Iris Aniar Déardaoin 19 Meitheamh 2014
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Bhí cruinniú ag coiste na mbainteoirí feamainne aréir, ar mhaithe lena gcríonnacht a dhéanamh faoi chosaint a thabhairt do lucht bainte feamainne sa taobh seo tíre.
Tá slua mór feirmeoirí agus lucht tacaíochta leo ón taobh seo tíre ar an mbealach go Baile Átha Cliath faoi láthair le páirt a ghlacadh san agóid a bheas ar siúl taobh amuigh d'oifigí na Roinne Talmhaíochta agus na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar maidin.
Is iad na páipéir Ghrafaic Dhearaidh agus Chumarsáide agus an páipéar Eacnamaíochta a bhí ag scoláirí na hArdteiste inné agus bhí Aonghus agus Cian ag tabhairt a gcuid tuairimí faoi na páipéir. Rinne Linda an scrúdú Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide agus thug sí a tuairim faoin scrúdú.
Tá scór as Club Dornálaíochta & Aclaíochta Chonamara ag tabhairt a n-aghaidh ar Bhoston Mheiriceá Dé Luain seo chugainn chun páirt a ghlacadh i gcomórtas idir iad féin agus dornálaithe óga Bhoston.
Seolfaidh an Dr. Nollaig Ó Muraíle, Ceann Scoil na Gaeilge OÉG, dlúthdhiosca ar a bhfuil cáipéis de gach imleabhar sa tsraith ''Logainmneacha Mhaigh Eo'' ag ócáid a bheas ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann, i dTurlach i gContae Mhaigh Eo amárach.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís