Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 7 Márta 2018

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

Richie Ó hEadhra ó Uisce Éireann agus Tomás Ó Fatharta, Feirmeoir as Dún an Uchta.

Bhí srianta uisce i bhfeidhm i gcaitheamh na hoíche aréir ar an gCeathrú Rua, i dTír an Fhia, i Rosmuc, i gCorr na Móna, ar an bhFairche, i gCrosaire na Tulaí agus i Leitir Fraic. Tá thart ar cheithre mhíle teach in oirthear na Gaillimhe fágtha gan aon deoir uisce lá agus oíche le dhá lá.

Micheál S. Mac Donncha, Rúnaí Chraobh Iar-Chonnacht le Cumann Múinteoirí Éireann.

Beidh agóid ag an INTO, ASTI agus an TUI faoi chothromaíocht páigh taobh amuigh don Dáil tráthnóna.

Síofra Ní Chlochartaigh.

Tá Síofra beagnach cáilithe mar mhúinteoir bunscoile agus beidh sí ag dul anonn go dtí an Ind le dhul ag obair le linn an tSamhraidh.

Catherine Connolly, Teachta Dála agus John Bhaba Jeaic ó Choiste Cearta Bainte Feamainne Chonamara.

Beidh Coiste Cearta Bainte Feamainne Chonamara ag agóidíocht taobh amuigh de Dháil Éireann inniu. Tá an Teachta Dála Catherine Connolly le rún a chuir os comhair na dála inniu ag iarraidh go gcuirfí athruithe ar thionscail na feamainne.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fionnuala Uí Neachtain
Léiritheoir/Producer:  Treasa Bhreathnach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís