Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 17 Aibreán 2019

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Maidhc Ó Curraoin, duine den ghrúpa gnímh deacrachtaí soláthar uisce i gceantar na nOileán.

Tá píopa nua uisce á leagan idir Tír an Fhia agus Droichead Charraig a Logáin i gceantar na nOileán faoi láthair. Bhí an píopa seo ar cheann de na píopaí uisce is mó a bhí ag tabhairt trioblóide sa gceantar le fada.

Tina O'Dwyer, ó The Tourism Space.

Tá plean turasóireachta do Oileáin Chonamara, 2019-2021 le seoladh i Leitir Móir anocht, plean atá curtha le chéile ag an eagraíocht Tourism Space do Chomhar Chuigéil, i gcomhar le pobal an cheantair. Is in Ionad Pobail Leitir Móir a bheidh an seoladh ar siúl.

Stiofán Seoige, an t-aisteoir Andy i Ros na Rún. Marian Ní Loingsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún.

Baineadh stangadh as lucht féachana Ros na Rún an lá faoi dheireadh mar gur facthas caraictéir a ceapadh a bhí básaithe le blianta ar ais ar ár scáileán arís, sé sin Aindí Ó Neachtain, deartháir Bhernie. Is í Marian an léiritheoir sraithe nua atá ag Ros na Rún agus tá siad ag réiteach faoi láthair do shraith fiche ceathair.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach.

Tá an Comhairleoir Ó Conchúir den tuairim go bhfuil sé thar am ag an gComhairle Contae agus Cathrach, díleá anaeróbach nó briseadh síos a dhéanadh ar ábhair orgánacha a thiocfadh ó chúrsaí talmhaíochta, feoil dearg, drioglanna, fuíollach ainmhithe nó beatha - le gás ar a dtugtar bithmheatán nó biomethane a tháirge.

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fionnuala Uí Neachtain
Léiritheoir/Producer:  Treasa Bhreathnach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís