Sceideal an Fhómhair 2020

Sceideal an Fhómhair 2020

Cuirfear tús le sceideal an fhómhair Dé Luain, 7 Meán Fómhair, agus ar chuid de na cláracha nua a bheas le cloisteáil, beidh eagrán sa bhreis den tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, agus sraitheanna nua d'Ardtráthnóna, de Shruth na Maoile, de Bhladhaire agus de Chartlann Bhóthar na Léinsí. 

Ar cheann de na hathruithe móra ag an deireadh seachtaine i sceideal an fhómhair, beidh eagrán sa bhreis den chlár polaitíochta agus cúrsaí reatha An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra le cloisteáil maidin Dé Sathairn ag 11 am feasta, ag tosú ar 12 Meán Fómhair.  Bíonn plé painéil i gceist le heagrán an Domhnaigh den chlár, ach tá sé i gceist go mbeidh clár an tSathairn níos ré-chúisí.  Beidh agallamh mór ag tús an chláir, agus míreanna rialta spóirt agus staire, i measc nithe eile, agus coinneofar súil ghéar ar na scéalta reatha freisin, gach cor i bhfeachtas toghchán na huachtaránachta i Meiriceá san áireamh.



Beidh an-áthas ar na héisteoirí go mbeidh Máirtín Tom Sheáinín ar ais sa chathaoir le sraith nua d’Ardtráthnóna ó Luan go Céadaoin, an tsraith dheireanach ar an drochuair, mar go mbeidh Máirtín ag éirí as i mí na Samhna.  Beidh sé ar ais ar an stiúir Dé Domhnaigh freisin don chlár iarratais Togha agus Rogha.

Bronnadh an duais don chlár ceoil raidió is fearr ar an tsraith Sruth na Maoile ag Féile na Meán Ceilteach i mí an Mheithimh don choirm mhór a craoladh anuraidh chun 25 bliain an chláir a cheiliúradh, agus beidh Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna ar ais le sraith úrnua ó 10 Meán Fómhair.  B’éigean an taifead a dhéanamh agus na láithreoirí na mílte óna chéile, Seán i gConamara agus Mairi Anna in Ardchríocha na hAlban, ach d’éirigh leo, a bhuíochas leis an teicneolaíocht.  Is é an chuid is fearr de cheol tíre agus traidisiúnta na hÉireann agus na hAlbain a bhíonn le cloisteáil ar an gclár, comhchraoladh le BBC Radio nan Gàidheal, agus tá sé ar an gcomhléiriú Ceilteach is fad-bhunaithe ar domhan! 



Ar cheann de na cláracha eile a thug leo gradam ag Féile na Meán Ceilteach, bhí Bladhaire, a bhuaigh an duais don chlár irise raidió is fearr agus gan iad ar an aer ach le bliain.  Beidh Bladhaire ar ais don dara shéasúr den chlár bríomhar seo a mbíonn idir throm agus éadrom le cloisteáil air i sceideal an fhómhair. Beidh agallaimh, ceol beo, míreanna rialta faoi chúrsaí siamsaíochta agus bia, agus neart eile, ag Áine Ni Bhreisleáin agus an fhoireann dúinn gach Déardaoin agus Aoine ag 3 pm. 

Bhíodh an-tóir ag muintir an deiscirt, go háirithe, ar an gclár Cartlann Bhóthar na Léinsí, agus beidh sraith nua den chlár seo ag Dáithí de Mórdha dúinn gach maidin Domhnaigh ag 9.30 am, ag tosú ar 13 Meán Fómhair.  Beidh scéalta agus seanchas, amhráin agus ceol, stair agus sochaí na Gaeltachta le cloisteáil ar an gclár.   Is eitneolaí é Dáithí, a rinne staidéar dochtúireachta ar an gcaidreamh a bhí ag pobail na Gaeltachta leis an tseirbhís raidió, agus tá an-áthas air a bheith i mbun an chláir.

Beidh an tsraith Cuideachta Ceoil le hEibhlín de Bhailís le cloisteáil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15 am, agus tá Eibhlín ag súil go mór le tús a chur leis an tsraith.

 Ó na tuairiscí atá faighte againn, tá éisteoirí ag baint an-taitneamh as na hathchraoltaí de Bhaile an Droichid agus Leagan Cainte atá le cloisteáil le roinnt míonna anuas, agus leanfar leo seo gach Déardaoin sa sceideal nua.  Beidh Baile an Droichid le cloisteáil ag 2.05 pm, agus Leagan Cainte ansin ag 2.30 pm.

Tá an spórt beo ar ais ó dheireadh mhí Iúil, agus tá meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a gcroídhícheall ag iarraidh eolas a choinneáil leis na héisteoirí.  B’éigean sceideal na gcluichí a chur siar mar gheall ar chúrsaí COVID, mar sin beidh go leor cluichí le n-imirt as seo go ceann roinnt míonna. 

Tá an spórt beo ar ais le tamall, agus bíonn an corr is déanaí ag meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta do na héisteoirí  gach deireadh seachtaine.B'éigean sceideal na gcluichí a chur siar mar gheall ar chúrsaí COVID, tá muid tagtha chomh fada le babhtaí cinniúnacha na gclub faoi láthair agus ní bheidh sé i bhfad go mbeidh na craobh chomórtais contae ag tosú, mar sin beidh go leor cluichí le n-imirt as seo go ceann roinnt míonna agus beidh clúdach cuimsitheach le cloisteáil ar chláracha spóirt an stáisiúin gach deireadh seachtaine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ó 2 pm, agus Reacaireacht an Tráthnóna gach Satharn ó 7 pm.  Beidh na tuairiscí spóirt ar ais ina n-iomláine i gcaitheamh na seachtaine chomh maith.

Maidir leis na healaíona de, beidh an clár An Cúinne Dána fós le cloisteáil gach maidin Sathairn, ach go bhfuil an t-am athraithe ar ais go 10.30 am arís.  Beidh Tristan Rosenstock sa chathaoir gach seachtain, agus súil aige ar na himeachtaí uilig atá ag tarlú ar fud na tíre, na foilseacháin nua, na tograí is spéisiúla, agus aon nuacht eile i ndomhan na n-ealaíon. 


Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta


"Is bliain dúshlánach a bhí i 2020 go dtí seo do chraoltóirí ar fud an domhain, ach mar sin féin tá sceideal láidir pleanáilte againn don fómhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Tá muid ag cur leis na cláracha beo ag an deireadh seachtaine le heagrán sa bhreis den tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bheidh ar an Satharn agus Domhnach anois, clár a bhfuil an-tóir air.  Beidh Bladhaire agus Sruth na Maoile ar ais agus duaiseanna idirnáisiúnta bronnta ar an dá chlár ó bhí siad ar an aer go deireanach.  Beidh muid ag tarraingt ón stór luachmhar cartlainne atá againn le sraith nua de Chartlann Bhóthar na Léinsí agus le tuilleadh ón dráma raidió Baile an Droichid, agus beidh an-fháilte ag éisteoirí roimh Mháirtín Tom Sheáinín ar ais ar an aer."

Beidh fáil ar na cláracha ar fad ar an RTÉ Radio Player, agus anseo ar an suíomh idirlín. 

_____________________________________

Our autumn schedule starts on Monday 7 September, and will include a new programme from Máirín Ní Ghadhra at the weekends, as well as new series of Ardtráthnóna, Sruth na Maoile, Bladhaire and Cartlann Bhóthar na Léinsí, to name just a few.  

 

Beo

Scoth na hAoine

Scoth na hAoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Rogha na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Spóirt

Tús Áite: Cúrsaí Spóirt

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Meán áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán áitiúil

 
Tús Áite: Seoladh Fhoclóir Uí Mhianáin

Tús Áite: Seoladh Fhoclóir Uí Mhianáin

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 30/10/2020

Tús Áite: 30/10/2020

 
Páid Ó Neachtain, Aisling Ni Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin.

Páid Ó Neachtain, Aisling Ni Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin.

 
Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Manáis.

Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Manáis.

 
Bladhaire, Dé hAoine 30/10/2020. An t-Oireachtas sa bhaile.

Bladhaire, Dé hAoine 30/10/2020. An t-Oireachtas sa bhaile.

 
Bladhaire, Dé hAoine 30/10/20. An t-Oireachtas sa bhaile.

Bladhaire, Dé hAoine 30/10/20. An t-Oireachtas sa bhaile.

 
Bladhaire, clár iomlán, 30/10/20.

Bladhaire, clár iomlán, 30/10/20.

 
Cead pleanála tugtha do Bhreanndán Ó Beaglaoích

Cead pleanála tugtha do Bhreanndán Ó Beaglaoích

 
Lorcán Ó Máirtín agus Danny Ó Domhnaill.

Lorcán Ó Máirtín agus Danny Ó Domhnaill.

 
John Ó Colla as Mín Lárach, Gort a' Choirce.

John Ó Colla as Mín Lárach, Gort a' Choirce.

 
Diane Ní Chanainn, mír rialta.

Diane Ní Chanainn, mír rialta.

 
Antoin Ó Dochartaigh agus a mháthair  Eileen Nic Suibhne as Machaire Gathlán, Na Doirí Beaga.

Antoin Ó Dochartaigh agus a mháthair Eileen Nic Suibhne as Machaire Gathlán, Na Doirí Beaga.

 
John O Brien, ball ainmnithe ar Choiste Iascaigh na Comhairle Contae.

John O Brien, ball ainmnithe ar Choiste Iascaigh na Comhairle Contae.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 30/10/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 30/10/2020.

 
Michael Mc Cann, Uachtarán Chumann Naomh Uinseann de Pól san Iarthar.

Michael Mc Cann, Uachtarán Chumann Naomh Uinseann de Pól san Iarthar.

 
John O'Brien, Coiste Polasaí Iascaigh, Comhairle Condae, Dún na nGall.

John O'Brien, Coiste Polasaí Iascaigh, Comhairle Condae, Dún na nGall.

 
Gobnait Ní Mhuineacháin, Comhairleoir Condae, Corcaigh.

Gobnait Ní Mhuineacháin, Comhairleoir Condae, Corcaigh.

 
Máirín Uí Chéidigh, tráchtaire, Boston.

Máirín Uí Chéidigh, tráchtaire, Boston.

 
Padraig Ó Mianáin, Príomh-Eagarthóir Concise English-Irish Dictionary.

Padraig Ó Mianáin, Príomh-Eagarthóir Concise English-Irish Dictionary.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Niall Ó Donghaile, Seanadóir, Sinn Féin.

Niall Ó Donghaile, Seanadóir, Sinn Féin.

 
Deirbhle Nic Craith, INTO.

Deirbhle Nic Craith, INTO.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020.

 
Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

 
Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

 
Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta:  Déardaoin 29 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 29 Deireadh Fómhair 2020.

 
Anne Doherty, Carraig Airt.

Anne Doherty, Carraig Airt.

 
MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

 
Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

 
Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

 
Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

 
Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís