Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

10:00 - 10:30 Dé Domhnaigh / Sunday

Podchraoltaí

Dé Domhnaigh 18 Bealtaine

Cartlann Bhóthar na Léinsi 18ú Bealtaine.

Caitlín an Phoist Ui Mhurchú/Tomás O Laoíthe agus Tomáisín O Muircheartaigh nach maireann.

Dé Domhnaigh 11 Bealtaine

Cartlann Bhothar na Léinsí 11ú Bealtaine.

Helen Ni Shé ag caint le Cáit Bean Uí Cheárna agus Bríd Uí Chatháin sa bhliain 1987 nách maireann.

Dé Domhnaigh 27 Aibreán

Cartlann Bhothar na Léinsí /An Saol Fadó

Cartlann ag caint le Tom Mhaurice O Súilleabhain/Seamuisín Sheáin Jim O Suilleabhain/Eibhlin Ni Bhrosnacháin ag caint le Ml O Sé sa bhliain 2000.

Dé Máirt 29 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 13 Nollaig 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Roinnt píosaí cainte le Peig Sayers ón mbliain 1947 as Cartlann RTÉ.

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 20 Nollaig 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Scéal a d'inis Ger Ó Cíobháin ón nGort Dubh ar an gclár "Cogarnach na Léinsí" sa mbliain 1981 faoi fhear ó Bhaile a' Lochaigh a bhuail le bean i Sasana; Breandán Feiritéar ag comhrá le Seosamh Ó Dálaigh (Joe Daly) sa mbliain 1984.

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 27 Nollaig 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Clár Comórtha faoi Rásaíocht na gCon ón mbliain 1978 - Páirteach:- Mícheál Ó Muircheartaigh, Mícheál Ó Murchú, Johnny Ó Conchúir, Liam Ó hUiginn & Johnny "the Post" Ó Conchúir.

Dé Luain 7 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 06 Nollaig 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Siamsa Cois Teallaigh ón mbliain 1977 le Muintir Pharóiste na Cille. Páirteach: Leo Ó Murchú - Fear an Tí, Pádraig Ó Cochláin - Ceol; Seán Ó Ceallacháin - Amhrán - Saighdiúirín Singil; Peig Mhic GearailtAithriseoireacht - An Leanbh Báite; Pádraig Mac a' tSaoir - Damhsa - Cornphíopa; Caitlín Nic Eoin - Scéal; Mícheál Mac Gearailt - Amhrán; T.P. Ó Conchúir - Amhrán; Grúpa cailíní as Baile an Ghóilín - Ceol; Áine Ní Mhurchú & Leo Ó Murchú, Agallamh Beirte - "Cleamhnas Sheáin Uí Le"; Liam Ó Cathaláin - Amhrán - Níl bean agam, is níl clann agam.

Dé Céadaoin 2 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 29 Samhain 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál Ó Sé ag cuairt sa Leitriúch sa mbliain 1977. Labhair sé le Pádraig Ó Muircheartaigh as Mullach Bhéal a bhí ós cionn na ceithre scór ag an am agus chas Pádraig amhrán "Cuimín na Tíorach", le Pádraig Ó Ruairc agus a bhean Máire as Lios na gCaol Bhuí faoin nGaeilge agus le Bainisteoir an Chomharchumainn ag an am, Siobhán Uí Néill.

Dé Máirt 24 Samhain

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 14 Samhain 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Clár a rinne Breandán Feiritéar i 1976 faoi Chraobh na hÉireann i gCiarraí: Labhair sé le Peats Ó Catháin, Micilín Breathnach, Seán Pheaits Tom Ó Cearna, Séamus "an Bruiser" Mac Gearailt & Mícheál Ó Sé.

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 22 Samhain 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feirtéar ag caint le Máire Bhreathnach ar Oileán Chléire i 1976; Mícheál Ó Sé ag caint leis an siopadóir Pádraig Ó Drisceoil ar Oileán Chléire; Nóra Bn. Uí Choitir ag caint le Mícheál Ó Sé ar Oileán Chléire.

Dé Máirt 3 Samhain

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 01 Samhain 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh:: An tOllamh Donncha Ó Corráin ag tabhairt léacht ag Oireachtas na Bliana 1987 "Báigh le Teangan"

Dé Luain 2 Samhain

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 25 Deireadh Fómhair 2009

Dé Máirt 20 Deireadh Fómhair

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 18 Deireadh Fómhair 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Nioclás Tóibín le hamhrán "Philib Séimh Ó Fáthaigh"; Áine Ní Mhurchadha ag caint & ag comhrá leis an tAth. Piaras de hInderberg i 1981; Nioclás Tóibín le hamhrán "Droichead na Tuaire"

Dé Céadaoin 14 Deireadh Fómhair

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 11 Deireadh Fómhair 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag Rásaí an Daingin i 1977 - Labhair sé le Muiris Ó Cuinn, Donal Folan, Muiris Ó Rócháin, Maidhc Dainín Ó Sé, Johnny Frank Ó Súilleabháin, Mikey Long, Tommy Phurge Ó Murchú, & Paddy Mahony; Mícheál de Mórdha ag caint le Tadhg Ó Cíobháin faoi Rásaí Fhionn Trá i 1976; Breandán Feiritéar - Scéal faoi na Rásaí.

Dé Luain 12 Deireadh Fómhair

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 04 Deireadh Fómhair 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint le Pádraig Ó Maoileoin in Eanáir na bliana 1983 faoin aithne a bhí aige ar Sheán a' Chóta & faoin fhoclóir a bhí curtha le chéile aige; Pádraig Ó hÉalaí ag caint le Breandán Feiritéar faoi Sheanfhocla sa mbliain 1983.

Dé Máirt 6 Deireadh Fómhair

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 27 Meán Fómhair 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál Ó Sé ag caint le Seán Ó Ceallacháin as Baile na hAbha & Gallarus sa mbliain 1976. Cuireann sé síos ar a shaol agus casann sé roinnt amhráin.

Déardaoin 24 Meán Fómhair

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 20 Meán Fómhair 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál Ó Sé i dTeach Tábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar i bhFómhar na Bliana 1995: Páirteach: Moss Martin (Bosca Ceoil); Muiris Buidhléir, Muiris Ó Cinnéide, Tomás Ó Sé, Tomás Ó Cinnéide, Tomás Ó Laoithe, Breandán Ó Beaglaoich (Mileoidean); Tomás Mac Gearailt.

Dé Luain 14 Meán Fómhair

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 13 Meán Fómhair 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Helen Ní Shé ag caint le Mícheál Mac Eoin as Baile na nGall faoi Chúrsaí Iascaireachta; Nóra Bn. de hÓra le hAmhrán "Iníon an Fhaoit ón nGleann".

Dé Luain 7 Meán Fómhair

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 06 Meán Fómhair 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Míreanna ón mbliain 1978: Breandán Feiritéar ag caint le Seosamh Ó Dálaigh (Joe Daly) faoi Leigheasanna & Luibheanna; Mícheál de Mórdha ag caint le Labhrás Mac Síthigh faoin ábhar céanna; Mícheál de Mórdha ag caint le Maidhc Ó Beoláin faoi leigheasanna & luibheanna chomh maith.

Dé Luain 22 Meitheamh

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 21 Meitheamh 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: An Bráthair Peadar Ó hUallacháin as Baile an Rannaigh ag caint le Breandán Feiritéar sa mbliain 1983; Muiris Ó Conaill le hamhrán "Comhairle an tSeanduine"; Pádraig Ó hÉalaí ag caint le Breandán Feiritéar faoina "Kerry Jokes" sa mbliain 1983.

Dé Luain 8 Meitheamh

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 07 Meitheamh 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint & ag comhrá le Seán Ó Cinnéide sa mbliain 1983; Breandán Feiritéar ag caint le Meaig Ghineá sa mbliain 1978 & í ag cur síos ar chúram na mban pósta.

Dé Máirt 2 Meitheamh

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 31 Bealtaine 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Diarmuid Ó Súilleabháin ag caint & ag comhrá le Máire Ní Cheocháin Uí Chrualaoich as Cúil Aodha ó thús ach ina cónaí i mBaile an Chollaigh i gCo. Chorcaí sa mbliain 1986. Cloistear clann Mháire sa chlár chomh maith - Mícheál, Muireann & Gobnait.

Dé Luain 25 Bealtaine

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 24 Bealtaine 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint le Tony Ó Muircheartaigh ó Bhaile an Lochaigh sa mbliain 1973; Seán Ó Gaoithín as Baile Ghib le hAmhrán "Thíos Cois na Toinne"; Mícheál de Mórdha ag caint le Muiris Ó Maoileoin "Bob Malone" ón gClochán Dubh sa mbliain 1980.

Dé Céadaoin 20 Bealtaine

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 17 Bealaine 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál de Mórdha ag caint le Nóra Ní Shúilleabháin as Oileán Dhairbhre ó dhúchas sa mbliain 1984.

Dé Máirt 12 Bealtaine

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 10 Bealtaine 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Nioclás Tóibín le hamhrán "Philib Séimh Ó Fáthaigh"; Áine Ní Mhurchadha ag caint & ag comhrá leis an tAth. Piaras de hInderberg i 1981; Nioclás Tóibín le hamhrán "Droichead na Tuaire"

Dé Máirt 5 Bealtaine

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 03 Bealtaine 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Vox Pop le Aogán faoi Phoitín sa mbliain 1981; Breandán Feiritéar ag caint le Tom Mhic Gromail 1982 - Póilíní Nua Eabhrac; Ger Ó Cíobháin ag cur síos ar chúrsaí Iascaireachta sa mbliain 1981.

Dé Luain 27 Aibreán

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 26 Aibreán 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Seosaimhín Ní Bheaglaoich ag caint le Caitlín Ní Chatháin (Kate Keane) ón Muiríoch sa mbliain 1985; Labhrás Mac Síthigh - Amhrán "An Súisín Geal Bán"

Dé Luain 20 Aibreán

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 19 Aibreán 2009

Déardaoin 16 Aibreán

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 12 Aibreán 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint & ag comhrá le Tom Mhic Grumail as Cathair Scoilbín sa mbliain 1982

Dé Luain 6 Aibreán

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 05 Aibreán 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Píosa d'agallamh a rinne Mícheál Ó Sé leis an amhránaí Seán Ó Ceallacháin as Baile na hAbha & Gallarus sa mbliain 1976.

Dé Luain 30 Márta

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 29 Márta 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Ger Ó Cíobháin le scéal ón gclár "Cogarnach na Léinsí" sa mbliain 1981; An Dr. Seosamh Ó Dálaigh (Joe Daly) ag seanchas le Breandán Feiritéar sa mbliain 1984.

Dé Luain 23 Márta

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 22 Márta 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Johnny Ó Griffín ag seanchas sa mbliain 1981 agus é ag cur síos ar an mbliain seachtrach; Séamus Ó Beaglaoich ag cur síos ar thuras ceoil a thug sé ar an Astráil; Roinnt daoine as Corca Dhuibhne ag cur síos ar Naomh Pádraig & ar Lá'l Pádraig.

Dé Céadaoin 18 Márta

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 15 Márta 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint leis an Ollamh Seán Ó Cinnéide i 1983 - pléann siad ábhair éagsúla - ina measc Seán a' Chóta & éisc a athraíonn gnéis i bhfarraigí teo; Breandán Feiritéar ag caint le Meaig Ghineá i 1978 & í ag cur síos ar cúramaí na mban pósta fadó.

Dé Máirt 10 Márta

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 08 Márta 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Tom Daly le hAmhrán "Barra an Ghlinn Aird"; Pádraig Ó hÉalaí ag caint le Breandán Feiritéar i 1983 faoi na cluichí a bhíodh á n-imirt ag torraimh; Séamus Ó Lúing (Pound) - Amhrán "Na Bairillí"

Dé Luain 2 Márta

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 01 Márta 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint le Nell Uí Mhurchú (Nell Phurge) i 1983 faoi thórraimh fado & na nósanna a bhaineadh leo. Caint freisin faoi Chaoineadh na Marbh & ar Pheig Sayers; An tOllamh Seán Ó Cinnéide ag caint le Breandán Feiritéar i 1983 ag é ag caint faoin leabhar atá scríofa ag Sarah Myles ar chúrsaí leighis - steiriligh beatha agus baictéir.

Dé Céadaoin 25 Feabhra

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 22 Feabhra 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: An tSr. Éanna Ní Mhóráin ó Leathaobh Beag ó dhúchas ag caint le Helen Ní Shé i Mí Feabhra 1987. Cuireann sí síos ar an a saol sna mná rialta & ar na blianta a chaith sí ag obair san Afraic.

Déardaoin 19 Feabhra

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 15 Feabhra 2009

Dé Céadaoin 11 Feabhra

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 08 Feabhra 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Tony Ó Muircheartaigh ó Bhaile an Lochaigh ag caint le Breandán Feiritéar sa mbliain 1973; Seán Ó Guithín as Baile Ghib le hAmhrán (1973); Muiris Ó Maoileoin (Bob Malone) ón gClochán Dubh, ag cur síos ar a shaol i Chicago Mheiriceá do Mícheál de Mórdha sa mbliain 1980 & casann sé cornphíopa ar an orgán béil.

Dé hAoine 6 Feabhra

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 01 Feabhra 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál de Mórdha ag caint le Nóra Ní Shúilleabháin ar an 16 Aibreán 1984. Rugadh agus a tógadh Nóra i nDairibhre & bhí cónaí uirthi i mBÁC nuair a rinne sí an t-agallamh seo - Chuir sí síos ar an dtigh ina raibh sí ina cónaí agus an stair a bhain leis chomh maith le cur síos ar Oileán Dairibhre le linn a hóige & cur síos ar Khruger & ar Phound agus ar muintir an pharóiste fadó.

Dé Luain 26 Eanáir

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 25 Eanáir 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint le Tomás Ó Cinnéide, An Ghráig, Corca Dhuibhne sa mbliain 1982.

Dé Luain 19 Eanáir

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 18 Eanáir 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Breandán Feiritéar ag caint le Micil Ó Catháin & Seán Pheaits Tom Ó Cearna as Dún Chaoin sa mbliain 1982.

Dé hAoine 9 Eanáir

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 11 Eanáir 2009

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Caint faoi na Rásaí Con & Traenáil na nGadhair. Páirteach:- Mícheál Ó Muircheartaigh, Mícheál Ó Murchú, Johnny Ó Conchubhair, Liam Ó hUiginn, Johnny "The Post" Ó Conchubhair & Ger Ó Cíobháin.

Dé Luain 5 Eanáir

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 04 Eanáir 2009

Clár as an tSraith "Siamsa Cois Teaghlaigh - Muintir Dhún Chaoin i dTeach Siamsa na Carraige i gCorca Dhuibhne: Pádraig Feiritéar ina Fhear an Tí; Páirteach:- Seáinín Ó Súilleabháin - Píosa Ceoil ar an veidhlín; Bab Feiritéar - Píosa Filíochta; Josephine Ní Chatháin - Amhrán "Máirín de Barra"; Seán Ó Cíobháin - Píosa aithriseoireachta; Josephine Ní Chatháin - Amhrán "Co. Laois"; Mícheál Ó Súilleabháin - Cúpla Ríl

Dé Domhnaigh 28 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 28 Nollaig 2008

Clár as an tSraith "Siamsa Cois Teaghlaigh - Paróiste na Cille. Páirteach:- Leo Ó Murchú - Fear an Tí; Pádraig Ó Cochláin - Ceol; Seán Ó Ceallacháin - Amhrán "Saighdiúirín Singil"; Peig Mhic Gearailt - Aithriseoireacht "An Leanbh Báite"; Pádraig Mac a' tSaoir - Damhsa - Cornphíopa; Caitlín Nic Eoin - Scéal; Mícheál Mac Gearailt - Amhrán; T.P. Ó Conchúir - Amhrán; Grúpa cailíní as Baile an Ghóilín - Ceol; Áine Ní Mhurchú & Leo Ó Murchú - Agallamh Beirte - "Cleamhnas Sheáin Uí Le"; Liam Ó Cathaláin - Amhrán - "Níl bean agam, is níl clann agam"

Dé Luain 22 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 21 Nollaig 2008

Dé Céadaoin 17 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 14 Nollaig 2008

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Pádraig Ua Maoileoin ag cur síos ar bhéaloideas sa mbliain 1972; Aogán Ó Muircheartaigh ag caint le roinnt daoine faoi roghnú céile sa mbliain 1981 - Labhair sé le Seán Faoilí Ó Catháin, Nuala Ní Dhomhnaill, Jeaimsín Sheáin Jim Ó Súilleabháin, Caitlín Bn. Mhic Eoin, Micilín Breathnach, Máire Ní Chatháin & Maidhchín Ó Lúing; Breandán Feiritéar ag caint leis an bhfile Máire Mac a' tSaoi sa mbliain 1972.

Dé Luain 15 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 07 Nollaig 2008

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál de Mórdha ag caint le Mícheál Ó Duinnín ag Oireachtas 1980 a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair. Casann sé dhá amhrán "Raghadsa ar an Aonach" & "Bean Dubh an Ghleanna"

Dé Máirt 2 Nollaig

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 30 Samhain 2008

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Nioclás Tóibín le hAmhrán "Pilib Séimh Ó Fathaigh"; Áine Nic Mhurchadha ag caint leis an Ath. Piaras Ó hInderberg faoina Déise sa mbliain 1981; Nioclás Tóibín le hAmhrán "Droichead na Tuaire"

Dé Céadaoin 26 Samhain

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 23 Samhain 2008

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál Ó Sé ag caint le Peig Bn. Mhic Gearailt (Peig an Bhóthair Bhuí) sa mbliain 1976; Helen Ní Shé ag caint le Séamus Ó Dubhdha ó gCarraig ó dhúchas sa mbliain 1986 & iad ag caint faoi chúrsaí caide; Eilín Ní Bheaglaoich le hAmhrán "Jimí mo Mhíle Stór" (1977); Pádraig Ó Bric (Fideal) & Dónal Ó Rilleacháin (Bainseó) le píosa ceoil (1978)

Dé Máirt 18 Samhain

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 16 Samhain 2008

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál Ó Sé ag caint leis an Ath. Pádraig Ó Fiannachta sa mbliain 1980 - Cuireann sé síos ar a shaol & a mhuintir.

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 16 Samhain 2008

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál Ó Sé ag caint leis an Ath. Pádraig Ó Fiannachta sa mbliain 1980 - Cuireann sé síos ar a shaol & a mhuintir.

Dé Domhnaigh 9 Samhain

Cartlann Bhóthar na Léinsí: 09 Samhain 2008

Míreanna as Cartlann Bhóthar na Léinsí le hAogán Ó Muircheartaigh: Mícheál de Mórdha ag caint le Dan Ó Súilleabháin ón gCuimín sa mbliain 1983 - Cuireann sé síos ar a shaol, ar mhuintir Shúilleabháin, bás a athar, damhsa & a chuid oibre le Bord na Móna.

How to Get this Podcast

  1. Download and Install Podcast Software

    You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.

  2. Subscribe to this Podcast

    Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.

  3. Listen to your podcast

    The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

rnag@rte.ie

+353 66 915 5114

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú / Presented + Produced: Jeaic Ó Muircheartaigh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís