Barrscéalta

Barrscéalta

11:02 - 12:00 Luan-Aoine / Mon-Fri

Podchraoltaí

Dé Luain 26 Meitheamh

Patsy Ní Chearnaigh, Eva Ní Dhoibhleann agus Courtney Ní Bhaoill.

Tá na hullmhúcháin ar siúl ar bhaile an Chlochán Leith d’Fhéile Mháire an Chlochán Leith a bheas ag ceiliúradh caoga bliain ar an fhód i mbliana.

Marie Muldowney, as Machaire Rabhartaigh.

Cuirfear tús le togra úr “Salt an Sand” ar thráigh Mhachaire Rabhartaigh Dé Luain seo chugainn.

Marjorie Uí Chearrbhaill agus Séamus Breathnach ó Bhord Iascaigh Mhara.

Seoladh an Ciste North Flag, Straitéis Ghrúpa Gníomhaíochta Iascaigh Áitiúil, ina bhfuil 31 togra I nDún na nGall, Dé hAoine seo caite.

Eimear Ní Mhathúna as ceantar Fhanada.

Bhí mórshiúil ag muintir na háite le h-aird a tharraingt ar an easaontas faoi chearta bealaigh fhad leis an Áirse Mhór i bhFánaid.

Pacáiste ó Rás Ultra an Atlantaigh Fhiáin.

Bhí Michelle ag líne deiridh an Rás Dé Sathairn agus chur sí roinnt de na rothaithe faoi agallamh.

Barrscéalta, Clár iomlán, 260617.

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga, ag Michelle Nic Grianna.

Dé hAoine 23 Meitheamh

Barrscéalta: Dé hAoine 23 Meitheamh 2017.

Clár beo ó Theach Solais Fhánada á chur i láthair ag Michelle Nic Grianna.

Déardaoin 22 Meitheamh

Mairead Ní Earcain, Nóirín Nic Aoidh, Micheál Ó Searcaigh agus Rónán Mac Gairbhigh.

Ceathrar a bheas ag glacadh páirt i Rás Ultra Chósta Atlantaigh Fhiáin Dhún na nGall, Rás rothaíochta 555 ciliméadar a bheas ar siúl amárach.

Máire Ní Fhearraigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Ag cur síos ar an chomórtas Mórtas Ceantair atá ar siúl faoi láthair.

Maitiú de Hál, an ceantar an Chlochán Leith.

Ag caint faoi dheacrachtaí atá ag cónaitheoirí ina cheantar dúchais le tinte fhéile Eoin.

Grainne Rua Ní Ghallchóir as Gleann Cholm Cille.

Ag caint faoi Fhéile na gCloch a bheas ar siúl i nGleann Cholm Cille an deireadh seachtaine seo.

Dónal Ó Cnáimhsí, Paddy Ó Gallchóir agus Treasa Ní Ghallchóir.

Bhí Frances Nic Géadaigh i láthair ag cruinniú aréir i gCnoc Fola áit ar socraíodh go ndéanfadh an Coiste Forbartha agus an pobal gach iarracht réitigh a fháil de phlanda an Gunnaire atá forleathan sa cheantar.

Barrscéalta: Déardaoin 22 Meitheamh 2017.

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga, le Michelle Nic Grianna.

Dé Céadaoin 21 Meitheamh

Caitlín Nic Aoidh ó TG4.

Réalt mór na haimsire aimsire Caitlín Nic Aoidh as an Fhál Carrach, atá ag obair ar an gclár teilifíse Féilte faoi láthair.

Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig – Bosca na Faoistine.

Sé an Comhairleoir Contae neamhspleách Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig atá i mbosca na faoistine inniu.

Micheál ó hÉanaigh, Údarás na Gaeltachta.

Ag caint faoi ghrúpa as Talamh an Éisc atá páirteach i gComhdháil Bhliaintúil Laurentic a bheas ar siúl in Inis Eoghain amárach agus ag tabhairt cuairt ar pháirc gnó agus ar Áislann Ghaoth Dobhair inniu.

John Curran, Oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim i n Dún na nGall.

Tá Séan ag eirí as mar bhainisteoir i Oifigí na gCoimisinéirí Ioncam an mhí seo i ndiaidh blianta fada a chaitheamh i mbun oibre leo.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 21 Meitheamh 2017.

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga, le Michelle Nic Grianna.

Dé Máirt 20 Meitheamh

Seán Mac Giolla Bhuí ó Óstán Loch Altan, Gort an Choirce.

Ag cur síos ar an tionchar atá ag an sterling lag ar thurasóireacht sa chontae seo

Máire Rua Uí Ghallchóir, Paddy Thaidhg Mac Pháidín agus Annie Mhicí Jimí Ní Duibheannaigh.

Seo triúr atá ag dul siar i mblianta agus ag caint le Michelle fá chomh tábhachtach agus atá an tiomaint díofa.

JiJim Chonaill O Domhnaill, oifigeach caidrimh poiblí Coiste Cúram Ailse an Iarthuaisceart.

Ag cur síos ar an dara máinlia ailse brollaigh a bheas ag dul i mbun oibre in Otharlann Leitir Ceanainn ar 24ú Iúil i mbliana.

Barrscéalta, Clár iomlán, 20/06/17.

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga, le Michelle Nic Grianna

Dé Luain 19 Meitheamh

Síle Ní Duibheannaigh, Caitlín Nic Suibhne agus Eibhlín Nic Giolla Bhríde.

Mír faoin teacht le chéile a bheas ag rang 1975 iar scoláirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair i mí Lúnasa na bliana seo.

Pacáiste ó an Chlub Caoga Ghaoth Dobhair.

Chas Edel Ní Chuireain le baill an Chlub Órga sa Chrannóg, agus fuair sí a dtuairimí faoi cheisteanna éagsúla.

Aisling Nic Giolla Easpaig, Roisín Nic Pháidín agus Rachel Nic Aoidh.

Cailíní Ghaoth Dobhair atá ar fhoireann ban na hÉireann a bheas ag imirt cluiche peile Astrálach san Astráil i mí Lúnasa.

Micheal Ó hEanaigh, Údarás na Gaeltachta.

Tá Comhlacht Randox ar an Chlochán Liath i mbun earcaíochta. Ta thart ar 100 duine fostaithe sa Chomhlacht faoi láthair agus tá sé beartaithe cur leis an líon sin as seo go ceann cúpla bliain.

Mark Heart agus Aodh Mac Laifeartaigh.

Ag cur síos ar chluiche leath cheannais Uladh idir Dún na nGall agus Tír Eoghain a bhí ar siúl inné. Bualadh Dún na nGall leis an scór Tír Eoghain 1-21 Dún na nGall 1-12.

Barrscéalta: Dé Luain 19 Meitheamh 2017.

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga, le Michelle Nic Grianna.

Dé hAoine 16 Meitheamh

Mary Aggie.

Mír grinn le Mary Aggie.

An tAthair Eamonn Ó Gallchóir.

Tá Fr Eddie ag ceiliúradh daichead bliain a oirniú mar shagart an tseachtain seo, agus beidh ócáid cheiliúrtha I gCill Chartha anocht.

Hughie Mac Laifeartaigh agus Mark Harte.

Ag tabhairt a dtuairimí ar chluiche leathcheannais Uladh sa pheil Gaelach idir Dún na nGall agus Tír Eoghain a bheas ar siúl Dé Domhnaigh.

Eamonn Mac Aoidh, Cléireach an Chúrsa do Rálaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.

Cuirfear tús leis an rálaí ag an 12.00 meán lae inniu.

Frances Nic Iomhair, Príomhoide Scoil Náisiúnta Dhoire Chonnaire.

Nochtofar leacht chuimhneacháin I gcuimhne ar Shéamus Mac Géidigh sa scoil inniu.

Eilis Barrett, Bainisteoir Aerfort Dhún na nGall.

Ag déanamh cur síos ar an fhorbairt atá beartaithe ar sceideal na heitiltí ón Aerfort.

Barrscéalta, Clár iomlán, 16/16/17.

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga, ag Michelle Nic Grianna.

Déardaoin 15 Meitheamh

Níor chaill sé oiread agus bomaite amháin

Éamonn Ó Dónaill ag caint ar thiomantas an Taoisigh don Ghaeilge

Bosca na Faoistine.

Noel Ó Dúgáin ón ghrúpa Clannad atá i mbosca na faoistine inniu.

John Ó Duibheannaigh, príomh oide Scoil Náisiúnta Chill Mhic Réanáin.

Ag tabhairt eolas ar an ócáid speisialta a bheas ag an scoil nuair a ardófar an Ghaelbhratach, an chéad bunscoil sa Chontae seo leis an Gaelbhratach a fháil.

Colm Ó Dúlacháin, RTÉ RnaG.

Ag caint faoi na scoileanna a bheas ag tabhairt faoin tumoideachas i nGaeltachtaí Thír Chonaill.

Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúir.

Tá Éamonn ag caint linn faoin Taoiseach úr Leo Varadkar, iar mhac léinn dá gcuid i Gaelchultúir.

An Teachta Dála Joe Mc Hugh.

A chéad agallamh ag Joe Mc Hugh a ceapadh inne mar Príomh-Aoire nua an Rialtais le freagrachtaí na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileáin.

Barrscéalta, Clár iomlán, 15/06/17.

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga, ag Michelle Nic Grianna.

Dé Céadaoin 14 Meitheamh

Gavin Ó Ceallaigh, tiománaí railí as Rann na Feirste.

Ag cur síos do Mhichelle ar mar a chur sé suim sa spórt ar dtús báire, agus a bheas san iomaíocht i Rálaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo.

Jimí Mhicí Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair.

Ag cur síos ar a shaol agus a shuim i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael.

Pól Ó Dochartaigh, Cócaire 'Tí Sheáin Óig i nGaoth Dobhair.

Pól ag caint ar phost an chócaire agus ar an ghanntanas cócairí atá sa tír faoi láthair.

Barrscéalta, Clár iomlán, 14/06/17

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga le Michelle Nic Grianna.

Dé Máirt 13 Meitheamh

Eoin Mac Gairbheith, as Loch an Iúir.

Beidh an grúpa Emmet Spiceland ag teacht le chéile arís do chomóradh 50 bliain Fhéile Mháire an Chlocháin Léith i MÍ Iúil na bliana seo.

Pádraig Ghráinne Ó Dúgáin, as Oileán Thóraí.

Ag cur síos ar imeachtaí Feis Thóraigh agus Féile Jimí Mhairí Bhillí a bheas ar siúl ag deireadh na seachtaine.

Seán Mac Giolla Bhríde, as na Dúnaibh.

Seo fear a bheas sainithe ina theach ag deireadh na seachtaine mar go mbeidh an bealach cósta druidte do rálaí idirnáisiúnta Dún na nGall.

Marjorie Uí Chairúill, Comharchumann Oileán Thóraí.

Ag caint faoi an dóigh atá ag éirigh le Oileán Thoraí, lámh an uachtar a fháil ar dhumpáil mídhleathach ar an oileán.

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh ó Choiste Forbartha Árainn Mhór.

Deir Nóirín nach bhfuil fadhb le dumpáil mídhleathach ar an oileán ó chuir an Comhairle Contae ceamaraí in airde.

Máire Mhic Pháidín ó Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh.

Tharla eachtrach dumpáil mídhleathach a rinneadh i Machaire Rabhartaigh ag deireadh na seachtaine, rud a chur fearg ar phobal na h-áite.

How to Get this Podcast

  1. Download and Install Podcast Software

    You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.

  2. Subscribe to this Podcast

    Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.

  3. Listen to your podcast

    The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

barrscealta@rte.ie

+353 74 95 31244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir / Presenter: Michelle Nic Grianna
Léiritheoir / Producer: Éagsúil

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís