agus inar vótáil móramh an phobail imeacht ó scáth na hUcráine agus dhul isteach i gCodhnaidhm na Rúise. Shínigh an tUachtarán Putin conradh inné ag tabhairt aitheantais don Chrimé mar Stát neamhspleách.
Fógra an Aire Oideachais Ruairí Quinn go bhfuil sé ag laghdú a chur ar tháillí ollscoile do ghasúir le teaghlaigh Éireannacha a d'imigh ar imirce. Caint ar dhleacht 1% a chur ar theaghlaigh ar mhaithe le ciste fóirthinte a bhunú do dhaoine a bhí buaillte ag na tuillte.
Imní léirithe inniu ag grúpa dochtúirí comhairleacha faoin droch bhail atá ar ionaid dianchúraim in ospidéil na tíre.
Sé mhí ón lá inniu a bhéas an reifreann ar an neamhspleáchas dá reáchtáil in Albain.
Mícheál Mac Donnchadha.
Tá an tSín tosaithe ag cuartú ina limistéar fhéin don eitleán le Aerlíne na Malaeisia a chuaigh ar iarraidh agus í ag dul as Kuala Lumpur go Beijing os cionn 10 lá ó shin agus 239 duine ar bord uirthi.
+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.