Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Céadaoin 6 Samhain 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Cóilín Ó Neachtain, ár dtuairisceoir i mBoston ag toghchán Mhéara Bhoston.

Tá sé ina cheiliúradh i mBoston Mheiriceá agus fear de bhunadh Chonamara, Marty Walsh, tofa ina mhéara ar an gcathair. Is é Marty Walsh an t-ochtú méara is dhá scór ar an gcathair.

Micheál Mac Donncha, Oifigeach Eolais, Faisnéis do Shaoránaigh & Seán Ó Cearbhaill, Dlíodóir.

Tá an cháin mhaoine ar cheann de na hábhair is mó atá i mbéal an phobail faoi láthair agus litreacha faighte ag go leor ó na Coimisinéirí Ioncaim ag rá go bhfuil an cháin le n-íoc acu. Tá go leor míthuisceana faoin uair atá an cháin le n-íoc agus cén chaoi a n-íocfar í.

Traolach Ó Conghaile; Aoife Ní Choisdealbha, Ruby Ní Chuinn, Liadán Canny, Caoimhe & Sadhbh Ní Chonghaile & Laura Ní Ghoill.

Bhain Aoife agus Ruby amach an chéad áit sna Lúibíní faoi dhá bhliain déag ag an Oireachtas i mbliana. Fuair Liadán an chéad áit ag amhránaíocht ar an Sean-Nós faoi dhá bhliain déag. Bhain Caoimhe agus Sadhbh an chéad áit amach ag déanamh agallaimh beirte agus fuair Laura an chéad áit san amhránaíocht idir dhá bhliain déag agus chúig bhliana déag.

Tom Costelloe, Comhairleoir Cathrach.

Tá Aerfort na Gaillimhe ceannaithe ag Comhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe ar 1.1 milliún euro ó Chumann Trádála agus Tráchtála na Gaillimhe. Tugadh an t-eolas seo ag cruinniú speisialta de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe arú aréir.

Micheál Ó Conghaile, úinéir Chló Iar Chonnachta & Pádraic Breathnach, scríbhneoir as Maigh Cuilinn.

Tá séasúr léimh phróis á eagrú ag Cló Iar-Chonnachta an tseachtain seo darbh ainm SLIOCHT agus seo é an chéad uair acu ócáid mar seo a chur ar bun. Cuirfear tús leis an ócáid anocht i dTéatar Uí Chearbhalláin, in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Beidh Pádraic Breathnach ag léamh cuid dá shaothar.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís