Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Máirt 29 Deireadh Fómhair 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Máirtín Ó Laoi, Cathaoirleach Mheitheal Drugaí an Iarthair.

Máirtín Ó Laoi, Cathaoirleach Mheitheal Drugaí an Iarthair.

Beidh Meitheal Drugaí an Iarthair ag tarraingt airde an mhí seo chugainn ar an tionchar a bhíonn ag ól agus ag drugaí ar dhaoine an taobh seo tíre agus beidh siad ag tabhairt eolais freisin faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil i gceantair Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Ros Comáin.

Keywords

An Dr. Séamus Ó Beirn.

An Dr. Séamus Ó Beirn.

Mír Rialta Sláinte - An galar scoilteacha a bhí á phlé ar an gclár inniu.

Fiona Ní Chonghaile, bainisteoir le Lyons of Nenagh, comhlacht a dhíolann carranna i dTiobraid Árann.

Fiona Ní Chonghaile, bainisteoir le Lyons of Nenagh, comhlacht a dhíolann carranna i dTiobraid Árann.

Bhí Gradaim Líonra Gnó na bliana ar siúl in Óstán Oileán Fóta i gCorcaigh ar an gceathrú lá den mhí seo agus bhí gradaim á mbronnadh ar mhná gnó na bliana ag an ócáid. Thug Fiona an gradam léi d'fhostaí ban na bliana. Is as Cuilleán ar an gCeathrú Rua í Fiona ó dhúchas.

Peadar Ó Scanaill.

Peadar Ó Scanaill.

Mír rialta tréidliachta - Labhair muid ar an gclár seo ag tús na bliana faoin riail a bhí tugtha isteach go gcaithfi tástáil a dhéanamh ar chuile lao a bhéarfaí tar éis an chéad lá de mhí Éanair lena fháil amach an raibh aon bhaol go raibh an víreas BVD orthu. An cheist mhór anois ná cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an scéim seo lena chinntiú nach mbeidh BVD ar na laonna.

Máire Uí Neachtain, Fionnuala Ní Chonchubhair, Déaglán Ó Cualáin ó Croílíne Chois Fharraige & Aodán Mac Donncha.

Máire Uí Neachtain, Fionnuala Ní Chonchubhair, Déaglán Ó Cualáin ó Croílíne Chois Fharraige & Aodán Mac Donncha.

Tá suas le 16,000 euro cruinnithe ag an gcoiste deonach, Croílíne Chois Fharraige ar mhaithe le trealamh a chur ar fáil go poiblí, a choinneodh duine beo, tar éis taom croí, go dtiocfadh otharcharr. Seoladh ceangal oifigiúil idir an coiste seo agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr ag ócáid sa Spidéal Dé Sathairn.

Kevin Ó hEadhra.

Beidh micreaghrúdlann á bhunú ar an Estáit Tionsclaíoch ar an gCeathrú Rua go gairid le haghaidh beoir a tháirgeadh. Is é Kevin atá i gceannas ar an tógra.

Máirín Mhic Lochlainn, scéalaí.

Máirín Mhic Lochlainn, scéalaí.

Beidh na hoícheanta airneáin ar siúl arís i mbliana agus iad ag tosú sa Leabharlann ar an gCeathrú Rua ag a sé an chloig tráthnóna inniu.

Iris Aniar ar Twitter

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís