Iris Aniar Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Tá súil ag Trevor scéal na nOifigeach Leasa Pobail a tharraingt anuas sa Seanad inniu.
Tá cuid den obair tosaithe cheanna fhéin ar an bplean nua atá leagaithe amach do Stáisiún Ceannt i nGaillimh. Faoi láthair tá athrú curtha ar an áit a mbíodh cead ag tacsaithe tarraingt, agus tá bóthar Fhaiche an Aonaigh síos go dtí an stáisiún fhéin, dúnta.
Beidh lucht iománaíochta ó chuile cheard don domhan i nGaillimh an tseachtain seo, áit a bhfuil tús á chur inniu leis an bhFéile Idirnáisiúnta Iománaíochta. Siad Aer Lingus & an comhlacht Eithad Airways atá ag eagrú na hócáide.
Ag cur síos ar an mbealach le Uachta a dhéanamh agus ag inseacht nuair a cheart do dhuine uachta a dhéanamh is cuma más sean nó óg thú.
Beidh maratón na gCurrach ar siúl ag an deireadh seachtaine le airgead a bhailiú do chiste cabhrach Khatie O'Halloran. Chuir Áine & Micheál síos ar na himeachtaí a bheidh ar siúl. Chuir Róisín síos ar an mbainis bhréige atá criú Ros na Rún ag eagrú i mí na Samhna le airgead a bhailiú do chiste Khatie O'Halloran.
Thug SBB cuairt ar Chlub Dornálaíochta Chonamara i gCasla Déardaoin seo caite agus iad díreach ag tosaigh arais théis saoire an tSamhradh.
Chuir Avril ''Amhrán na bhFiann'' ar téip agus sheol sí go dtí Páirc an Chrócaigh é le cur isteach ar dhuais a bhí ar siúl acu le haghaidh ticéid do Chraobh na hÉireann. Tá díomá ar mhuintir Mhaigh Eo agus an ganntanas mór ticéid atá ann do chluichí móra an Domhnaigh.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís