Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 30 Meán Fómhair 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Seosamh Mac Donnacha.

Seosamh Mac Donnacha.

Seán Bán ag tráchtaireacht ar dheireadh chluiche ceannais na hÉireann idir Contae an Chláir agus Corcaigh agus labhair sé le iar-uachtarán chumann lúthchleas Gael Seosamh Mac Donnacha.

Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta & Máirín Ní Chartúir, Príomhoide Scoil Náisiúnta Naomh Uinseann.

Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta & Máirín Ní Chartúir, Príomhoide Scoil Náisiúnta Naomh Uinseann.

Bhí cruinniú urghnách d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar siúl ar an Óran Mór Dé Sathairn seo caite agus é ina imní go gcuirfí deireadh leis an eagraíocht. Rinne na baill cinneadh an eagraíocht a dhí-scor. Chuala muid chomh maith Vox Pop ón gcruinniú urghnách agus daoine ag tabhairt a gcuid tuairimí.

Seán Kyne, Teachta Dála; Éamonn Ó Cuiv, Teachta Dála; Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir; Ronan Mullen, Seanadóir.

Seán Kyne, Teachta Dála; Éamonn Ó Cuiv, Teachta Dála; Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir; Ronan Mullen, Seanadóir.

Cuirfear na leasuithe bunreachtúla a bhaineann le deireadh a chur le Seanad Éireann agus cúirt nua achomhairc a bhunú faoi bhráid an phobail Dé hAoine seo chugainn. Maíonn an dream atá ag iarradh go gcoinneofaí an Seanad gur ag iarraidh tuilleadh cumhachta a tharraingt orthu féin atá an rialtas agus gur beag sábháil airgid a bhainfeadh lena scor.

Andy Ó hEidhin & Máirín Ní Nualláin, Siceolaí.

Andy Ó hEidhin & Máirín Ní Nualláin, Siceolaí.

Ar an 6ú Nollaig 1998, fríothadh corp Shiobhán Ní Eidhin as an Sconsa, Leitir Móir, thíos le cladach ar an Tismeáin, ar an gCeathrú Rua. Tá sé chúig bhliana déag ó tharla sé agus fós fhéin níl Andy in ann aon mhaithiúnas a thabhairt. Beidh Andy ag glacadh páirt i gclár teilifíse ''Beyond Belief'' anocht ina bpléifear cúrsaí maiteanais.

Peadar Ó Cualáin, Gaibhneoir.

Peadar Ó Cualáin, Gaibhneoir.

Beidh gearr-chúrsa gaibhneoireachta ag tosú tráthnóna amárach, an chéad lá de Dheireadh Fómhair sa tSean Chéarta ar an gCaisleán in Indreabhán. Chuaigh Fionnuala Uí Neachtain ag caint le teagascóir an chúrsa, Peadar Ó Cualáin.

Keywords

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís