Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 5 Márta 2018

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

Pádraic Ó Conghaile, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta.

Tabharfar eolas faoi na scéimeanna éagsúla a thagann faoi chúram Údarás na Gaeltachta ag ócáidí eolais atá á eagrú i gConamara an tseachtain seo.

Linda Mhic Eochagáin, as An Aill Bhuí, Ros Muc.

Chuir Linda glaoch ar an gclár agus thug sí le fios nach raibh aon uisce ar An Aill Bhuí ó Déardaoin seo caite go dtí trathnóna inné. Is minic iad fágtha gan uisce agus gan droch aimsir ar bith ann.

Pádraig Ó Cualáin as Inis Mhic Cionaith ó dhúchas agus Doire Fhearta agus Tadhg Ó Curraoin as an Spidéal.

Tá Tadhg ag déanamh cúrsa le Europus faoi láthair agus chuaigh sé amach le gairid agus rinne sé agallamh le Pádraig. Is saor báid é Pádraig agus rinne sé cur síos ar na báid do Thadhg.

Máirtín Davy Ó Coisdealbha ó Phastime Chonamara agus roinnt de na daoine atá ag déanamh ranganna deileadóireachta le Pastime Chonamara.

Bíonn ranganna deileadóireachta ar bun in ionaid éagsúla ag Pastime Chonamara agus ar cheann acu tá Scoil Náisiúnta Leitir Mucú. Labhair Jó Ní Chéide le roinnt de na daoine atá ag freastal ar an rang.

Julie Ann de Brún.

D'fhreastal ionadaithe poiblí, tuismitheoirí, múinteoirí agus scoláirí ar chruinniú poiblí i nGaillimh Dé hAoine seo caite le plé a dhéanamh ar an laghad acmhainní agus seirbhísí atá sa gcontae do ghasúir a bhfuil suim acu i gcúrsaí ceoil.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fionnuala Uí Neachtain
Léiritheoir/Producer:  Treasa Bhreathnach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís