Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Luain 25 Samhain 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Anna Ní Chartúir & Mairéad Ní Chualáin ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Anna Ní Chartúir & Mairéad Ní Chualáin ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

D'eagraigh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna Teoranta comhdháil oideachais ar an deireadh seachtaine. Dúirt Uachtarán na hÉireann ag an gcomhdháil go bhfuil ról an-tábhachtach ag na scoileanna Gaeltachta le cumas sa Ghaeilge a chothú agus tacú le húsáid na Gaeilge i measc phobal na Gaeltachta.

Frank Reidy; Joe Steve Ó Neachtain; Lochlainn Ó Tuairisg & Niall Ó Murchú.

Frank Reidy; Joe Steve Ó Neachtain; Lochlainn Ó Tuairisg & Niall Ó Murchú.

Seolfar leabhar nua Joe Steve Ó Neachtain - 'Ag Caint linn féin' agus leabhar nua Frank Reidy, 'Seal san Aetóip - Sa tóir ar Áirc an Chonartha', chomh maith leis an dlúthdhiosca Carúil na Nollag le Cór Chois Fharraige, ag mórsheoladh Nollag Chló Iar Chonnacht san oíche Dé hAoine seo chugainn.

Mairéad Uí Oibicín, as Leitir Mucú.

Mairéad Uí Oibicín, as Leitir Mucú.

Bhronn an tIonad Dea-Shláinte sa Spidéal cúrsa deich seachtaine ar dhuine d'éisteoirí Iris Aniar le deis a thabhairt dóibh éirí níos aclaí agus meáchan a chailleadh agus is í Mairéad atá ag déanamh an chúrsa. 

Keywords

Patricia Uí Fhlatharta, múinteoir gairmthreorach.

Patricia Uí Fhlatharta, múinteoir gairmthreorach.

Cúrsaí CAO anois, agus cé go mb'fhéidir go sílfeá go bhfuil sé luath a bheith ag caint air, tá an Lároifig Iontrála (CAO) ag glacadh cheana féin le hiarratais ar áiteanna in institiúidí oideachais tríú leibhéal - agus sin ón 5 Samhain ar aghaidh.

Keywords

CAO

Stephanie Ní Chonghaile, Bainisteoir Cúnta i Siopa na Seoigheach i mBaile Átha an Rí.

Bíonn caint mhór ar chártaí dílseachta sna hollmhargaí áitiúla agus tá neart siopaí i gConamara ag cur na seirbhíse ar fáil dá gcustaiméirí. Ina measc siúd tá Siopa na Seoigheach atá lonnaithe i gCnoc na Cathrach agus tá cártaí nua dílseachta acu atá beagán difriúil ó chártaí dílseachta eile.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís