Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé hAoine 1 Samhain 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Pádraic Ó Mainnín, as an bPáirc, sa Spidéal.

Tá Pádraic ar dhuine den duine is fiche a bhfuil gradam crógachta á bhronnadh air ag ócáid i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce inniu. Is mar gheall gur shábháil sé cailín beag cheithre bliana d'aois a bhí i mbaol a báite atá an gradam á bhronnadh ar Phádraic.

Dara Calleary, TD le Fianna Fáil.

Beidh mná a bhíonn ag obair taobh amuigh den teaghlach ag cailleadh trí mhíle agus trí chéad euro ar an meán, le linn a saoire máithreachais de bharr ciorruithe a rinneadh sa mbuiséad.

Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir teilifíse.

Labhair Bláthnaid faoin tsraith teilifíse ''Ireland's Search and Rescue'' a bhfuil sí ina bhun faoi láthair. Labhair sí freisin ar a clann agus an chaoi a gcuireann siadsan suas léi a bheith i mbéal an phobail.

Johnny Chóil Mhaidhc & Tom Sailí Ó Flaithearta.

Agallamh beirte a rinne siad ag an Oireachtas blianta fada ó shin agus a bhí bunaithe ar agallamh beirte eile faoi chearca a bhí déanta acu roimhe sin ach nár thug na moltóirí faoi deara.

Áine Ní Chonghaile, úinéir an chomhlachta Europus.

Tá tús á chur ag an gcomhlacht Europus le cúrsa nua aistriúcháin i gCarna an tseachtain seo chugainn. Is cúrsa sé mhí atá i gceist leis agus chuir Áine síos air.

Fiona Ní Fhlatharta, as Camus ó dhúchas ach atá ina cónaí i Perth.

Is mór i gceist an imirce ar na saolta seo agus a bhfuil ag tabhairt a n-aghaidh ar chríocha i bhfad i gcéin. Tá trí bliana caite ag Fiona san Astráil agus chuir sí síos ar a saol thall ansin.

P.J. Ó Ceallaigh, Comhairleoir Contae as Lios Uí Chathasaigh i gCo. An Chláir.

Tá scéim nua seolta ag Comhairle Contae an Chláir le héascaíocht a dhéanamh d'fheirmeoirí agus úinéirí talún sceacha i mbóithrí beaga a choinneáil gearrtha.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís