Barrscéalta Dé Máirt 25 Meitheamh 2013
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
Ag caint faoi na deacrachtaí airgid atá ag an Chomhairle Condae agus an bhearna €4.8m i mbuiséad na comhairle atá le líonadh.
Ag caint faoi na deacrachtaí airgid atá ag an chomhairle condae agus fosta faoi cheapúchán an Chomhairleoir Ian Mac Gairbheith mar Mhéara na Comhairle Condae.
Tony as na Cealla Beaga ag caint faoin fheachtas atá ar bun ag muintir na gCealla Beaga le cinntiú go leanfar le Coláiste Turasóireachta na gCealla Beaga.
Ag caint faoin seó úr atá acu Lúrapóg Larapóg.
Iar Oifigeach Talmhaíochta le Teagasc ag caint ar na deacrachtaí atá ag feirmeoirí faoi láthar mar gheall ar ghanntanas fódair, agus an brú atáthar ag cur ar an eoraip le go n-íocfaí na cistí tacaíochta níos luaithe nó mar is gnáth.
Ag caint ar Óstán Thoraigh atá ag fosclú gan mhoill faoi úinéireacht úr.
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin