Baile an Droichid

Baile an Droichid

13:20 - 13.50 Dé Domh / Sun 13:30 - 14:00 Déard / Thurs (athchraoladh)

Baile an Droichid Déardaoin 6 Lúnasa 2020

Sraithdhráma raidio ó pheann Joe Steve Uí Neachtain.

Cuireadh tús le craoladh Bhaile an Droichid i 1987, agus lean sé ar feadh 10 mbliana.  Déanann an dráma cur síos cuimsitheach ar shaol phobal beag Gaeltachta i gConamara.  Tugtar léargas coinsiasach, tuisceanach ar na dúshláin a bhí le sárú ag pobal an bhaile sin, trí chaint na gcarachtair nádúrtha a chruthaigh Joe Steve agus, cé go mbíodh téamaí troma á bplé go minic, bhí an greann fite fuaite sa tsraith ina iomláine. 

Ba iad Joe Steve Ó Neachtain, Josie Ó Cualáin, Máire Phíotair Uí Dhroighneáin, Seán Ó Drisceoil, Mairín Uí Neachtain, Máire Ní Mháille, Seán Leainde, Máirtín Óg Ó Cualáin, Mícheál Mac Con Iomaire agus Caitlín Uí Chonghaile na príomhaisteoirí a bhí sa dráma. 

Ba iad Máirtín Jaimsie agus Máirtín Ó Fátharta na léiritheoirí. 

Award-winning radio soap opera, written by Joe Steve Ó Neachtain, which aired for ten years from 1987 and was a huge hit with listeners.  It tells of the daily struggles of the small Gaeltacht community of Baile an Droichid, and although it doesn't shy away from difficult issues, it is also full of humour.  

Baile an Droichid

Baile an Droichid

Cuirimid aithne arís ar phobal Bhaile an Droichid, agus mar atá cúrsaí an tsaoil leo, ó sheachtain go seachtain sa tsraithdhráma raidió seo le Joe Steve Ó Neachtain, nach maireann.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

rnag@rte.ie

+353 91 506677

51553


80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís