Mo Bhealach Féin - Maggie Darby
Dé Sathairn 5 Nollaig, chraol muid clár in omós do Mhaighréad Uí Ghallchóir nó Maggie Darby mar ab fhearr aithne uirthi, a fuair bás ar 27 Samhain.
Ba as an Ardmhín i gceantar na gCnoc i Rossa Thír Chonaill ó dhúchas do Mhaggie, agus chaith sí a saol pósta i nDún Lúiche i bParóiste Ghaoth Dobhair. Sa chlár seo a craoladh i 2002, labhair sí fána hóige ar an Ardmhín agus in Albain, a saol oibre i bPáirce Náisiúnta Ghleann Bheatha, agus an méid eolais a bhí aici ar an uinéir Henry Mc Elhinney a d'fhág an tEastat mar bhronntanas ag Pobal na hEireann chomh maith lena barúil fá ionracas sa pholaitíocht. Gníomhaí Pobail ab ea í a chaith tréimhse ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ba í Edel Ní Chuireáin a láithrigh agus a léirigh an clár.
Is féidir éisteacht leis anseo - Mo Bhealach Féin
Listen at the link above to a special programme broadcast on 5 December as a tribute to Maggie Darby, who died on 27 November.