Barrscéalta Dé hAoine 7 Feabhra 2014
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
Clár iomlán - Áine Ní Churráin.
Muintir Dhún na nGall ag déanamh ullmhúcháin chun freastal ar Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 15ú Feabhra.
Aighneas idir conraitheoirí tógála agus coiste forbartha an Chraosláigh maidir le athnuachan baile an Chraosláigh.
Tá sé beartaithe ag Teachtaí Dála Shinn Féin i nDún na nGall tús a chur le feachtas poiblí le haird a tharraingt ar na deacrachtaí móra atá i n'Otharlann Leitir Ceanainn.
Aighneas faoi Áras Ghaoth Dobhair,(Ionad cónaí do sheandaoine) a bheith ag déanamh fógraíocht i mBéarla le haltraí a earcú.
Feidhmeannaigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh theacht ar réiteach ar na deacrachtaí atá ag báid theacht i dtír ag Céidh Mhachaire Rabhartaigh.
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin