Iris Aniar

Iris Aniar

Luan - Aoine / Mon - Fri • 09:15 - 10:15

Iris Aniar Dé hAoine 14 Bealtaine 2021

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Iris Aniar 14 Bealtaine 2021

Cormac Ó Comhraí, staraí; Seán Ó Neachtain agus Dónal Ó Droighneáin faoi luíochán sa Spidéal; Aoife Ní Eochaidh, fisiteiripeoir.

Cormac Ó Comhraí, staraí.

Céad bliain sa lá inniu a tharla, luíochán an Spidéil. Rinneadh ionsaí ar ghrúpa den RIC ar an 14 Bealtaine 1921 agus mar dhíoltas ar an luíochán, las buíon de na 'Black an 'Tans cheithre theach i gceantar an Spidéil.

Seán Ó Neachtain agus Dónáll Ó Droighneáin.

Ag labhairt faoi Luíochán an Spidéil agus an chaoi ar dódh cheithre theach sa gceantar. Seán Ó Neachtain ó Chumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige agus dódh teach de chuid muintir Uí Dhroighneáin ar an Tuar Beag freisin.

Aoife Ní Eochaidh.

Ag labhairt faoin athrú saoil agus an chaoi go bhfuil roinnt Seanadóirí ag iarraidh go mbeadh feachtas feasachta faoin sos míostraithe do mhná. Is fisiteiripeoir agus saineolaí ar shláinte na mban í Aoife, i gClinic na gComhairleach in Ospidéal na mBon Secours i nGaillimh.

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522 / +353 91 506677

51553 • 80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fionnuala Uí Neachtain
Léiritheoir/Producer:  Treasa Bhreathnach

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís