Sceideal na Nollag ar RTÉ RnaG

Sceideal na Nollag ar RTÉ RnaG


Déardaoin, Oíche Nollag 

5.05 pm Carúil na Nollag 
Rogha de charúil na Nollag, ó cheann ceann na tíre agus blaiseadh den cheol traidisiúnta a bheas sa gclár speisialta seo, á chur i láthair ag Séamus Ó Scanláin.  Beidh ábhar ó chríocha níos faide ó bhaile le cloisteáil chomh maith.

Christmas carols to help us to wind down on Christmas Eve. 
______________________

Dé hAoine, Lá Nollag

10 am Réalta Órga Ríogacha 
Sa chlár seo, caitheann an tAthair Brian Ó Fearraigh, Séiplíneach i bPobalscoil Ghaoth Dobhair agus Sagart Cúnta an Pharóiste, súil siar ar an bhliain seo caite agus na dúshláin a bhí roimh an phobal mar gheall ar an Víreas Corónach.  Cloisfear ceol na Nollag, machnaimh agus scéalta le misneach, uchtach agus tógáil croí a thabhairt do na héisteoirí maidin lá Nollag, chomh maith le teachtaireachtaí ó Cheannairí Eaglasta.     

Fr Brian Ó Fearraigh presents an atmospheric programme of reflections and music for Christmas morning.


11 am Aifreann an Lae 
Aifreann speisialta a bheas againn inniu, ag teacht ón dá shéipéal i nGaeltacht na nDéise, Séipéal San Nioclás sa Rinn agus Séipéal Bhreith na Maighdine Muire sa tSeanphobal.  Is é an tAthair Conchúr Ó Ceallaigh a bheidh ag ceiliúradh an aifiínn, le cabhair ó Easpag Phort Láirge agus an Leasa Móir, Alphonsus Ó Cuilleanáin.  Beidh Cór Fear na nDéise páirteach chomh maith le daltaí ó Scoil Náisiúnta na Rinne, Scoil Náisiúnta Bhaile Mhic Airt agus Meánscoil San Nioclás. 

A very unique mass, with music from Cór Fear na nDéise men's choir.  


3 pm Baile an Droichid 
Tabhair cluas do mhuintir Bhaile an Droichid inniu agus iad ag ceiliúradh a gcéad Nollag le chéile. 

The community in Baile an Droichid get on today as they spend their first Christmas together. 
 

5 pm Scoil Cheoil an Earraigh  
Mar chuid de Scoil Cheoil an Earraigh 2020,bhí teacht le chéile speisialta  in iar-thigh an Chanónaigh James Goodman i mBaile Móir, áit inar seinneadh cuid den gceol a bhailigh Goodman i gCorca Dhuibhne.  Bhí Goodman ar dhuine de na bailitheoirí ceoil agus amhrán ba thábhachtaí sa 19ú hAois. I measc na gceoltóirí a bhí le clos ag an gceolchoirm speisialta seo ina onóir bhí Mick O’Brien, Aoife & Deirdre Granville, Eoin Ó Riabhaigh, Johnny McCarthy agus scata eile.  Chomh maith leis an gcoirm, cloisfear eolas faoi Canon Goodman ó léachtaí a thug Art Ó Beoláin agus Mícheál Ó Súilleabháin, a thabharfaidh léargas dúinn ar an bhfear féin.

A concert celebrating the music of Canon James Goodman.



_________________________

Dé Sathairn, Lá le Stiofáin


10 am Rogha na Bliana   
Bliain ar leith a bhí i 2020, agus sa chlár seo ar maidin caithfidh Jó Ní Chéide súil siar ar chraoladh na bliana – na hagallaimh ba chumhachtaí, an ceol beo ab fhearr, na scéalta nuachta ba mhó, agus an clúdach spóirt ba spleodraí. 

A selection of the best of RnaG in 2020, presented by Jó Ní Chéide.
 

11.08 am Beo ar Éigean 
Sa chár ar maidin, caitheann Siún, Sinéad agus Áine súil siar ar chuid de na dea-scéalta ón bhliain 2020, scéalta a bhí i mbéal an phobail agus scéalta pearsanta chomh maith céanna!  

Sinéad, Siún and Áine discuss the good news stories of 2020.


2 pm Spórt an tSathairn 
Inniu ar an gclár, cloisfidh muid agallamh leis an gConallach Charlie McGeever.  D'imir McGeever peil le CLG Chloich Cheann Fhaola agus le foireann idirchontae Dhún na nGall.  D’imir sé sacar le Fanad Aontaithe, le Rógairí Shligigh agus le Cláirsigh na Finne, agus chaith sé seal thar toinn freisin le Tottenham Hotspur.  Tá tréimhsí caite aige mar chóitseálaí le Cláirsigh na Finne, le Cluain Meala agus le foireann idirchontae Thiobraid Árainn.  Labhrann sé le Paddy Beag Ó Gríofa inniu faoina shaol imeartha agus cóitseála.  Beidh torthaí agus scóranna ar chluichí an deireadh seachtaine le cloisteáil ar an gclár freisin.

Includes an interview with Donegal's Charlie McGeever on his playing and coaching career.


 

6.30 pm Lá an Dreoilín i Litríocht Chorca Dhuibhne 
Tá traidisiún an dreoilín fós láidir i gCorca Dhuibhne, agus beidh éachtaint sa chlár seo inniu ar Lá an Dreoilín i gCorca Dhuibhne mar a léirítear é sa litríocht le breis is céad bliain anuas. Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair.

The tradition of the wran in West Kerry literature.

_______________________

Dé Domhnaigh 27 Nollaig

10.08 am An Chéad Saol Eile 

Sa gclár seo inniu, pléann Máire Bríd Ní Chualáin a gcreideamh faoin gcéad saol eile le réimse aíonna difriúla, ina measc sagart, amhránaí, duine gan creideamh, adhlacóir agus scríbhneoir.  Dar leo, céard a tharlaíonn nuair a fhaigheann duine bás?  Céard iad na nósmhaireachtaí, cleachtais agus pisreoga a bhaineann leis an mbás anois, agus san am a caitheadh, agus na hathruithe atá tagtha ar shocraidí?  Pléifear na scéalta báis ar an raidió agus an tábhacht a bhaineann leo, agus inseoidh sagart a chaith blianta fada sa Chóiré Theas faoi na traidisiúin a bhaineann leis an mbás thall ansin, agus cuirfear iad i gcomparáid le traidisiúin na hÉireann.  I measc na n-aíonna beidh Mairéad Ní Chonghaile, An tAthair Seán Ó Conghaile, Sarah Ghriallais, Sally Johnny Willie, Máirín Uí Dhomhnaill , Seosamh Ó Cuaig agus  Pádraig Joe Joe Mac Con an Iomaire.

Máire Bríd is joined by a series of guests to discuss their beliefs about the afterlife.


1.20 pm Johnny Connolly – Laoch an Mhileoidean  
Súil siar ar shaol agus ar shaothar Johnny Phádraig Phíotair, nó Johnny Connolly, Rí an Mhileoidean, a rugadh in Inis Bearacháin agus a chaith tamall i bPreston Shasana sular fhill sé go Conamara lena bhean céile Patricia agus a gclann óg agus chuir faoi i gCor na Rón Láir, Indreabhán.  Bhásaigh Johnny cothrom an lae inniu, 27 Nollaig 2019.  Sa gclár seo cloistear é fhéin ag cur síos ar a óige in Inis Bearacháin agus ar a chuid ceoil.  Cloisfidh muid cur síos freisin óna mhac Johnny Óg agus óna chairde ceolmhara agus iad ag cur síos ar an oidhreacht cheoil a d'fhág sé ina dhiaidh.  Cloisfidh muid roinnt ceoil freisin ó choirmcheoil ómóis a bhí ar siúl do Johnny i mBealtaine 2016 nuair a bhailigh na sluaite chuig Óstán na Páirce chun ceol a chasadh le Johnny agus ómós a thabhairt dó.  Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair. 

Remembering the music and the man – the late, great,Johnny Connolly, king of the melodeon.  


2 pm Spórt an Lae
I measc na míreanna ar chlár an lae inniu, beidh agallamh a rinne Gearóidín Nic an Iomaire leis an bpeileadóir Gary Sice faoi na feachtais a d’fhág trí Chraobh Chlubanna Sinsear Peile Uile Éireann as a chéile ag Cora Finne i 2020.

Includes an interview with Corofin football star Gary Sice today.


7 pm Timpeall an Tí  
Cuirfidh Tomás Mistéal an t-eagrán deireanach den chlár Timpeall an Tí i láthair anocht, tar éis os cionn fiche bliain ar an stiúir, agus daichead a cúig bliain ag obair leis an Raidió.  Bhíodh Tommy coitianta ag bailiú ceoil ó sheisiúin i dtithe tábhairne agus ionaid éagsúla eile ar fuaid na Mumhan, agus bhíodh sé ag taifead is ag bailiú ag leithéidí Éigse Dhiarmuidín, Scoil Cheoil an Earraigh, The Gathering, Masters of Tradition i mBeanntraí agus fleadhanna ceoil.  

Tomás Mistéal's final programme after more than twenty years at the helm.


 

11 pm Leaba an Bháis
Agus pósadh Joy agus Frank tar éis titim as a chéile, cén seans a bheas ag a n-iníon Tina agus í ar tí dul chun na haltóra í féin?  Ní chabhraíonn sé go bhfuil Frank sínte gan aithne, gan urlabhra san aonad práinne agus gan a fhios ag éinne céard a tharla - ach Barry, an fiancé... Dráma dúghrinn le Darach Mac Con Iomaire faoi theaghlach a chuirtear trína chéile agus duine acu i mbaol a bháis gan choinne. Bhuaigh an dráma seo an bonn óir ag na Gradaim Raidió IMRO níos luaithe i mbliana.  I measc na n-aisteoirí a bhí páirteach sa dráma, bhí Bríd Ní Neachtain, Colm Joe Mac Donncha, Sorcha Ní Chéide, Eoin Ó Dubhghaill, Fionnuala Gygax agus Seán Bán Breathnach.  Ba é Damian Chennells a bhí i mbun dearadh agus cóiriú fuaime, agus ba é Kevin Reynolds a léirigh.  Coimisiún de chuid RTÉ Drama on One a bhí anseo.

Award-winning radio play by Darach Mac Con Iomaire.

___________________

Dé Luain 28 Nollaig

11.02 am Scéal Aisteoirí Ghaoth Dobhair 

Clár cartlainne ag déanamh cur síos ar stair chompántas amharclannaíochta Aisteoirí Ghaoth Dobhair  ó na 1930í go dtí an lá atá inniu ann, le míreanna ó dhrámaí, sceitsí agus geamaireachtaí.  Beidh míreanna cartlainne  ann ón fhear grinn iomráiteach Niall Ó Maolagáin , duine de bhunaitheoirí na n-Aisteoirí Áine Nic Giolla Bhríde,Niall Ó Dubhthaigh a chaith na blianta ag aisteoireacht leo, agus Pól Mac Cumhaill agus Eoghan Mac Giolla Bhríde atá ag stiúradh drámaí anois.  Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.

Áine Ní Bhreisleáin looks at the history of the Donegal theatre group since the 1930s.


 

5.05 pm Fuaim na Cathrach
Tabharfaidh an tsraith seo éisteoirí ar thuras ceolmhar timpeall na cruinne ó Mhadrid na Spáinne go Buenos Aires san Airgintín, go Baghdad na hIaráice, agus is é an ceoltóir aitheanta Dónal O’Connor a bheidh ar an stiúir.  Beidh ceol traidisiúnta, ceol clasaiceach agus an ceol is mó atá i mbéal an phobail san áireamh sa chlár.  Inniu, cuirtear tús leis an turas ceolmhar i Prague, agus beidh ceol le Dvorak agus Mozart san áireamh sa rogha.  Léiriú le Mary Ann Kennedy. Léiriú Neamhspleách de chuid Watercolour Music do RTÉ.  Craoladh an tsraith seo den chéad uair sa bhliain 2013.

A musical journey through the city of Prague.

7 pm An Seomra Glas 
Is áit faoi leith é an seomra glas ag coirmcheoil – spás do na ceoltóirí, áit ar féidir leo scíth a ligean roimh dhul ar stáitse, agus anáil a tharraingt ina dhiaidh.  Sa tsraith nua seo le Fiachna Ó Braonáin, tugtar cuireadh isteach don éisteoir chuig an seomra glas áit a mbeidh aoi speisialta ceolmhar i gcomhluadar Fhiachna.  Labharfaidh siad le Fiachna faoina gcuid ceoil, agus cloisfidh muid a rogha rianta, chomh maith le rogha Fhiachna, ar an gclár. Ar na ceoltóirí a bheas le cloisteáil sa tsraith, beidh Muireann Nic Amhlaoibh, Iarla Ó Lionáird, Pádraig Jack, Inni-K, Moya Ní Bhraonáin agus Colm Mac Con Iomaire.

First programme in a brand new Christmas music series presented by Fiachna Ó Braonáin.

____________________

Dé Máirt 29 Nollaig

11.02 am Inis Oirthear: Cuimhní agus Comhrá  
Ba é Inis Oirthear, amach ó chladaigh Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill, an chéad cheann de na hoileáin sa bháigh sin a tréigeadh, nuair a d'fhág muintir Khit Phaidí, an teaghlach deireanach, le dhul go tír mór sna caogaidí.  Mheall an saol nua-aimseartha agus compord na dtithe breátha bunadh an oileáin ar fad le fágáil agus cur fúthu ar tír mór.  Sa chlár seo, cluinfidh muid míreanna cartlainne atá roghnaithe ag Áine Ní Bhreisleáin ó na seachtóidí go 2007, inár labhair oileánaigh faoin tógáil agus an saol a bhí acu, gan leictreachas, uisce reatha nó siopa ar an oileán.  Cluinfear scéalta fá bhád a cailleadh ar charraigeacha Inis Oirthear, seachadadh post 'un oileáin, tionscail na hiascaireachta agus na cleamhnais a rinneadh idir lánúin ar na hoileáin. 

A programme about Donegal island Inis Oirthear.


1.30 pm Joe Steve Ó Neachtain: Clár Ómóis  
Nuair a d'imigh duine de mhór-laochra na Gaeltachta uainn in Eanáir na bliana seo, chonaic an saol an tionchar a bhí aige ar a phobal. San eagrán speisialta seo den chlár Iris Aniar in ómós do Joe Steve, cloistear a mhac Páid, gaolta agus cairde agus iad ag ceiliúradh a shaol, agus roinnt míreanna cartlainne leis freisin.  Is í Fionnuala Uí Neachtain a chuirfidh an clár i láthair.

A programme remembering the great actor, dramatist and community activist Joe Steve Ó Neachtain.




7 pm An Seomra Glas 
Beidh aoi eile sa Seomra Glas le Fiachna Ó Braonáin anocht, le labhairt leis faoina gcuid ceoil, agus lena rogha ceoil a roinnt leis na héisteoirí.  Ar na ceoltóirí a bheas le cloisteáil sa tsraith, beidh Muireann Nic Amhlaoibh, Iarla Ó Lionáird, Pádraig Jack, Inni-K, Moya Ní Bhraonáin agus Colm Mac Con Iomaire.

Fiachna is joined this evening by another musical guest in the Green Room.

____________________

Dé Céadaoin 30 Nollaig 

Pisreoga agus Nósanna Dhún na nGall  
Beidh cur síos agus caibidil ar phisreoga , leigheasanna agus nósanna bhunadh Ghaeltachtaí Dhún na nGall sa chlár seo , a thabharfaidh sracfhéachaint ar iompar agus ar chóras creidimh atá imithe i léig i gceantracha go leor, agus a scrúdaíonn mór-fhéilte na tíre agus imeachtaí móra an tsaoil - an breith, pósadh agus bás  - tré mheán na bpisreog.  Beidh an bailitheoir béaloidis Seán Ó hEochaidh le cluinstin sa chlár, chomh maith le Seosamh Mac Eachmharcaigh , Kitty Ned Nic Giolla Bhríde, Eoghan Ó Curraighín agus Máire Ní Cheallaigh .  Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.

Superstitions, cures and traditions of the Donegal Gaeltacht areas.
 

 2 pm An tAthair Pádraig Ó Murchú: Clár Ómóis 
Seo clár cuimhne agus clár ómóis don Athair Pádraig Ó Murchú a d’imigh uainn chun na síoraíochta i mí Meán Fhómhair 2020.  Ba mhinic don Athair Pádraig a bheith le clos ar an raidió nuair a bhíodh sé aige baile ar saoire óna chuid misinéireachta sa Chóiré Theas mar a raibh sé ó dheireadh na 1960aí. Sa chlár seo inniu, faightear blaise ar shaol, ar shaothar agus ar fhealsúnacht saoil an Athar Pádraig.  Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair.

Remembering Fr Pádraig Ó Murchú, who spent most of his life as a missionary in South Korea.




5.05 pm Fuaim na Cathrach
Ceol na hAirgintíne, agus Buenos Aires, a bheidh le cloisteáil againn ar an gclár inniu.  Tabharfaidh Dónal O’Connor ar thuras tríd stair cheoil na cathrach muid, agus cloisfimid cuid de mhór cheoltóirí na tíre, ina measc Astor Piazzolla.  Léiriú le Mary Ann Kennedy. Léiriú Neamhspleách de chuid Watercolour Music do RTÉ.  Craoladh an tsraith seo den chéad uair sa bhliain 2013.

The music of Argentina, and specifically Buenos Aires.

_______________________

Déardaoin 31 Nollaig

11.02 am Coláiste Bhríde Rann na Feirste 
Léiríonn Damien Ó Dónaill an stair ársa a bhaineann le bunú Choláiste Bhríde i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill i 1926 le hábhar as Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Ba in Ó Méith i gCo. Lú a bunaíodh Coláiste Bhríde sa bhliain 1912, ach ansin shocraigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh an coláiste a bhogadh go láthair Gaeltachta, agus roghnaigh sé Rann na Feirste in iarthuaisceart Dhún na nGall.  D’oscail an coláiste ansin sa bhliain 1926, agus tá daltaí ag freastal ar an gceantar gach samhradh ó shin, go dtí i mbliana, nuair nach raibh an coláiste ar oscailt den chéad uair le 94 bliain anuas de bharr ráig an COVID-19.  D’fhreastail níos mó ná 80,000 duine ar an gcoláiste thar na blianta, ina measc TK Whitaker, Éamon de Valera, Bernadette McAliskey, Pádraig McNamee, Phil Coulter, Pádraig Ó Uallacháin agus an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich.

The history of the famed Rann na Feirste summer college.
 

1.30 pm Jim Ó Beaglaoich 
Cothrom an lae seo bliain is fiche ó shoin agus sinn ar tháirseach na mílaoise nua a cailleadh Jim Ó Beaglaoich ó Bhaile na nGall.  Tábhairneoir, fear suilt agus fear ceoil i mBaile na nGall ab ea Jim a raibh ana chuimhne aige ar an seana shaol. Inniu, cloisfidh muid agallamh cartlainne leis ag cur síos ar a shaol.

Remembering popular West Kerry musician and publican Jim Ó Beaglaoich. 




10 pm Slán le 2020  
Beidh Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin sa chathaoir don chlár seo, agus muid ag fágáil slán le 2020 agus ag cur fáilte roimh an bhliain nua.  Beidh ceol agus craic acu dúinn go dtí théis an mheánoíche.

Jó Ní Chéide and Josie Ó Cualáin help us see out 2020.
 

____________________

Dé hAoine 1 Eanáir

11.02 am Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 1994-2019 
Ó bunaíodh scoil gheimhridh ceoil i nGaoth Dobhair in ómós don sárcheoltóir Frankie Kennedy a cailleadh i 1994, ritheadh imeacht cheoil sa phobal idir Nollaig agus an bhliain úr ar feadh 25 bliain, faoi chúram Chlann Uí Mhaonaigh agus Kennedy, agus ansin faoi stiúir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. I mbliana le COVID-19 níl an ghnáth scoil cheoil ann, ach sa chlár seo éistfidh muid le scoith an cheoil a taifeadadh le linn ceolchoirmeacha, seisiúin agus cláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta sna blianta sin, agus agallaimh le cuid de na rannpháirtithe agus lucht stiúrtha - ar chuid acu , Na Mooneys, Fidil , Na Friels agus An Crann Óg. Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.

A selection of the best music and song from the famed Donegal winter schools, Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy and Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair.



 

1.30 pm Comhluadar 
Seo clár a chuir Johnny Shéamuis Ó Conghaile i láthair Oíche Nollag 1995. Páirteach sa gclár bhí deartháireacha Inis Bearacháin, Johnny, Cóil & Peter Phádraic Phíotair Ó Conghaile.

An interview with Johnny Connolly and his brothers Cóil and Peter from 1995.


2 pm Státaire na Fichiú hAoise 
Thug John Hume, buaiteoir Ghradam síochána Nobel, cúl don pholaitíocht lánaimseartha sa bhliain 2005 nuair a d’éirigh sé as Parlaimint Westminster. Fuair sé bás i mí Lúnasa 2020.  Sa chlár cartlainne seo scrúdaíonn polaiteoirí agus daoine eile nach iad, a ról i bhforbairt na síochána i dTuaisceart Éireann, na heachtraí a mhúnlaigh mar pholaiteoir é, agus a oidhreacht.  Orthu siúd a bheas le cloisteáil sa chlár beidh na polaiteoirí Gerry Adams agus Bríd Rodgers, Pat Hume, bean chéile John, Maurice Hayes, fear eile a bhí lárnach i bpróiseas na síochána, an staraí Emmet O’Connor, Fionnuala O’Connor, údar agus tráchtaire ar chúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae, Caoimhín Ó Peatáin, gníomhaí pobail, agus Séamus Mac Cionnaith, iriseoir leis an Irish News.  Is í Póilín Ní Chiaráin a léirigh an clár. 

A programme about the work and legacy of John Hume

_____________________

Dé Sathairn 2 Eanáir

11.08 am Beo ar Éigean   
Is ag labhairt faoi bheith ag scaoileadh le nithe atá Áine, Siún agus Sinéad inniu – ag fágaint slán le caidrimh, nósanna agus go leor eile, agus mar a théann a leithéid i bhfeidhm orthu.

The importance and challenge of letting go is today's topic of discussion.  


2 pm Spórt an tSathairn  
I measc na míreanna a bheas le cloisteáil againn inniu ar an gclár inniu, beidh Áine Hensey faoi agallamh ag Paddy Ó Gríofa agus í ag caint ar na blianta fada atá caite aici ag tabhairt tacaíochta d’fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann.  Tá Áine ag tacú leis an bhfoireann óna cuid laethanta ar an mheánscoil, agus tá sí féin agus a deartháir Brian ar an mbóthar leo ó 1991.  Níor chaill siad níos mó na cluiche nó dhó, sa bhaile nó as baile, le fiche bliain anuas.  Téann Áine siar ar bhóithrín na smaointe inniu le Paddy Ó Gríofa.  Beidh clúdach ar thorthaí agus scóranna ar chluichí an deireadh seachtaine ar an gclár inniu chomh maith


Áine Hensey talks about her travels around the world to support the Irish soccer team.



_______________________

Dé Domhnaigh 3 Eanáir

10.08 am An Chéad Saol Eile
Sa gclár seo inniu, pléann Máire Bríd Ní Chualáin a gcreideamh faoin gcéad saol eile le réimse aíonna difriúla, ina measc sagart, amhránaí, duine gan creideamh, adhlacóir agus scríbhneoir.  Dar leo, céard a tharlaíonn nuair a fhaigheann duine bás?  Céard iad na nósmhaireachtaí, cleachtais agus pisreoga a bhaineann leis an mbás anois, agus san am a caitheadh, agus na hathruithe atá tagtha ar shocraidí?  Pléifear na scéalta báis ar an raidió agus an tábhacht a bhaineann leo, agus inseoidh sagart a chaith blianta fada sa Chóiré Theas faoi na traidisiúin a bhaineann leis an mbás thall ansin, agus cuirfear iad i gcomparáid le traidisiúin na hÉireann.  I measc na n-aíonna beidh Mairéad Ní Chonghaile, An tAthair Seán Ó Conghaile, Sarah Ghriallais, Sally Johnny Willie, Máirín Uí Dhomhnaill , Seosamh Ó Cuaig agus  Pádraig Joe Joe Mac Con an Iomaire.

A series of guests share their thoughts on death and the afterlife.


1.20 pm Oidhreacht Ceoil Mhartin & Theresa McMahon  
Is as Carraig an Chabhaltaigh i gCo. an Chláir don bhoscadóir Martin McMahon ó dhúchas,  agus chaith sé fhéin agus a bhean chéile Theresa Britten as Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann ó dhúchas, gar do dhá scór bliain ag casadh ceoil i Londain Shasana.  "The Caravelles" an teideal a bhí ar an ngrúpa a bhí acu, agus bhíodh siad ag casadh ag bainiseacha, hallaí damhsa, ionaid Éireannacha agus tithe ósta.  Bhíodh Martin ag casadh an bhosca ceoil, agus cáil ar leith air ag casadh ar an mbosca trí-shraitheach, agus Theresa ar méarchlár agus ag casadh na n-amhrán.  Casann Martin an fhideal freisin agus casann Theresa an bosca ceoil agus an giotár.  Tá siad ina gcónaí i Sionainn, Co. an Chláir anois le roinnt blianta.  Sna taifid a chloisfear ar an gclár seo inniu, tá ceol as Londain Shasana agus ceol ó choirmcheoil leo in Áth Cinn i 2014, an chéad uair a taifeadadh iad ó tháinig siad ar ais go hÉirinn.  Ina dteannta ar an oíche bhí Josie Ó Ceannabháin agus a bheirt iníon, Úna & Niamh, Tony Sweeney as Maigh Eo a d'fhoghlaim go leor ceoil ó Mhartin, agus Oliver O'Connell. Is í Neansaí  Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.

Celebrating the music of Martin and Theresa McMahon.  
 

3 pm Coirmcheoil in ómós do Chaitlín Maude  
Seo ceolchoim a craoladh beo as an gCrannóg i Rosmuc i mí Mheán Fómhair 1991 i gcuimhne ar Chaitlín Maude, file agus amhránaí a bhásaigh go hóg sa bhliain 1982.  Ba í Caitlín Bean Uí Chonghaile as Doire Né a chuir an choirmcheoil i láthair.  Is mná uilig a bhí páirteach, ina measc Mairéad Uí Chuaig a d’aithris cuid de dhánta Chaitlín, an file Máire Holmes, na hamhránaithe Máire Phíotair Uí Dhroighneain agus Treasa Ní Mhiolláin, chomh maith le Sharon Shannon, Neansaí Ní Choisdealbha agus go leor eile

A concert to celebrate singer and poet Caitlín Maude, who died in 1982 aged just 41.   


 

7 pm An Braon Gaelach 
Cuirfidh Muireann Nic Amhlaoibh an chuid is fearr den cheol traidisiúnta inár láthair ar an gclár nua seo gach seachtain.

Muireann Nic Amhlaoibh presents a new trad music programme.  

____________________

Dé Luain 4 Eanáir

Uinseann Ó Domhnaill - 'An Dálach' 
Le linn míonna an tsamhraidh seo caite bhuail Damien Ó Dónaill le hUinseann Ó Domhnaill.  Bhuail an galar Néarón Luadrach é i 2019 agus i ndiaidh do roinnt ama a chaitheamh ag dochtúirí, insíodh do nach raibh fágtha aige ach trí bliana ar an tsaol seo.  D’inis Uinseann scéal a shaoil do Damien. Tá saol gnóthach caite aige ó rugadh é i dTóin an Bhaile, Rann na Feirste sa bhliain 1945.

Uinseann Ó Domhnaill talks about his life, and his recent Motor Neurone diagnosis.


 

1.30 pm Tobar na Cartlainne    
Is ón mBóthar Buí, ar an gCeathrú Rua do Thomás Mac Eoin, nó Tomás Jimmy mar a thugtar air go háitiúil.  Is fonnadóir, aisteoir, amhránaí, cumadóir agus file é.  D’oibrigh sé leis an ngrúpa ceoil The Waterboys ar feadh roinnt mhaith blianta, agus tá ceirnín platanaim aige dá bharr don albam Fisherman’s Blues.  Bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta air i mí na Samhna, agus sa chlár seo inniu cuirfidh Eibhlín de Bhailís rogha míreanna cartlainne le Tomás inár láthair in ómós dó.

A programme about singer and songwriter Tomás Mac Eoin.


2.30 pm Rincí Crosaire
Seo clár cartlainne ar stair na rincí crosaire i gCorca Dhuibhne. Cá mbíodh na comhthaláin rince? Cérbh iad na ceoltóirí agus an máistrí rince agus cad a chur deireadh leis an nós? 

All about the tradition of dancing at the crossroads.
 

7 pm An Seomra Glas 
An clár deireanach sa mhion-shraith seo le Fiachna Ó Braonáin.  Is áit faoi leith é an seomra glas ag coirmcheoil – spás do na ceoltóirí, áit ar féidir leo scíth a ligean roimh dhul ar stáitse, agus anáil a tharraingt ina dhiaidh.  Sa tsraith seo le Fiachna Ó Braonáin, tugtar cuireadh isteach don éisteoir chuig an seomra glas áit a mbeidh aoi speisialta ceolmhar i gcomhluadar Fhiachna.  Labharfaidh siad le Fiachna faoina gcuid ceoil, agus cloisfidh muid a rogha rianta, chomh maith le rogha Fhiachna, ar an gclár. Ar na ceoltóirí a bheas le cloisteáil sa tsraith, beidh Muireann Nic Amhlaoibh, Iarla Ó Lionáird, Pádraig Jack, Inni-K, Moya Ní Bhraonáin agus Colm Mac Con Iomaire.

The final programme in this Christmas series presented by Fiachna Ó Braonáin.  


 

Beo

Scoth an Luain

Scoth an Luain

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Éire Aontaithe

Tús Áite: Éire Aontaithe

 
Tús Áite: An Comhaontas Glas

Tús Áite: An Comhaontas Glas

 
Tús Áite: Tionchar eacnamúil Covid níos measa i réigiúin áirithe

Tús Áite: Tionchar eacnamúil Covid níos measa i réigiúin áirithe

 
Tús Áite: Cúrsaí Covid-19

Tús Áite: Cúrsaí Covid-19

 
Tús Áite: 25/1/21

Tús Áite: 25/1/21

 
Conchúir Ó Brosnacháin

Conchúir Ó Brosnacháin

 
John Joe Mac Gearailt: Feirmeoir caorach ó Bhaile an Lochaigh.

John Joe Mac Gearailt: Feirmeoir caorach ó Bhaile an Lochaigh.

 
Dónal Óg Ó Liatháin; Bainisteoir Réigiúnach le hÚdarás na Gaeltachta i gCúige Mumhan.

Dónal Óg Ó Liatháin; Bainisteoir Réigiúnach le hÚdarás na Gaeltachta i gCúige Mumhan.

 
An Saol Ó Dheas: Dé Luain 25 Eanáir 2021.

An Saol Ó Dheas: Dé Luain 25 Eanáir 2021.

 
Frances Nic Géadaigh. RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Frances Nic Géadaigh. RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla.

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na mGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na mGall.

 
Anna Ní Ghallachóir, Cathaoirleach Bhord  Údarás na Gaeltachta.

Anna Ní Ghallachóir, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta.

 
Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Dara Calleary , T.D. Muigh Eo.

Dara Calleary , T.D. Muigh Eo.

 
Moira Leyden , ASTI.

Moira Leyden , ASTI.

 
Phil Ní Shéaghdha, Ardrúnaí INMO.

Phil Ní Shéaghdha, Ardrúnaí INMO.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Luain 25 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé Luain 25 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís