Barrscéalta Déardaoin 30 Eanáir 2014
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
Clár Iomlán - Áine Ní Chuirráin.
Tá deimhniú fáighte aige go dtosneofar ar an obair dhreideála ag Céibh Mhachaire Rabhartaigh maidin amárach. (Dé hAoine).
Tá an chéad cruinniú poiblí sa tír le plé a dhéanamh ar Slí an Atlantaigh fiáin ar siúl i gContae Dhún na nGall oíche Dé Luain.
Déanfar Togra Ionad Cúram Néaltrú Seanaoise Ghleann Cholm Cille a sheoladh go hoifigiúil amárach.
Páirtíocht Spóirt Dhún na nGall - Ag caint faoi imeachtaí na páirtíochta.
Beidh cruinniú poiblí i nGaoth Dobhair anocht maidir le Siúl ar Son Do Chearta atá a eagrú do Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 15ú Feabhra.
Tá Cultúrlann Uí Chanáin tar éis an tsean Eaglais Phreispitéireach ar Mhór Shráid Shéamais i nDoire a cheannach agus pleananna ag an eagras í a úsáid mar chuid dá straitéis do cheathrú leathnaithe cultúrtha sa chathair.
Mír dlí ag plé le seiceadóirí agus na cúramaí atá orthu.
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin