Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Ruairí Ó Cualáin, ón nGluaiseacht ''Gaillimh in aghaidh Cliabháin Éisc'' & Seán Ó Gabháin, Bainisteoir, Oileán Mara.

Ruairí Ó Cualáin, ón nGluaiseacht ''Gaillimh in aghaidh Cliabháin Éisc'' & Seán Ó Gabháin, Bainisteoir, Oileán Mara.

Dúirt an Ghluaiseacht ''Gaillimh in aghaidh Cliabhán Éisc'' go bhfuil eolas maidir le galair atá ag déanamh damáiste de bhradáin feirme á cheilt ag an Aire Simon Coveney, ar phobal cois cósta. Dúirt Seán Ó Gabháin nach fadhb mhór é an galar AGD mar a léirigh an Roinn Talmhaíochta agus nach dteastaíonn lena leigheas ach fíoruisce.

Liam Mac Con Iomaire, múinteoir, iriseoir, scríbhneoir, as Doire an Fhéich ó dhúchas & Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar Chonnacht.

Liam Mac Con Iomaire, múinteoir, iriseoir, scríbhneoir, as Doire an Fhéich ó dhúchas & Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar Chonnacht.

Bronnadh céim mháistreachta oinigh ar Liam agus ar Mhicheál ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inné, mar aitheantas ar a saothar saoil go dtí seo.

Brian (Tommy Khate) Ó Mainnín, ar Ros Muc ó dhúchas ach atá ina chónaí i Sydney.

Brian (Tommy Khate) Ó Mainnín, ar Ros Muc ó dhúchas ach atá ina chónaí i Sydney.

Ag labhairt ar na tinte móra sna Blue Mountains agus thart timpeall New South Wales is mó atá ag déanamh imní do dhaoine i Sydney agus thart ansin faoi láthair.

Niamh Ní Argáin, ón eagraíocht Amnesty.

Niamh Ní Argáin, ón eagraíocht Amnesty.

Beidh léirsiú ar siúl ag an eagraíocht Amnesty trí shráideanna na Gaillimhe ag meánlae amárach le haird a tharraingt ar chearta daonna a bheith á sárú sa Rúis, go speisialta i measc daoine aeracha nó homaighnéasaigh.

Keywords

Seán Glynn, Cigire na nGardaí.

Thug Seán le fios go mbeidh na Gardaí feiceálach ar bhóithre na Gaillimhe agus Chonmara an deireadh seachtaine saoire bainc seo.

Keywords

Síle Nic Chonaonaigh.

Síle Nic Chonaonaigh.

Cuirfear tús le paráid na heagraíochta Macnas ar shráideanna na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo chugainn. Cuireadh tús le Macnas na Gaillimhe sé bliana fichead ó shin agus ceaptar go bhfuil sé feicthe ag trí scór míle duine ag an tráth seo.

Keywords

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís