Iris Aniar Dé Máirt 4 Márta 2014
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Tháinig an tráiléir ollmhór an MFV Margiris isteach in uiscí na hÉireann an tseachtain seo caite agus tá roinnt mhaith imní faoi seo léirithe ag eagraíochtaí a bhíonn ag plé cúrsaí iascaireachta in iarthair na hÉireann.
Is crá croí e pian droma do go leor daoine ar na saolta seo agus chuir an Dr. Ó Beirn síos ar céard is ceart do dhaoine le pian droma a dhéanamh agus ar na rudaí a mbíonn tionchar ag pian droma orthu.
Tá SBB sa gcistineach agus Eilín ag déanamh pancóg mar gurb é inniu Máirt na hInide agus lá na bpancóg.
Chuaigh Mairéad Uí Chuaig chomh fada le Colm atá sé bliana le cois na ceithre scór agus d'fhiafraigh sí dó céard a cheap sé faoin méid cainte atá an Ghaeilge a tharraingt ar an aimsir seo.
Bhí an dara cruinniú sa gCrann Taca in Indreabhán aréir féachaint le socruithe a dhéanamh faoin bpleanáil teanga atá le réiteach do cheantar Chois Fharraige, sin é an ceantar idir Ros a 'Mhíl agus na Forbacha. Chuir Donncha síos ar mar a d'éirigh le cruinniú na hoíche aréir.
Tá Éigse an Spidéil ag tosú amárach agus ag leanúint ar aghaidh go Domhnach. Chuir Deirdre síos ar na himeachtaí ar fad a bheas ar siúl le linn na hÉigse.
Tá Eilín ar mire ag déanamh pancóg agus go leor cineálacha pancóg déanta aice agus iad ar fad á mblaiseadh agus ag cur síos ar na pancóga a bhíodh acu féin nuair a bhí siad óg.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís