Iris Aniar Dé Céadaoin 24 Aibreán 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Ar chlár an lae inniu:
Beithigh ag fáil bháis leis an ocras - Tomás Ó Fátharta, feirmeoir & Peadar Ó Scanaill, tréadlia
Agóid náisiúnta ag Comhairle na Teifeach inné - Anne Irwin ó Chomhairle na mBan & Caitríona Hastings ó Chairde na dTeifeach, Gaillimh
Ómós do Chaitríona Ní Oibicín
40 post nua á gcruthú ag togra nua de chuid Telegael i gCasla
Oibrithe deonacha ag teastáil Dé hAoine seo chugainn, 26 AIbreán do bhailiúchán bliantúil na gCluichí Oilimpeacha
Ceol & comhrá ó chriú Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge - ceolchoirm acu san oíche amárach agus Dé hAoine i Seanscoil Sailearna
Scéim ar fiú milliún euro é fógartha ag an Aire Simon Coveney le cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí féar a thabhairt isteach as Sasana le dul i ngleic leis an ngéarchéim beatha do stoc.
D'eagraigh Comhairle na dTeifeach agóid náisiúnta inné i gcathracha ar fud na tíre le cur in aghaidh coinníollacha maireachtála teifigh, dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn faoin socrú ar a dtugtar 'Soláthar Díreach'.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís