Murach gur tharla

Murach gur tharla

11:00 - 12:00 Dé Sath / Sat

Murach Gur Tharla Dé Sathairn 16 Meitheamh 2018

Sraith staire ina bpléann painéil éagsúla staraithe an t-athrú, dar leo, a d'fhéadfadh a bheith ar Éirinn murach gur tharla eachtraí áirithe i stair na tíre.  Is iomaí athrú ar Éirinn thar na cianta a chonaic ár sinsir, athruithe a chruthaigh Éire an lae inniu; náisiún Críostaí, a achar talaimh roinnte amach go réasúnta cothrom, ach go leor dá mhuintir scaipthe ar fud an domhain; oileán críoch-dheighilte; ó thuaidh, stát ina maíonn formhór an phobail a ndílseacht don Bhreatain agus ó dheas poblacht neamhspleách, ach a úsáideann córas dhlí chomónta Shasana agus a fheidhmíonn trí teanga a gcomharsana freisin.  Ag an am céanna, pobal oileánda faoi shíocháin, lena fhéiniúlacht shainiúil féin, atá ann.  Ach cad iad na heachtraí staire is cúis leis an tír a bheith mar seo?  Agus murach iad, cén cruth a bheadh ar an tír agus an sochaí? 

Scun Scan Productions a léirigh an tsraith seo, le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail léiritheoir agus láithreoir na sraithe.

Each week in this series, some of Ireland's finest historians examine key historical events that shaped Ireland as we know it today and discuss what the impact on our history and our country might be had they not happened.   Produced by Scun Scan Productions, with support from the BAI Sound and Vision scheme.  Dónall Ó Maolfabhail presents and produces the series.

Na cláracha:

Clár 1
An tOllamh Emeritus le Seandálaíocht Muiris Ó Súilleabháin, an Dr Edel Breathnach agus an tOllamh Emeritus le luath agus meán Ghaeilge Pádraig Ó Riain.
Obair na gcéad misinéirí Críostaí, agus an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar an stair murach na misinéirí Críostaí luath seo.

Clár 2 
An tOllamh le stair Dáibhí Ó Cróinín, an tOllamh le sean agus meán Ghaeilge Máirín Nic Dhonnchadha agus an staraí an Dr Colman Etchingam.
Réimeas Bhriain Bhorómha agus arbh é a réimeas siúd an chéad uair a aithníodh oileán na hÉireann mar náisiún, agus céard a bheadh tarlaithe murach sin agus murach gur tharla Cath Chluain Tarbh.

Clár 3 
An tOllamh le stair Dáibhí Ó Cróinín, an tOllamh le stair Máire Ní Mhaonaigh agus an léachtóir le Gaeilge an Dr Caitríona Ní Dhochartaigh.
Ionradh Aonraoi II agus an mbeadh córas dlí difriúil in Éirinn murach é.

Clár 4:
 An staraí an Dr Éamonn Ó Ciardha, an léachtóir Gaeilge An Dr Malachy Ó Néill agus an scoláire Gaeilge an Dr Mícheál Mac Craith.
Imeacht na nIarlaí agus cé acu an mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre na tíre murach gur imigh siad.

Clár 5
An staraí An Dr Éamonn O Ciardha, an scoláire Gaeilge an Dr Art Hughes agus an staraí An Dr Padraig Lenihan.
Cogadh an Dá Rí agus mar a bhuanaigh sé an chríochdheighilt sa tír agus an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar stair na tíre agus Éire an lae inniu, murach gur tharla sé.

Clár 6:  
An tOllamh Emeritus le stair Gearóid Ó Tuathaigh, an staraí An Dr Niall O Cíosáin agus an tOllamh le Gaeilge Pádraig Ó Macháin.
Fuascailt na gCaitliceach, agus an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn an lae inniu murach gur tharla sé.

Clár 7
An tOllamh Emeritus le cúrsaí Eacnamaíochta Cormac Ó Gráda, an staraí An Dr Maura Cronin agus an scríbhneoir Cathal Poirtéir an Gorta Mór.
Mar a chruthaigh sé Disapora ollmhór.  Cén t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar stair na tíre murach gur tharla an Gorta Mór?

Clár 8 
An tOllamh Emeritus le stair Gearóid Ó Tuathaigh, an tEolaí Polaitíochta agus Socheolaíochta An Dr Tony Varley agus an scoláire Gaeilge an Dr Nollaig Ó Muraíle.
Cogadh na Talún agus an mór-thionchar a bhí aige ar athroinnt talaimh na hÉireann, agus cén t-athrú a bheadh ar an stair agus ar an tír murach é.

Clár 9 
An tOllamh le Gaeilge Regina Uí Chollatáin, an léachtóir Gaeilge an Dr Cathal Billings agus an staraí ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael an Dr Dónall Mac an Aillinn.
An t-athbheochan cultúrtha a tharla ag deireadh an naoú haois déag agus an mbeadh féiniúlacht neamhspleách againn murach é.   

Clár 10 
Na staraithe An Dr Kerron Ó Luain, Cormac Ó Comhraí agus Pádraig Ó Snodaigh. 
Athbheochan an IRB sa fichiú haois, agus an mbeadh stát neamhspleách na hÉireann ann murach é.


Clár 11
An tOllamh le dlí Fionnuala Ní Aoláin, an staraí an Dr  Caitríona Clear agus an t-abhcóide Tomás Ó Máille. Bunreacht 1937 agus cé acu an stát coimeádach é Éire dá bharr. 

Clár 12:
An t-eolaí socheolaíochta agus polaitíochta An Dr Niall Ó Dochartaigh, agus na hiriseoirí Póilín Ní Chiaráin agus Seosamh Ó Cuaig. 
A
n próiseas síochána ó Thuaidh agus cé acu an mbreathnófar amach anseo ar iar-Uachtarán Shinn Féin go fábharach nó go diúltach. Céard a bheadh tarlaithe murach an Próiseas Síochána agus go háirithe Conradh Aoine an Chéasta. 

Murach Gur Tharla

Sa chlár seo, pléann an tOllamh le stair Dáibhí Ó Cróinín, an tOllamh le sean agus meán Ghaeilge Máirín Nic Dhonnchadha agus an staraí an Dr Colman Etchingam, Réimeas Bhriain Bhoroimhe agus arbh é a réimeas siúd an chéad uair a aithníodh oileán na hÉireann mar náisiún, agus céard a bheadh tarlaithe murach sin agus murach gur tharla Cath Chluain Tarbh.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

rnag@rte.ie 
info@scunscan.ie

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú: Dónall Ó Maolfabhail, Scun Scan Productions

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís