Iris Aniar

Iris Aniar

Luan - Aoine / Mon - Fri • 09:15 - 10:15

Iris Aniar Dé Luain 10 Bealtaine 2021

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Iris Aniar 10 Bealtaine 2021.

Na Coláistí Samhraidh; Altraí faoi oiliúint; An scannán, 'The Queen v Patrick O'Donnell'; Teastas i múineadh na Gaeilge.

Ní bheidh Coláistí Samhraidh i mbliana.

Labhrann muid le triúir faoin tionchar a bheidh aige seo orthu agus ar an gceantar. Maggie Uí Fhlatharta, bean tí; Richard Mac Donnchadha ó Ollmhargadh Mhic Dhonnchadha; Pádraic Ó Neachtain ó Comhlacht Busanna Uí Neachtain ar an Spidéal.

Evelyn Ní Ghriallais.

Altraí faoi oiliúint le íocaíochtaí de €100 in aghaidh na seachtaine a fháil do na socrúcháin oibre a rinne siad le linn na paindéime agus íocfar iad siar chomh fada le mí Meán Fómhair seo caite.

Ciarán Ó Cofaigh.

Tá fadscannán drámaíochta / faisnéise nua, 'The Queen v Patrick O'Donnell', déanta ag an gcomhlacht Rosg agus insíonn an léiritheoir dúinn faoi.

Ailín Ní Chonchúir.

'An Teastas i Múineadh na Gaeilge d'Fhoghlaimeoirí Fásta' ag earcú rannpháirtithe faoi láthair don chéad bhliain eile den chúrsa agus is é Lár-Ionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad atá á reáchtáil.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522 / +353 91 506677

51553 • 80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fionnuala Uí Neachtain
Léiritheoir/Producer:  Treasa Bhreathnach

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís