Iris Aniar Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Dúirt an Ghluaiseacht ''Gaillimh in aghaidh Cliabhán Éisc'' go bhfuil eolas maidir le galair atá ag déanamh damáiste de bhradáin feirme á cheilt ag an Aire Simon Coveney, ar phobal cois cósta. Dúirt Seán Ó Gabháin nach fadhb mhór é an galar AGD mar a léirigh an Roinn Talmhaíochta agus nach dteastaíonn lena leigheas ach fíoruisce.
Bronnadh céim mháistreachta oinigh ar Liam agus ar Mhicheál ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inné, mar aitheantas ar a saothar saoil go dtí seo.
Ag labhairt ar na tinte móra sna Blue Mountains agus thart timpeall New South Wales is mó atá ag déanamh imní do dhaoine i Sydney agus thart ansin faoi láthair.
Beidh léirsiú ar siúl ag an eagraíocht Amnesty trí shráideanna na Gaillimhe ag meánlae amárach le haird a tharraingt ar chearta daonna a bheith á sárú sa Rúis, go speisialta i measc daoine aeracha nó homaighnéasaigh.
Thug Seán le fios go mbeidh na Gardaí feiceálach ar bhóithre na Gaillimhe agus Chonmara an deireadh seachtaine saoire bainc seo.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís