Iris Aniar Déardaoin 6 Feabhra 2014
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Tá coirmcheoil mhór á chur ar bun ag Coláiste Cholmcille in Óstán na Páirce san oíche amárach agus beidh go leor de na scoláirí ag glacadh páirte sa gcoirmcheoil, idir cheol, damhsa agus amhránaíocht. Is ar mhaithe le himeachtaí agus ócáidí a bhíonn ar siúl ag an gColáiste atá an choirmcheoil ar siúl.
Is banna ceoil óg iad ''Skippers Alley'' atá ag baint clú agus cáil amach dóibh féin i saol an cheoil thraidisiúnta. Bhí siad le feiceáil ar an Late Late Show coicís ó shin agus is as Carna i gConamara do Eoin. Tá sé i measc na n-iomaitheoirí sa chraobh do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada a bheidh ar siúl i gCorcaigh Dé hAoine seo chugainn.
Tá sceitimíní ar mhuintir chlub Chill tSéadna in iarthuaisceart Mhaigh Eo mar go mbeidh siad ag imirt i gcluiche ceannais idirmheánaigh na hÉireann peile Dé Domhnaigh seo chugainn.
Is mór atá tagtha isteach le cladach nach raibh aon tsúil leis de bharr na stoirme. Bhain buaí as an Mol Thuaidh a bhíonn ag coinneáil súil ar chúrsaí athrú aeráide iarthuaisceart Mhaigh Eo amach.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís