Iris Aniar Dé Máirt 25 Márta 2014
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta píopa fuíoll-uisce as Eastáit Thionsclaíoch na Tulaigh a scaoileadh amach agus síos as Céibh Bhaile na hAbhann. Tharraing Coiste Pobail na Tulaigh cruinniú práinneach le feidhmeannaigh sinsearacha ó Údarás na Gaeltachta aréir leis an cheist seo a phlé.
Tá go leor cainte á tarraingt ag cúrsaí piríte i gceantar Iorrais i Maigh Eo faoi láthair.
Tá cuid mhaith cur agus cúitimh faoin méid daoine atá ag fanacht ar thithe Comhairle Contae agus Cathrach, ach tá an scéal i bhfad níos measa ná mar a léiríonn na figiúirí ar an gcéad amharc agus ar a laghad 10,000 duine ag fanacht ar na tithe seo.
Tá Cumann Béaloidis Chonamara ag reáchtáil ócáide dar teideal 'Dea-chaint 's Deisbhéalaíocht' in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua anocht, agus is é Máirtín aoichainteoir na hoíche anocht.
Déantar Féile Raifteirí a cheiliúradh gach bliain i mBaile Locha Riach agus tá tús á chur le féile na bliana seo Déardaoin seo chugainn.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís