Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 24 Aibreán 2013

Éist anois

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Ar chlár an lae inniu:

Beithigh ag fáil bháis leis an ocras - Tomás Ó Fátharta, feirmeoir & Peadar Ó Scanaill, tréadlia

Agóid náisiúnta ag Comhairle na Teifeach inné - Anne Irwin ó Chomhairle na mBan & Caitríona Hastings ó Chairde na dTeifeach, Gaillimh

Ómós do Chaitríona Ní Oibicín

40 post nua á gcruthú ag togra nua de chuid Telegael i gCasla

Oibrithe deonacha ag teastáil Dé hAoine seo chugainn, 26 AIbreán do bhailiúchán bliantúil na gCluichí Oilimpeacha

Ceol & comhrá ó chriú Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge - ceolchoirm acu san oíche amárach agus Dé hAoine i Seanscoil Sailearna

 

Éist anois

Tomás Ó Fátharta & Peadar Ó Scanaill

Scéim ar fiú milliún euro é fógartha ag an Aire Simon Coveney le cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí féar a thabhairt isteach as Sasana le dul i ngleic leis an ngéarchéim beatha do stoc.

 

Éist anois

Anne Irwin & Caitríona Hastings

D'eagraigh Comhairle na dTeifeach agóid náisiúnta inné i gcathracha ar fud na tíre le cur in aghaidh coinníollacha maireachtála teifigh, dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn faoin socrú ar a dtugtar 'Soláthar Díreach'.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal