Iris Aniar Dé Céadaoin 20 Samhain 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Ag aithris an véarsa atá cumtha aige in ómós do Thomás Mac Eoin.
Tá táille uisce na bliana seo íoctha anois ag 300 líon tí as na 500 a bhfuil baint acu le scéim uisce Loch Thoirbirte agus Leitir Mealláin. Tabharfar lascaine do dhaoine a mbeidh a gcuid táillí reatha íoctha acu roimh thráthnóna inniu.
Le gairid tá tús curtha aice le gnó eile taobh amuigh dá cuid oibre, is é sin ag plé le smideadh. Bhain sí céim amach in Ealaín i gCorcaigh, agus fuair sí gradam dá péintéireacht ann. Tá sí ag cur smididh ar Fhionnuala ar maidin. Tá Máirín Uí Dhomhnaill, as Tír an Fhia ag aithris dáin in ómós do Thomás Mac Eoin.
Tá blianta caite aici ag obair go deonach leis an eagraíocht i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Oibríonn OBAIR D'ÓGRA ÉIREANN le os cionn deich míle agus trí scór déagóir, ar fud na tíre. Chuir Mairéad síos ar an obair a bhíonn ar siúl acu.
Tá féile Eolaíochta agus Teicneolaíochta na Gaillimhe faoi lánseol i gcathair na Gaillimhe le seachtain anois, agus beidh taispeántas mór in Ollscoil na hÉireann Gaillimh le clabhsúr a chur léi Dé Domhnaigh seo chugainn. Bhuaigh Scoil Mhuire an chéad áit sa chomórtas Real Life Science le gairid.
Chuala muid Treasa, Máirín agus Liam ag aithris an phíosa filíochta a chum siad in ómós do Thomás Mac Eoin.
Tá Aip nua eile do pháistí agus d'fhoghlaimeoirí Gaeilge seolta ag TG4. ''Cúlchaint 3'' atá ar an aip nua seo agus chuir Máire Treasa síos air do Mháirín.
Tá Karina agus Fionnuala ar ais agus is cinnte gur álainn atá Fionnuala ag breathnú agus Karina tar éis a cuid smididh a chur uirthi.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís