Barrscéalta Dé Céadaoin 18 Meitheamh 2014
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill - Seirbhís leathanbhanda: Jamesie Ó Domhnaill - conraithe atá an ICMSA ag iarraidh: Pól Ó Ruisseáil - Córas tumoideachais: Tom Ó Muirí, Poitigéir - imní atá léirithe ag Aontas Cógaisíochta na hÉireann: An Comhairleoir Condae, John Shéamuis Ó Fearraig- Ceardlann a bhí ar siúl do chomhairleoirí condae i Sligeach.
Ag caint ar na deacrachtaí móra atá i gceantair tuaithe maidir leis an tseirbhís leathanbhanda, agus ag caint fosta ar Choiste Fiosrúchán na mBancanna.
Ag caint ar na deacrachtaí móra atá ag feirmeoirí déiríochta sa chondae maidir leis na conraithe atá an ICMSA ag iarraidh orthu a shíniú maidir le díol bhainne de.
Ag caint ar mar atá ag éirí leis an dá scoil sa chóras tumoideachais a chur siad i bhfeidhm 3 bliain ó shin.
Ag caint ar an imní atá léirithe ag Aontas Cógaisíochta na hÉireann maidir le tuismitheoirí a bheith ag tabhairt cógais do pháistí gan treoir ó dhochtúir nó ó phoitigéir.
Ag caint ar an cheardlann a bhí ar siúl do chomhairleoirí condae i Sligeach inné faoi leagan amach na mBardas agus an dóigh a mbeidh siad ag oibriú.
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin