An gearrliosta fógartha do Ghradam Joe Steve

An gearrliosta fógartha do Ghradam Joe Steve

Tá sé fógartha inniu, 9 Iúil 2020, ag Fíbín, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, gurb iad Susanne Colleary, Seán Ó Dubhchon agus Eoin Ó Dubhghaill an triúr drámadóirí a bheas san áireamh do Ghradam Joe Steve.

Gearrdhrámaí Gaeilge, bunaithe ar scéalta miotais nó stairiúla na hÉireann, atá i gceist leis an ngradam seo agus rachaidh Susanne, Seán agus Eoin i mbun oibre anois leis na moltóirí Philip Doherty (Stiúrthóir Ealaíne le Fíbín), Cillian Ó Donnachadha (Léiritheoir Fíbín) agus Seán Ó hÉanaigh (RTÉ Radio na Gaeltachta), chun a gcuid scripteanna a fhorbairt.

Nuair atá na scripteanna curtha i gcrích, déanfar taifead ar na drámaí ar stáitse na Taibhdheirce, ag teacht le treoracha sláinte agus sábháilteachta an HSE. Is iad Fíbín a léireoidh na drámaí, agus craolfar ansin iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Beidh €500 mar phríomhdhuais don dráma a mbronnfar Gradam Joe Steve air, agus bronnfar dhá dhuais thánaisteacha €200 freisin. 

Is múinteoir bunscoile é Seán Ó Dubhchon, ó Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas, ach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair.  Is craoltóir raidió é le Raidió RíRá agus Raidió na Life.  Tá píosaí iriseoireachta leis foilsithe in irisleabhair ar nós Comhar, Foinse agus An tUltach, agus tá duaiseanna liteartha Oireachtas na Gaeilge buaite aige dá shaothar.  Is imlíne do dhráma bunaithe ar scéal Oisín i dTír na nÓg, sa saol nua aimseartha, atá istigh ar an ngradam ag Seán.

Is as Coill Rua Thoir in Indreabhán do Eoin Ó Dubhghaill, agus tá sé ag cur faoi sa cheantar sin go fóill. Tá taithí aige a bheith ag aisteoireacht ar an ardán agus ar an scáileán le deich mbliana anuas i dtograí éagsúla as Gaeilge agus as Béarla, ina measc an sobaldráma Ros na Rún.  Tá drámaí scríofa agus léirithe aige le Fíbín, An Taibhdhearc, Mumbro Top, Fizz and Chips Theatre Company agus High Rock Productions.  Tá Eoin ag obair ar dhráma a thagraíonn do scéalta béaloideasa, go háirithe an mhaighdean mhara agus an ceangal daonna le rónta, don ghradam.  

Is as Baile Easa Dara i gCo. Sligigh ó dhúchas do Susanne Colleary, agus tá sí fós ag cur fúithi sa chontae sin, i gCúil Áine.  Is léachtóir le drámaíocht í i gColáiste na Tríonóide í faoi láthair, agus bíonn sí ag léachtóireacht freisin san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach.  Tá spéis faoi leith ag Susanne i gcúrsaí grinn, agus tá dhá leabhar scríofa aici ar an ábhar sin. Tá drámaí scríofa aici freisin, agus bíonn sí le cloisteáil i mbun léirmheastóireacht ar dhrámaí, agus i mbun aistí raidió, ar an gclár ealaíon Arena ar RTÉ Raidió 1 ó am go ham. Saothar greanntraigéide (tragicomedy) atá i gceist sa dráma atá Susanna Colleary ag obair air don ghradam, bunaithe ar bheirt bhan, agus tagairtí sa téacs do Bhéaloideas na hÉireann. 

Tá an gradam seo ainmnithe do dhuine de shár-dhrámadóirí ár linne, Joe Steve Ó Neachtain, a cailleadh i mí Eanáir na bliana seo. 

Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn.  Tá siad lonnaithe sa Tulach i gceantar Chois Fharraige i gConamara. 

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Taibhdhearc na hurraitheoirí ar an Ghradam Joe Steve.  Is iad Fíbín atá ag reáchtáil an chomórtais.

__________________________________

The shortlist for the Gradam Joe Steve drama award has been announced.  Susanne Colleary, Seán Ó Dubhchon agus Eoin Ó Dubhghaill are the three dramatists who will compete for the overall prize of €500. 

 

 

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Criostóir Ó Faoláin

Criostóir Ó Faoláin

 
An Teachta Dála Catherine Connolly

An Teachta Dála Catherine Connolly

 
Daithí Ó Cualáin

Daithí Ó Cualáin

 
Albert Doherty

Albert Doherty

 
Úna Ní Ghríofa

Úna Ní Ghríofa

 
Mairéad Ní Mhuimhneacháin

Mairéad Ní Mhuimhneacháin

 
Frank Sadlier

Frank Sadlier

 
Póilín Ní Chiaráin

Póilín Ní Chiaráin

 
Spóirt

Spóirt

 
Na Nuachtáin

Na Nuachtáin

 
Nuacht an Iarthair

Nuacht an Iarthair

 
Nuacht an Tuaiscirt

Nuacht an Tuaiscirt

 
Nuacht an Deiscirt

Nuacht an Deiscirt

 
An Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta

An Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Díghalrán lámh bainte ó scoileanna

Tús Áite: Díghalrán lámh bainte ó scoileanna

 
Tús Áite: 23/10/2020

Tús Áite: 23/10/2020

 
Niamh Ní Chróinín : Bronntanais le Gaeilge

Niamh Ní Chróinín : Bronntanais le Gaeilge

 
Ceol beo sa stiudeó : Ceann Golaim

Ceol beo sa stiudeó : Ceann Golaim

 
Conor O'Keefe : luthchleasaí agus eachtraí

Conor O'Keefe : luthchleasaí agus eachtraí

 
Gavan Ring: Amhránaí sna ceoldrámaí

Gavan Ring: Amhránaí sna ceoldrámaí

 
Na deá-scéalta le Hugh Mac Giolla Chearra

Na deá-scéalta le Hugh Mac Giolla Chearra

 
Bladhaire : Clár iomlán Aoine 23/10/20

Bladhaire : Clár iomlán Aoine 23/10/20

 
Seosamh Mac Ceallabhuí agus Dara Ó Cinnéide.

Seosamh Mac Ceallabhuí agus Dara Ó Cinnéide.

 
Darren Ó Dubhagáin, as Gort a’ Choirce ach de bhunadh Thoraí.

Darren Ó Dubhagáin, as Gort a’ Choirce ach de bhunadh Thoraí.

 
Pól Mac Aoidh, ó Chumann Sacar Ghaoth Dobhair Aontaithe.

Pól Mac Aoidh, ó Chumann Sacar Ghaoth Dobhair Aontaithe.

 
Síle Nic Aoidh.

Síle Nic Aoidh.

 
Ann Mhic Suibhne, as Gort a’ Choirce.

Ann Mhic Suibhne, as Gort a’ Choirce.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 23/10/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 23/10/2020.

 
Tús Áite: Gradam ag na Cnocadóirí

Tús Áite: Gradam ag na Cnocadóirí

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Bille faoi Árais Mháithreacha agus Leanaí

Tús Áite: Bille faoi Árais Mháithreacha agus Leanaí

 
Tús Áite: Cúnamh ag teastáil do ghnónna le himeacht Fungie

Tús Áite: Cúnamh ag teastáil do ghnónna le himeacht Fungie

 
Tús Áite: Polaitíocht an lae

Tús Áite: Polaitíocht an lae

 
Tús Áite: Covid-19 i dTeach Altranais

Tús Áite: Covid-19 i dTeach Altranais

 
Tús Áite: 22/10/2020

Tús Áite: 22/10/2020

 
Féile Cruite Acla : Diarmuid Gielty

Féile Cruite Acla : Diarmuid Gielty

 
Aoi sa Chathaoir: Ríonach Uí Ógáin

Aoi sa Chathaoir: Ríonach Uí Ógáin

 
Megan Roantree : Eagarthóir kiss.ie

Megan Roantree : Eagarthóir kiss.ie

 
Eve Belle: Amhránaí

Eve Belle: Amhránaí

 
Póilín Nic Géidigh : Mír Teilifíse

Póilín Nic Géidigh : Mír Teilifíse

 
Daniel Twomey : Meabhair shláinte agus folláine

Daniel Twomey : Meabhair shláinte agus folláine

 
Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin 22/10/20

Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin 22/10/20

 
Sean Ó Gallchóir ó Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola agus Terence Ó Gallchóir as Cumann Gailf Oileán na Cruite.

Sean Ó Gallchóir ó Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola agus Terence Ó Gallchóir as Cumann Gailf Oileán na Cruite.

 
Ivan Mc Philips, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, ach a bhfuil cónaí ar i gContae na Gaillimhe.

Ivan Mc Philips, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, ach a bhfuil cónaí ar i gContae na Gaillimhe.

 
Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta:  Déardaoin  22 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 22 Deireadh Fómhair 2020.

 
Cian Molloy, trachtaire, cúrsaí eaglasta.

Cian Molloy, trachtaire, cúrsaí eaglasta.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bladhaire

Bladhaire

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís