Cruinneog Dé Sathairn 11 Eanáir 2014
Scéalta móra na cruinne - tuairiscí reatha, agallaimh, comhráití cairdiúla agus míreanna sainspéise, le pobal na Gaeilge ar fud an domhain.
Fionntán Ó Mórdha, Minneapolis - Aimsir Artach i Minnesota; Natália Danzmann, Franca, An Bhraisil - imeartas feistis 'cosplay' sa Bhraisil; Lucinda Glynn, Béal Feirste - ealaíon Martin Klimas; Caitlín Ní Chonghaíle, Boston / Bleá Cliath - Cumann Ginealas na hÉireann; Eoghan Corry, eagarthóir Travel Extra - torthaí agus tairngreachtaí turasóireachta, Holiday World;
Tabharfaidh an clár seo deis do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na cruinne, an Diaspora agus foghlaimeoirí teanga san áireamh, a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile agus a bheith páirteach sa chlár. Is é Cearbhall Ó Síocháin láithreoir an chláir, agus beidh tuairiscí le cloisteáil air faoi scéalta reatha idirnáisiúnta, agallaimh agus míreanna rialta eile ó Ghaeil sa bhaile agus thar lear.
This programme features reports on stories from all over the world, interviews and other regular features from the international Irish and Irish-language communities. The show will reach out to the Diaspora, Irish speakers and Irish-language students all over the world, offering them a chance to share their opinions with each other and with listeners in Ireland, and to take part in the programme.
cruinneog@rte.ie
+353 1 2082275
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Cearbhall Ó Síocháin