Iris Aniar Dé hAoine 7 Márta 2014
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Tionólfar cruinniú poiblí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua oíche Dé Luain seo chugainn chun ceist oideachas na Gaeltachta a phlé. Tá deireadh curtha le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ó dheireadh na bliana seo caite.
Tá tithe lóistín ag Ríona ag céibh an Mhása, taobh thiar de Charna, agus réabadh an bóthar isteach ag a teach nuair a bhí an droch aimsir ann.
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag eagrú cúrsa seachtaine atá dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara. Beidh an bhéim ar nádúr na Gaeilge, stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha agus cruinneas teanga.
Ag cur síos ar an gcoirm cheoil mhór a bheas RTÉ Raidió na Gaeltachta a thaifeadadh sa Forge i Maigh Cuilinn san oíche amárach agus a bheas á chraoladh ar an stáisiún seo oíche Lá Fhéile Pádraig.
Léireoidh mic léinn as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leagan den dráma ''Electra'' a scríobh an scríbhneoir ársa Gréigeach, Sophocles, na cianta cairbreacha ó shin. Is é an drámadóir mór le rá, Frank McGuinness, a chóirigh an leagan seo den dráma, dráma nár cuireadh ar stáitse in iarthar na hÉireann riamh roimhe seo.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís