Iris Aniar Dé Máirt 17 Meán Fómhair 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Ag cur síos go dhúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Joan Burton, i litir a sheol sí chuig Coiste Pobail na Tulaí, mar gheall ar an imní a bhí léirithe ag an gCoiste faoi thodhchaí na hoifige Leasa Sóisialaí sa gceantar, go raibh sí leis an scéal a fhiosrú.
Mír Rialta leis an Dr. Teaghlaigh - Inniú bhí an Dr. Ó Beirne ag plé Anaemia.
Is ar chártaí leighis a bhí Mícheál ag caint inniu.
Bhí daoine ag agóidíocht ar maidin inniu mar gheall ar an bhforbairt atá le déanamh ar fheilm gaoithe i Leitir Gungaid ó thuaidh de na Forbacha i dtreo Maigh Cuilinn.
Ag cur síos ar an Aintín, an tSiúir Mary Victor Waters nó Bridget Waters mar a tugadh go háitiúil uirthi i gCorr na Móna. Tá sí ina cónaí i Meiriceá le blianta fada agus tá 109 bliain slánaithe aici.
Tá deontas de €600,000 faighte ag Abú Media ó choiste Údarás Craolacháin na hÉireann.
Tá cuid mhaith míshástachta léirithe ag comhairleoirí cathrach i nGaillimh faoin bpríobháidiú atá beartaithe ag an gComhairle Cathrach ar sheirbhísí brúscair na cathrach.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís