An Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

An Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuid de scothchláracha na Nollag 2019 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 


Dé Sathairn 21 Nollaig

10.30 am         An Cúinne Dána

Agallamh leis an údar Proinsias Mac an Bhaird faoin mbliain iontach a bhí aige agus duais Leabhar na Bliana buaite aige, agus beidh moltaí d'imeachtaí teaghlaigh i gcomhar na Nollag ag Deirdre Ní Fhloinn.

An interview with Proinsias Mac an Bhaird, winner of Irish-Language Book of the Year.

7 pm                Malairt Poirt le Muireann 
Anocht ar an eagrán speisialta Nollag den chlár, beidh Méabh Ní Bheaglaoich sa stiúideo le Muireann Nic Amhlaoibh agus í ag seoladh a singil nua, agus ag canadh roinnt amhrán don Nollaig.

Muireann Nic Amhlaoibh is joined in studio by Méabh Ní Bheaglaoich, to launch her new single. 


 

_________________________________________________________

Dé Domhnaigh 22 Nollaig

5.30 pm              Súil Siar 1919  
Ar an 10 Meán Fómhair 1919, mar chuid de dhianteannadh ar Ghluaiseacht na Saoirse, cuireadh an chéad Dáil faoi chois.  Inniu, sa seachtú clár sa tsraith, scrúdaíonn an tOllamh Emeritus le Stair Gearóid Ó Tuathaigh, agus an Dr Kerron Ó Luain, mar a chuir an dian-reachtaíocht seo isteach ar mhuintir Shinn Féin agus conas a sháraigh siad é. 

The proscription of the Dáil, how this impacted Sinn Féin, and how they overcame it. 

__________________________________________________________

Dé Máirt 24 Nollaig

5.05 pm                 Carúil na Nollag  
Sa chlár seo inniu, éistfidh muid le seirbhís carúl na Nollag le daltaí Scoil Náisiúnta Shailearna in Indreabhán, a taifeadadh níos luaithe an mhí seo i Séipéal Naomh Ainnín in Indreabhán.  Is í Eibhlín de Bhailís a chuirfidh an clár i láthair.

A carol service with the children from Scoil Náisiúnta Shailearna in Indreabhán.


7 pm                      Ceol Binn ó na Beanna 
Ceol choirm Éigse an Spidéil 2019.  I measc na gceoltóirí, beidh Conor Connolly, Ceoltóir Óg TG4 2019, agus Pádraig Ó Dubhghaill, Cárthach Mac Craith agus Méin Nic Craith.  Cloisfidh muid Cór Óige Chois Fharraige freisin, agus iad ag casadh 'Fad Saoil’ ciogal amhrán bunaithe ar 12 dán leis an bhfile Joe Steve Ó Neachtain, a bhfuil ceol nuachumtha curtha leo ag Johnny Óg Connolly. 

A concert recorded live at the Éigse an Spidéil 2019 festival.
 

10 pm                       An Taobh Tuathail
Eagrán speisialta den chlár anocht, le hamhráin Nollag agus ceol eile a thugann an Nollaig chun cuimhne.  Ceol atmaisféarach don oíche atmaisféarach seo!

Cian Ó Cíobháin’s ATT Xmas Eve Special #wrappersdelight.


 

________________________________________________________

Lá Nollag
 

3 pm                          Raidió na Gaeltachta ag an Oireachtas
An chuid is fearr de chraoladh RTÉ Raidió na Gaeltacht ó fhéile an Oireachtais i Citywest i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.  Beidh blaiseadh de na comórtais sean-nóis, na lúibíní agus cláracha an raidió le cloisteáil.

Highlights from RTÉ RnaG’s broadcasts from the Oireachtas festival in Citywest in Dublin.


 

5 pm                          Coinneal na Nollag, Fáilte agus Dóchas
Coirm cheoil ar mhaithe le Pobal Shíomóin a reáchtáladh i Séipéal Bhearna ag tús mhí na Nollag, i gcomhar le hamhránaí cónaitheach sean-nóis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Caitlín Ní Chualáin.  Ar chuid acu siúd a bhí páirteach, bhí Cór Chois Fharraige, Cor Phobal Shíomóin, Pól Ó Ceannabháin, Louis de Paor, Lillis Ó Laoire – Amhránaí na Bliana TG4, Odí Ní Chéilleachair agus Sorcha Ní Mhonacháin, chomh maith le damhsóirí, páistí scoile, aisteoirí agus neart eile.

A concert in aid of the Simon Community organised in conjunction with NUIG Sean-Nós Singer in Resident Caitlín Ní Chualáin in Bearna Church in Co. Galway in early December. 


6.30 pm                     Rogha Ceoil na Nollag
Rogha ceoil na Nollag le Neansaí Ní Choisdealbha.  Beidh ceol aici dúinn le Cór Fear na nDéise, Cherish the Ladies, Frankie Gavin, Finola Ó Siochrú agus neart eile.

Tune in for a Christmassy selection of music, presented by Neansaí Ní Choisdealbha

______________________________________________________

Lá le Stiofáin

11.02 am                    An Nollaig i dTír Chonaill 

Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár seo i láthair inniu, le míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga, ag cur síos ar an Nollaig mar a bhí i dTír Chonaill sna blianta siar, agus na nósanna a bhain leis.

Christmas as it was in Donegal in years gone by.


12.08 pm                       An Saol ó Dheas
Oíche chomórtha ar shaol Mhaidhc Dainín Ó Sé a bhí ar siúl mar chuid d’Fhéile Litríochta an Daingin le déanaí.  Saolaíodh Maidhc Dainín i gCorca Dhuibhne i 1942, agus cailleadh é sa bhliain 2013.  Is iad na leabhair a tháinig óna lámh is mó a thuill clú dó, ach ba iomaí sin bua eile a bhí aige – bua an cheoil, na filíochta, an ghrinn, an tseanchais, na cumadóireachta agus na flaithiúlachta ina measc. Sa chlár seo inniu, cloisfear míreanna ón oíche in ómóis do Mhaidhc,  le caint, litríocht, ceol, rince agus amhráin le Caoimhín Ó Sé, Clíonadh Ní Shé, Aoife Ní Shé, Sean Butler, Fergus Flaherty, Tom Lynch, David Docherty, Mossie Ó Scanláin agus Páidí Mhárthain.  Ba é Micheál de Mórdha, a chara dilís, a bhí ina fhear an tí.

Highlights from a celebration of the life and work of Maidhc Dainín Ó Sé, prolific author, musician, singer, composer, poet, and much more, that took place as part of the Dingle Literary Festival recently.


1.30 pm                         Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge 
Seo sraith nua le Máiréad Uí Dhomhnaill, ag cur síos agus ag plé saoil agus saothair dheichniúr scríbhneoir Gaeilge atá anois ar shlí na fírinne. Inniu, beidh Seosamh Ó Murchú, Eagarthóir leis An Gúm, agus Tadhg Ó Dúshláine, eagarthóir agus léachtóir, i mbun cainte faoi Dhiarmaid Ó Súilleabháin agus léifidh an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh cúpla dán dá chuid ar an gclár dúinn freisin.  Ba de bhunadh Na n-Aoirí in Iarthar Chorcaí Diarmaid, múinteoir, úrscéalaí, drámadóir, file agus poblachtánach.  Deirtear gurb é a tharraing úrscéalaíocht na Gaeilge isteach san Fhichiú hAois.  Cuirfidh muid eolas níos fearr air i gclár seo an lae inniu.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

The first programme in a new series by Máiréad Uí Dhomhnaill, discussing the life and work of ten Irish-language writers who have now passed on.  Today, the life and work of Diarmaid Ó Súilleabháin. 


5.05 pm                               Bráithre an Cheoil
Rugadh Séamus Ennis, Seán 'ac Dhonncha agus Seosamh Ó hÉanaí sa bhliain 1919.  Bhí an triúr acu an-bhainteach le slánú agus le caomhnú an cheoil agus na n-amhrán traidisiúnta i lár an chéid seo caite, nuair a bhíodar go mór i mbaol.  Ba chomharsain iad Seosamh Ó hÉanaí (Joe) agus Seán ‘ac Dhonncha, agus chuireadar beirt aithne ar Shéamus luath sna 1940adaí.  Bheidís mar dhlúthchairde go dtí lá a mbás.  Sa dá chlár seo, Bráithre an Cheoil, déanann Mac Dara 'ac Dhonncha, mac le Seán, scagadh agus scrúdú ar shaol agus ar shaothar an triúir, ó laethanta a n-óige go dtí a mbás.  Léargas pearsanta atá ann ar thriúr laoch i gcultúr na hÉireann.  Sa chéad chlár inniu, cloisfidh muid faoina n-óige, a gcuid scolaíochta, agus mar a chuireadar aithne ar a chéile.  Craolfar an dara clár amárach.

A documentary about music legends Séamus Ennis, Seán ‘ac Dhonncha and Seosamh Ó hÉanaí, who were all born in 1919. 



6.30 pm                                 Canúintí 
Seo mion-shraith le Rossa Ó Snodaigh, an ceoltóir cáiliúil ón ngrúpa Kíla, dírithe ar chanúintí na Gaeilge sa lá atá inniu ann, canúintí dhaltaí i gceithre Ghaelscoil ach go háirithe, lonnaithe i bhFear Manach, i Sligeach, i Liatroim agus i ndeisceart Dhún na nGall.  Déantar comparáid idir na canúintí atá ann inniu, agus na canúintí traidisiúnta sa cheantar, idir Bhéarla agus Ghaeilge, agus déantar iniúchadh ar na cosúlachtaí agus a mhalairt maidir le cúrsaí foghraíochta.  Labhrann Rossa le fir is mná léannta le Gaeilge ó na contaetha seo chun a dtuairimí ar an ábhar a fháil chomh maith.  Inniu, beidh Rossa i nGaelscoil Chnoc na Ré, Co. Shligigh.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 


This mini series by Rossa Ó Snodaigh, well-known musician from Kíla, examines dialects of the Irish language, in particular dialects of children in four Gaelscoileanna, and compares it with the traditional dialect in those areas.  Today, Rossa is in Gaelscoil Chnoc na Ré in Sligo. 


7 pm                                         Siansa 2019 
An chraobh do chomórtas Siansa Gael Linn 2019, a craoladh beo ón gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin.  Is í Áine Hensey a chuirfidh an clár i láthair.  Bhí ocht ngrúpa de cheoltóirí óga ar stáitse ar an oíche, agus iad san iomaíocht don duaischiste €4500.  Ba iad Finscéal ó Cho. Luimnigh a thug leo an príomhdhuais, tháinig Léargas ó  Thiobraid Árann sa dara háit, agus Siar ó Cho. Mhaigh Eo sa tríú háit.  Bhí an-oíche cheoil ann, agus beidh deis eile ag éisteoirí é sin a chloisteáil ar an gclár seo inniu.

The Siansa Gael Linn 2019 final for young traditional music groups, as broadcast live from the National Concert Hall in April.  Áine Hensey presents. 
_________________________________________________________

Dé hAoine 27 Nollaig

12.08 pm                                  An Saol ó Dheas

Cothrom an ama seo tríocha bliain ó shoin a cailleadh Seán de hÓra, Seáinín Sheosaimh, ó Chloichear, Baile an Fheirtéaraigh.  Tá ráite ag Seán Ó Tuama ‘gur dócha nach raibh aon bhliain níos tábhachtaí i stair ceol dúchasach na tíre seo ná an dá bhliain a bhí an dá Sheán (Seán de hÓra gus Seán Ó Riada) in aon tíos le chéile.’  Bhuaigh Seán de hÓra Corn an Riadaigh i 1971, agus dúirt sé ag an am ná raghadh an corn thar Buailtín siar go deo arís.  Sa chlár seo, cloisfimid cuid den ábhar cartlainne atá an Raidió na Gaeltachta le Seán agus faoi Sheán.  Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair.

A programme about legendary singer Seán de hÓra.


1.30 pm                                    Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge
Seo an dara clár sa tsraith seo le Máiréad Uí Dhomhnaill faoi dheichniúr údar Gaeilge atá anois ar shlí na fírinne.  Inniu, beidh an clár dírithe ar an scríbhneoir Conallach Seosamh Mac Grianna.  Deirtear go raibh Mac Grianna ar dhuine de na scríbhneoirí ba cháiliúla a shaothraigh litríocht na Gaeilge san Fhichiú hAois.  Faraor, theip ar a meabhairshláinte agus chaith sé an tríocha bliain deireanach dá shaol in Ospidéal Naomh Conall i Leitir Ceanainn.  Taobh amuigh den obair chruthaitheach, chaith sé am agus dua le hobair aistriúcháin don Ghúm sna 1920adaí agus 1930adaí. Is iad Seán Mac Labhraí agus Fionntán de Brún na haoi-chainteoirí ar an gclár inniu, beirt a bhfuil ana chur amach acu ar shaothar chruthaitheach Mhic Ghrianna.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

Today, in the second programme in this series by Máiréad Uí Dhomhnaill about Irish-language authors, we hear about the life and work of the famed Donegal writer Seosamh Mac Grianna.
 

2 pm                                           Na Dubs 
Sa chlár seo inniu, beidh Cárthach Bán Breathnach ag breathnú siar ar éacht leaids Bhaile Átha Cliath, agus iad ag baint amach chúig Craobh Peile na hÉireann as a chéile.  Beidh idir lucht leanta dílis na Dubs, iar-imreoiri ar nós Coman Goggins agus Brian Mullins, agus na hiriseoirí Brian Barry agus Cian O’Connell, ar an gclár inniu, chomh maith le neart eile, agus iad ag breathnú siar ar na buaicphointí a bhain leis an gcúig cinn as a chéile a bhaint amach.

In this programme today Cárthach Bán Breathnach looks back at the historic 5-in-a-row win for the Dublin GAA Football team this year. 


5.05 pm                                        Bráithre an Cheoil 
Inniu, sa dara ceann de dhá chlár le Mac Dara ‘ac Dhonncha faoi thriúr de laochra an cheoil sa tír seo, Seán ‘ac Dhonncha, Seosamh Ó hÉanaí agus Séamus Ennis, beidh sé ag díriú ar saol an cheoil – na hOireachtaisí, na seisiúin, an cairdeas mór idir an triúr, agus a mbás. 

The second of two programmes about legendary traditional music figures, Seán ‘ac Dhonncha, Joe Heaney and Séamus Ennis, Mac Dara ‘ac Dhonncha will focus on their lives as musicians – at Oireachtaisí, sessions and other events, their great friendship, and finally their deaths.


6.30 pm                                       Canúintí 
Inniu, cloisfidh muid an dara clár sa mion-shraith seo le Rossa Ó Snodaigh dírithe ar chanúintí na Gaeilge sa lá atá inniu ann, canúintí dhaltaí i gceithre Ghaelscoil ach go háirithe.  Inniu, beidh Rossa i nGaelscoil Éirne i mBéal Átha Seanaidh i nDún na nGall.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

Rossa speaks to children and teachers in Gaelscoil Éirne in Ballyshannon in Co. Donegal today.



_____________________________________________________

Dé Sathairn 28 Nollaig

10 am                                        Aodh Ó Domhnaill – Liriceoir, Drámadóir, File
Cailleadh Aodh Ó Domhnaill ar 24 Eanáir 2018 in aois a 70 bliain.  Don 50 bliain roimhe sin, nó mar sin, bhíodh sé go leanúnach ag cumadh is ag scríobh agus i mbun cur chun cinn na Gaeilge.  Chum sé mórán amhrán i nGaeilge, agus i mBéarla chomh maith, faoi imeachtaí reatha, idir pholaitiúil agus chultúrtha, go minic le greann, íoróin agus géarchúis.  Chomh maith leis sin, scríobh sé mórán drámaí, sceitseanna, agallaimh beirte i nGaeilge agus i mBéarla, agus bhí sé lárnach in Aisteoirí Bulfin ar feadh blianta fada. Sa chlár seo, déantar ceiliúradh ar a shaol agus a shaothar, le taifeadtaí cartlainne leis féin, chomh maith le cairde agus comhghleacaithe leis, ina measc daoine a bhí sna grúpaí Na hUaisle agus Ty Bach leis.  Ar chuid acu siúd atá páirteach sa chlár, tá Pól Ó Duibhir, Gearóid Ó Murchú, Áine Ní Bheacháin, Liam Bairéad, Mícheál Ó Gruagáin, Fidelma Ní Ghallchobhair, Louis O’Byrne, Pádraig Ó Snodaigh, Áine Ní Ghlinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Nóirín Ní Chonghaile.  Is é Colm Mac Séalaigh láithreoir agus léiritheoir an chláir. Tá an clár seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse

A documentary about Aodh Ó Domhnaill, songwriter, dramatist, poet and writer, who died on 24 January 2018 at the age of 70. 
 

11.08 am                                       Beo ar Éigean
Caitheann Áine, Sinéad agus Siún súil siar ar bhliain chorraitheach, thaitneamhach agus chraiceáilte.  Cad atá rompu sa bhliain úr? Bígí ag éisteacht go gcloisfidh sibh!

A special edition of the popular podcast series Beo ar Éigean.


 

2 pm                                              Spórt an tSathairn 
Inniu ar an gclár, caithfidh Seán Bán Breathnach agus painéal saineolaithe súil siar ar an mbliain 2019 sa pheil, agus súil chun cinn ar 2020.

Seán Bán Breathnach and guests take a look back at the football year 2019, and a look ahead to 2020.
 

7 pm                                               Malairt Poirt le Muireann 
Inniu ar an gclár, beidh Muireann Nic Amhlaoibh ag casadh cuid de na rianta is mó a thaitin léi sa bhliain 2019.

Muireann Nic Amhlaoibh brings us some of her favourite tracks of 2019 for this year’s final programme.
 

__________________________________________________________

Dé Domhnaigh 29 Nollaig


3 pm                                              Spórt an Lae  
Inniu ar an gclár, caithfidh Micheál Mac Donnchadha agus painéal saineolaithe súil siar ar an mbliain 2019 san iomáint, agus súil chun cinn ar 2020.

Micheál Mac Donnchadha and guests take a look back at the hurling year 2019, and a look ahead to 2020.
 


5.30 pm                                          Súil Siar 1919  
Ar 19 Meán Fómhair a mhaítear a bhunaigh Micheál Ó Coileáin an buíon gunnadóirí ar a dtugaí ‘The Squad’.  Sa chlár deireanach sa tsraith inniu, pléann na staraithe Cormac Ó Comhraí agus Feargal Mac an Bhloscaigh conas a rinne Ó Coileáin a ghréasáin spiadóireachta a bhunú, nádúr na bhfear a bhí sa bhuíon gunnadóirí aige, agus an t-ionsaí a déanadh ar fhear ionaid an rí i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 1919.  Is é Dónall Ó Maolfabhail, thar cionn Scun Scan Productions, léiritheoir agus láithreoir na sraithe seo.

In the final programme in the series, historians Cormac Ó Comhraí and Feargal Mac an Bhloscaigh, look at how Michael Collins established his spying ring, the type of men who were part of The Squad, and the attempted assassination of the Lord Lieutenant of Ireland in December. 



 

6.30 pm                                              An Cúinne Dána
Ar chlár an lae inniu, caitheann Tristan Rosenstock súil siar ar bhuaicphointí ealaíon na bliana le Caoimhe Ní Chathail, Siún Ní Dhuinn, agus Maitiú Ó Coimín.

Caoimhe Ní Chathail, Siún Ní Dhuinn, and Maitiú Ó Coimín join Tristan Rosenstock today to reflect on the cultural highlights of 2019.
__________________________________________________________

Dé Luain 30 Nollaig

11.02 am                                           Slán le Gabhla
Tá sé os cionn leathchéad bliain ó druideadh Bunscoil Oileán Ghabhla amach ó chósta Thír Chonaill.  Chuir druid na scoile dlús le bánú an oileáin, agus bhí  formhór na dteaghlaigh imithe faoi 1970.  Labhair go leor de bhunadh an oileáin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta thar na mblianta faoina gcuimhní ar an oileán, an saol a chaith siad i nGabhla, agus an brón a bhain le himeacht go tír mór.  Tá athbheochan i nGabhla le blianta beaga, agus daoine a raibh dlúthcheangal acu leis an oileán ag pilleadh arís ar na seanfhóide.  Sa chlár seo, déanann Áine Ní Bhreisleáin cuid de na scéalta a craoladh san am a chuaigh thart ó mhuintir an oileáin a chuir i  láthair an phobail arís.

Áine Ní Bhreisleáin trawls through the RnaG archives in Donegal to bring us some of the interviews with islanders from Gabhla, or Gold Island, from over the years. 


 

1.30 pm                                              Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge
Inniu, beifear ag díriú ar Mhairéad Ní Ghráda.  Údar, múinteoir, rúnaí Earnáin de Blaghd sa chéad Dáil, eagarthóir le de Brún agus Ó Nualláin, ceannródaí le 2RN (Radio Éireann) an chéad bholscaire mná in Éirinn ach… thar aon ní eile, luaitear a hainm leis an obair a dhein sí do dhrámaíocht na Gaeilge.  An Triail an dráma is mó a tharraing cáil uirthi agus a choiméadann a hainm os comhar an phobal i gcónaí.  Cloisfidh muid faoi shaol agus shaothar Ní Ghráda sa chlár seo inniu.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

Today, in this series by Máiréad Uí Dhomhnaill about Irish-language authors, we hear about the life and work of Mairéad Ní Ghráda. 


2 pm                                                     Buile Bhóthair 
Sraith ghrinn drámaíochta ó pheann Ghabriel Rosenstock a chuireann síos ar bhuile bhóthair ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.  Ceithre dhráma uilig atá sa tsraith, a bheidh le cloisteáil ó Luan go Déardaoin an tseachtain seo.  Inniu, dráma faoi bheirt sheanbhean ar bhus atá á thiomáint ag tiománaí mire, agus atá lán le déagóirí nach mian leo comhrá ar bhusanna a thuilleadh.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

This is the first programme of four comic dramas from the pen of Gabriel Rosenstock, on the theme of road rage on Dublin streets, which will be broadcast from Monday to Thursday this week.   

6.30 pm                                                 Canúintí 
Inniu, beidh Rossa i mBunscoil an Traonaigh, Co. Fear Manach.  Beidh sé i mbun comhrá le múinteoirí agus daltaí sa scoil agus déanfaidh sé  comparáid idir na canúintí atá ann inniu, agus na canúintí traidisiúnta sa cheantar, idir Bhéarla agus Ghaeilge.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

In the third programme in this mini series by Rossa Ó Snodaigh examining the dialects of the Irish language, Rossa speaks to children and teachers in Bunscoil an Traonaigh in Fermanagh.
 

7 pm                                                      Sruth na Maoile @ 25  
Ceolchoirm mhór cheiliúrtha a craoladh beo as Glór in Inis, Co. an Chláir ag tús mhí Dheireadh Fómhair chun 25 bliain den chlár raidió Sruth na Maoile a cheiliúradh.  Is iad Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig a chuirfidh an choirm i láthair, le scoth na gceoltóirí as Éirinn agus Albain.  Ar an ardán anocht, bhí Karen Matheson agus Manus Lunny; Moya Brennan agus Cormac de Barra; Séamus Begley, Méabh Ní Bheaglaoich agus Donogh Hennessy; Zoë Conway and John McIntyre; Pádraig Rynne, Tara Breen agus Elaine Hogan; an t-amhránaí sean-nóis Bríd Ní Mhaoilchiaráin; Eabhal, grúpa óg as Albain; Ruairidh Gray, amhránaí agus boscadóir óg; Nuala Kennedy; agus na damhsóirí Gearóid agus Pádraic Ó Dubháin. 

A gala concert broadcast live from Glór in Ennis, Co. Clare, in October to celebrate 25 years of radio programme Sruth na Maoile. 



____________________________________________________________

Dé Máirt 31 Nollaig

11.02 am                                                 Séamus Ó Grianna   1889-1969
Tá sé 50 bliain i mbliana ó cuireadh Séamus Ó Grianna, nó Máire mar ab fhearr aithne air mar scríbhneoir, i gcré na cille.  Scríbhneoir bisiúil a bhí ann, a raibh saibhreas Gaeilge ina chuid scéalta.  I measc na leabhar is mó cáil a scríobh sé, bhí an t-úrscéal Caisleáin Óir agus an cnuasach gearrscéalta Cith is Dealán.  Sa chlár seo inniu, labharfaidh Damien Ó Dónaill le roinnt daoine a raibh aithne acu ar Shéamus, agus le daoine a bhfuil dian-staidéar déanta acu ar a shaol agus a shaothar, agus éistfidh muid le cuid den saibhreas a fágadh againn i gCartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta le Séamus, a mhac Feilimí agus a dheartháir Seán Bán.  Ar na haíonna ar an gclár, beidh an tOll Nollaig Mac Congáil, Dinnie Dhónaill Ó Dónaill, agus an Dr Tony Mac Ruairí.

This year was the 50th anniversary of the death of the famous Donegal writer Séamus Ó Grianna, or Máire as he was known.  In this programme today, Damien Ó Dónaill speaks to some of those who knew him about his life, and to others who have studied his work. 

1.30 pm                                                        Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge
Inniu, sa tsraith seo le Máiréad Uí Dhomhnaill faoi dheichniúr údar Gaeilge atá anois ar shlí na fírinne, beidh Gearóid Ó Luing agus Alan Titley sa stiúideo le Máiréad chun labhairt ar Sheán Ó Luing, staraí, file agus aistritheoir gairmiúil as Baile an Fheirtéaraigh.  Ba í an scríbhneoireacht bheathaisnéise is mó a chleacht Ó Luing agus beathaisnéisí scríofa aige faoi Art Ó Gríofa, John Devoy, Ó Donnabháin Rossa, Tomás Ághas, Kuno Meyer agus Kruger. D’fhoilsigh sé go leor aistí agus dhá cnuasach filíochta freisin, Bánta Dhún Úrlann agus Déithe Teaglaigh.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

Today, in this series by Máiréad Uí Dhomhnaill about Irish-language authors, she will be joined in studio by Gearóid Ó Luing and Alan Titley to discuss the life and work of Seán Ó Luing, historian, poet and professional translator from Baile an Fheirtéaraigh in West Kerry. 


6.30 pm                                                          Canúintí 
Inniu, cloisfidh muid an tríú clár sa mhion-shraith seo le Rossa Ó Snodaigh dírithe ar chanúintí na Gaeilge sa lá atá inniu ann, canúintí dhaltaí i gceithre Ghaelscoil ach go háirithe.  Inniu, beidh Rossa i nGaelscoil Chluainín, Co. Liatroma.  Beidh sé i mbun comhrá le múinteoirí agus daltaí sa scoil agus déanfaidh sé  comparáid idir na canúintí atá ann inniu, agus na canúintí traidisiúnta sa cheantar, idir Bhéarla agus Ghaeilge.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

The final programme in this mini series by Rossa Ó Snodaigh, he speaks to children and teachers in Gaelscoil Chluainín in Leitrim.
 

7 pm                                                                Ón Citywest go Leitir Móir
Tabharfar blaiseadh sa chlár seo de chuid den saothar a chuir muintir Chonamara ar an ardán ag Oireachtas na Gaeilge 2019 in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath agus iad páirteach in oíche cheiliúrtha an Oireachtais san Ionad Pobail le taobh Shéipéal Leitir Móir i dtús mhí na Samhna seo caite.  I measc an ábhair a chloisfear, beidh amhráin ar an sean-nós, lúibíní agus agallaimh beirte, dreas cainte chomh maith le ceol agus damhsa!  Is í Eibhlín de Bhailís a chuirfidh an clár i láthair.

We’ll hear the highlights here of the performances by those from Connemara, both young and old, at the Oireachtas festival in Citywest in October, as they performed them in the traditional celebratory concert in Leitir Móir after the festival. 
 

____________________________________________________________

Dé Céadaoin 1 Eanáir

11.02 am                                                           25   
Lá den tsaol bhí paca cártaí in achan teach sa tír agus cuid rialacha an chluiche 25 ar eolas ag líon an tí, ach an bhfuil an nós ag dul as cleachtadh?  An bhfuil an cluiche seo atá á imirt sa tír ó bhí an séú haois déag ann ligthe i ndearmad agus an dea-chaidreamh, an gaol agus an chuideachta a chruthaigh sé idir chomharsan ag imeacht in éag dá bharr?  Fiosraíonn Dónall Mac Ruairí an cheist sin sa chlár inniu, agus é ag freastal ar an oíche dheireanach den tséasúir ag scoil chártaí atá ag reáchtáil ag Colm Mac Ruairí i gCúl an Chnoic sna Rosann le roinnt blianta anuas.  Ina chuideachta ansin, tá Séamus Ó Fearraigh, Daniel Ó Rabhartaigh, Connie agus a dheartháir Dinny Mhary Mhicí Ó Gallchóir, Seán De Búrca agus Dinny Dhónaill Ó Domhnaill.

 Dónall Mac Ruairí examines the history of the traditional card game 25 in today’s programme. 
 

12.08 pm                                                          Maidíneach Chnoc Mheilearaí
Tá líon na mbráithre i Mainistir Chnoc Mheilearaí laghdaithe ó os cionn 150 i lár an chéid seo caite go dtí deichniúr anois.  Ordnaíodh an tAthair Uinseann Ó Maidín go dtí an Ord Cistéireach sa bhliain 1949, agus bhí sé lonnaithe ó shin, den chuid is mó, i Mainistir Chnoc Mheilearaí in iarthar Chontae Phort Láirge.  Sa chlár seo, caitheann sé súil siar ar na blianta fada atá caite aige mar shagart.  Cuireann sé síos ar stair an oird, agus ar a shaol féin agus é thar a bheith ionraic ar shaol na manach sna blianta siar.  Labhrann sé freisin faoi thodhchaí an oird, agus faoin spreagadh a fuair sé ó iar Phríomh Aire na Breataine do shearmóin a bhí á réiteach aige!  Is é Mac Dara Mac Donncha láithreoir agus léiritheoir an chláir.

Fr Uinseann Ó Maidín was ordained a Cistercian priest 70 years ago.  He has spent most of those years in Mount Melleray Abbey in Waterford, where the number of friars has fallen from 150 in the middle of the last century, to just ten now.  In this programme today, he looks back at his years in the priesthood. 


 

1.30 pm                                                              Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge
Is é Breandán Ó hEithir a bheidh faoi chaibidil sa chlár inniu, agus beidh an tOllamh Gearóid Denvir agus Máire Ní Neachtain sa stiúideo le Máiréad Uí Dhomhnaill don phlé.  Fear ildánach ab ea Ó hEithir, úrscéalaí, iriseoir cumasach idir clóite, raidió agus teilifís.  Bhí aithne air go forleathan mar thuairisceoir ar an gclár Féach ar RTÉ.  Ba é an t-úrscéal Lig Sinn i gCathú is mó a bhain cáil amach dó mar scríbhneoir cruthaitheach.  Bhí spéis ar leith aige i gcúrsaí spóirt, go háirithe na cluichí Gaelacha, agus rinne sé tráchtaireacht ar chluichí rugbaí ar RTÉ freisin.  Beidh plé ar a shaol agus a shaothar ar an gclár seo inniu.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse. 

Today, Breandán Ó hEithir will be the focus of this series by Máiréad Uí Dhomhnaill about Irish-language authors, and she will be joined in studio by Professor Gearóid Denvir and Máire Ní Neachtain.   

7 pm                                                                  Ceol Binn ó na Beanna 
Ceolchoirm ó fhéile Return to Camden Town i Londain i mí Dheireadh Fómhair a bheidh ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn anocht.  Ar chuid de na ceoltóirí a bhí ar stáitse agus a bheidh le cloisteáil againn ar an gclár, beidh Daithí Gormley, Theresa O’Grady, Dylan Carlos, Órlaith McAuliffe & Catherine McHugh;  John agus James Carty le Francis Gaffney; Mary Bergin agus Mick Conneely; Máirtín O’Connor, Cathal Hayden agus Seamie O’Dowd; Colm agus Kelly Gannon agus Pádraig Ó Dubhghail; Padraic Ó Conghaile lena gharchlann Ben & Ella Connolly; Tommy Mellett, Neansaí Ní Choisdealbha & Pete Quinn; agus The Dublin Lasses – Aoife O’Connor, Mary Corcoran agus Majella O’Beirne.

Neansaí Ní Choisdealbha brings us a talent-studded traditional music concert from the Return to Camden Town festival in London in October. 

_________________________________________________________

Déardaoin 2 Eanáir

11.02 am                                                         Croí Árainn Mhóir – Scéal an Dr Johnny Duffy
Rugadh Johnny Duffy ar Oileán Árainn Mhór amach ó chósta Thír Chonaill ar an 17 Márta 1933.  Cé gur Scoil Náisiúnta na Leibe Gairbhe an scoil ba chóngaraí dó ar an oileán, chuir a mháthair chuig scoil eile an oileáin é, sin Scoil Athphoirt, le cinntiú go mbeadh Gaeilge mhaith aige agus go mbeadh sé i dteideal deontais na Gaeltachta le freastal ar an mheánscoil agus ar an ollscoil.  D’éirigh leis, agus d'fhreastail sé ar Choláiste Éinde i mBóthar na Trá i nGaillimh. agus cháiligh sé mar dhochtúir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Chaith sé sealanna ag obair mar dhochtúir sa tír seo, i Londain, sa Mayo Clinic i Meiriceá agus sa Mheánoirthear, sular fhill sé ar chathair na Gaillimhe.  Tá spéis faoi leith aige i gcúrsaí ceoil, agus tá a mhac Caoimhín ina bhall den ghrúpa The Saw Doctors.  Chothaigh sé ceangal idir bunadh Árainn Mhór a chuaigh ar imirce go Beaver Island i Loch Michigan, agus bunadh an oileáin sa bhaile i dTír Chonaill, agus tá nasc láidir idir an dá áit ó shin.  Tá suim faoi leith aige sna sean leigheasanna a bhí ag bunadh Árainn Mhór, agus tá cuimhne aige ar an sean dream a ndéanamh ar an oileán. Labhair sé le hEdel Ní Chuireáin faoina shaol.

Johnny Duffy was born on Aranmore Island, Árainn Mhór, off the coast of Donegal on 17 March 1933. He speaks to Edel Ní Chuireáin about his life in the programme today.


 

1.30 pm                                                             Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge
Is í Úna Ní Mhaoileoin a bheidh faoi chaibidil sa tsraith seo inniu, agus beidh Réaltán Ní Leannán agus Róisín Ní Ghairbhí sa stiúideo le Máiréad Uí Dhomhnaill.  Chaith Úna Ní Mhaoileoin, mac léinn ealaíne, tréimhse san Iodáil sna 1950adaí.  Scríobh sí litreacha abhaile go dtí cairde agus gaolta agus bhí Bríd Bn. Uí Éigeartaigh (Sáirséal agus Dill) mar dhuine acu siúd.  Bhí cuntas beo bríomhar, greannmhar, ciniciúil, géarshúileach, sna litreacha ar an Iodáil agus muintir na tíre agus thuig Bríd an luach a bhí leo agus foilsíodh Le Grá Ó Úna i 1958.  Tháinig dhá leabhar taistil eile óna peann freisin, An Maith Leat Spaigití 1965 agus Turas go Túinis 1969.  Beidh plé ar a saol agus a saothar ar an gclár seo inniu.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse.

Today, Úna Ní Mhaoileoin will be the focus of the programme in this series on Irish-language authors by Máiréad Uí Dhomhnaill. 

7 pm                                                                      Éirinn is Alba 
Coirm cheoil le sárcheoltóirí as Éirinn, Alba agus an Bhreatain Bheag ó Scoil Samhraidh Willie Clancy 2019.  Ba iad na ceoltóirí a bhí páirteach a bheidh le cloisteáil againn anocht, Iain agus Mary MacGillivray; Ceri Rhys Matthews agus Julie Murphy; Ceri Jones agus Elsa Davies; Maighread Stiùbhart agus Murdo MacDonald; Shona Donaldson agus Paul Anderson; Helen MacInnes; Treasa Ní Mhiolláin;  Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinchinn; Thomas McCarthy; Catherine McEvoy  (Ceoltóir na Bliana TG4 2019) agus cairde; Nicky agus Anne McAuliffe; Brendan Mulkere (Gradam Comhaoine TG4 2019); James Keane; The Dublin Lassie agus The Carrowlagan Set Dancers.  Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.

A concert of the best in Scottish, Irish and Welsh traditional music from Scoil Samhraidh Willie Clancy 2019.

____________________________________________________________

Dé hAoine 3 Eanáir


11.02 am                                                                  Ár bPéire 
Go minic, is é cúrsa coitianta lánúin óg ar bith nó tréimhse a chaitheamh ag suirí, pósadh agus ansin páistí a thabhairt ar an tsaol, ach ní hé an gnáth scéal a bhí ag Áine Máire Uí Néill agus a fear céile Domhnall Ó Néill.  Bhí siad doirte dá chéile, agus an saol ar a mian acu go dtí gur shocair siad aghaidh a thabhairt ar thús a chur lena dteaghlach féin.  Chuaigh Dónall Mac Ruairí ar cuairt chucu agus iad ar saoire i Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill agus labhair sé leo faoi mar a mhéadaigh beirt go ceathrar.  Níor tharla sé go nádúrtha, go furasta nó go gasta ach sa deireadh thiar thall d’éirigh leo beirt a uchtú, gasúr agus girseach, agus an rud is iontaí faoi nó gur deartháir agus deirfiúr iad na páistí nach raibh aithne acu ar a chéile fiú. Rinne siad clann a thabhairt le chéile arís, agus tús curtha acu lena gclann féin.

Dónall Mac Ruairí speaks to Áine Máire Uí Néill and her husband Domhnall about how they had created their family, adopting a boy and a girl who were brother and sister, although they had never met.

1.30 pm                                                                  Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge
Is é Liam S. Ó Gógáin a bheidh faoi chaibidil sa chlár inniu.  Beidh Fidelma Ní Ghallchóir agus Liam Mac Amhlaigh sa stiúideo le Máiréad Uí Dhomhnaill chun a shaol agus a shaothar a phlé.  File, seandálaí agus foclóirí ab ea Liam S. Ó Gógáin, agus chaith sé ceithre bliana ag obair ar an dara heagrán d’fhoclóir an Duinninigh.  Scoláire ab ea é a d’fhoilsigh aistí léannta ar ghnéithe de chultúr na hÉireann agus chuir sé an-spéis i litríocht na hEorpa.  Bhí sé ag gabhail den fhilíocht ar feadh nach mór seachtó bliain agus foilsíodh sé cnuasach danta leis idir 1919 agus 1966.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse.

Today, Liam S. Gogan will be the featured author.  Máiréad Uí Dhomhnaill will be joined in studio by Liam Mac Amhlaigh and Fidelma Ní Ghallchóir to discuss his life and work. 

2 pm                                                                       Teachtaireachtaí Iarbháis
Nuair a thagann iascairí i mBinn Éadair ar chorp fir san fharraige, cuirtear fios ar na Gardaí mar is gnách, ach ní haon gnáth-chorpán atá ann.  Sa dráma comhaimseartha seo a leanann traidisiúin an seánra bleachtaireachta, tugtar an t-éisteoir ar thuras mistéireach le bleachtaire stuama agus é ag iarraidh an fhírinne a aimsiú faoi bhás hcraoltóir clúiteach. Is é Cathal Póirtéir a scríobh an dráma.  Tá an clár seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le hairgead ón gceadúnas teilifíse.

This play from the pen of Cathal Póirtéir is in the style of a whodunit detective story, which starts when the body of a well-known broadcaster is found by fishermen in Howth. 

 


 

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceol na Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Sylvester Mac uidhir.

Sylvester Mac uidhir.

 
Andy Caomhánach.

Andy Caomhánach.

 
Pól Ó Gallachóir.

Pól Ó Gallachóir.

 
Diane Ní Chanainn.

Diane Ní Chanainn.

 
Dónall Mac A Bhaird.

Dónall Mac A Bhaird.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

 
Maria Schäler

Maria Schäler

 
Emmet Ryan

Emmet Ryan

 
Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

 
Éamon Mallie, iriseoir

Éamon Mallie, iriseoir

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

 
Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

 
Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

 
Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

 
Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

 
Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

 
Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

 
Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

 
Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

 
Danny & Mary Collins.

Danny & Mary Collins.

 
Caoimhín Mac Aoidh.

Caoimhín Mac Aoidh.

 
An Cllr. Anthony Molloy.

An Cllr. Anthony Molloy.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

 
Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

 
Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

 
An t-Ollamh  Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An t-Ollamh Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Eimear McGovern

Eimear McGovern

 
Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

 
Teachtaí Dála

Teachtaí Dála

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
33ú Dáil ag teacht le chéile

33ú Dáil ag teacht le chéile

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Branar: Marc Mac Lochlainn

Branar: Marc Mac Lochlainn

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís